Fógraíonn McConalogue maoiniú méadaithe don Talmhaíocht, Bia agus Iascaigh sa Bhuiséad 2022
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, sonraí faoi Bhuiséad 2022 a Roinne inniu. Soláthraíonn na meastacháin vóta comhlán de €1.858 billiún don Roinn. Tá sé seo sa bhreis ar bheagnach €1.2 billiún in íocaíochtaí díreacha arna maoiniú ag an AE a fhaightear go bliantúil chun tacú le hioncam feirme agus chun dea-chleachtais talmhaíochta agus comhshaoil a chúiteamh.
Cuirfear tuilleadh maoinithe ar fáil do na hearnálacha Iascaigh agus Talmhaíochta-Bhia in 2022 tríd an gCúlchiste Coigeartaithe Breatimeachta (BAR).
Ag labhairt tar éis an Bhuiséid, dúirt an tAire:
“In am an aistrithe, is féidir le feirmeoirí a bheith muiníneach go gcosnaíonn an buiséad seo ioncam teaghlaigh feirme agus go dtacaíonn sé le gníomhaíocht chun sábháilteacht agus inbhuanaitheacht ar fheirmeacha a fheabhsú, d’éirigh linn na scéimeanna feirme ríthábhachtach uile a chothabháil agus ligfidh an soláthar buiséid dúinn soláthar a dhéanamh do mhaoiniú breise do roinnt tosaíochtaí beartais.”
Áireofar ar phríomhghnéithe an bhuiséid:
• €872 milliún i maoiniú do thacaíochtaí Forbartha Tuaithe agus Foraoiseachta, lena n-áirítear:
o Níos mó ná €100 milliún i dtacaí spriocdhírithe d’earnálacha na mairteola agus na gcaorach lena n-áirítear BDGP, BEEP-S, an Scéim Leasa Caorach agus an Clár um Lao Déiríochta
o € 80m le haghaidh infheistíochtaí ar fheirmeacha trí TAMS lena n-áirítear tacaíochtaí sonracha do shuiteáil fuinnimh gréine
• € 157 milliún d’iascaigh agus do phobail chósta atá ag brath ar iascaireacht
• € 7 m do scéimeanna infheistíochta caipitil Fiontraíocht Éireann, chun tacú leis an earnáil feola agus déiríochta infheistíocht a dhéanamh in éagsúlú táirgí agus margaidh níos fearr
• €4m chun Oifig Ombudsman Bia a bhunú
• Tionscnamh nuálach chun cúnamh a dheonú agus tacú le plandáil il-speicis
• Rochtain leanúnach ar scéimeanna iasachta solúbtha trí Chorparáid Bhaincéireachta Straitéiseach na hÉireann d’fheirmeoirí, iascairí agus FBManna bia agus dí
• €15m chun leanúint leis an scéim samplála ithreach
• €1.5m breise chun tacú le hobair Eagraíochtaí Leasa Ainmhithe, ag comhlíonadh an tiomantais sa Chlár don Rialtas an maoiniú seo a dhúbailt
• €2m breise chun tacú le tionscnaimh sábháilteachta feirme
• €21m chun tacú le feirmeoireacht orgánach
• Pacáiste cánach a chosnaíonn an faoiseamh dleachta stampa d’fheirmeoirí óga, oilte, agus faoiseamh stoic, agus a leathnaíonn an faoiseamh máil atá ar fáil faoi láthair do mhicrea-grúdlanna agus do tháirgeoirí ceirtlise
Ag déanamh tráchta ar na leithdháiltí ar a réimsí freagrachta, dúirt an tAire Stáit Seanadóir Pippa Hackett:
“Tacaíonn an buiséad seo le cleachtais fheirmeoireachta atá neamhdhíobhálach don dúlra agus tugann sé tosaíocht do ghníomhú ar son na haeráide agus don bhithéagsúlacht. I mo réimsí freagrachta féin, tá lúcháir orm méadú mór a fháil ar an mbuiséad d’fheirmeoireacht orgánach. Méadaíodh maoiniú don Scéim seo go €21 milliún suas ó €16m anuraidh. Sa bhreis ar thacaíochtaí eile don earnáil orgánach méadaíonn sé seo an buiséad atá ar fáil d’orgánaigh faoi dhó ón uair a chuaigh mé i mbun oifige níos lú ná dhá bhliain ó shin. Tá a fhios agam go bhfuil suim ag go leor feirmeoirí an t-aistriú a dhéanamh - tacóidh sé seo leo agus iad ag déanamh amhlaidh.”
Dúirt an tAire Stáit a bhfuil freagracht air as Sábháilteacht Feirme, Martin Heydon TD:
“Is é seo an chéad uair a cuireadh buiséad tiomnaithe ar fáil do thionscnaimh shonracha sábháilteachta feirme atá dírithe ar ráta na dteagmhas tromchúiseach agus marfach ar fheirmeacha a laghdú. Tá rún daingean agam athrú cultúir a chur chun cinn ar ár bhfeirmeacha chun iad a dhéanamh níos sábháilte agus beidh ról ollmhór ag an gciste seo sna hiarrachtaí seo. Cuirim fáilte freisin roimh na leithdháiltí láidre de €153m do Theagasc agus €53m do Bhord Bia. "
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire McConalogue:
“Táim sásta go soláthróidh an teaglaim de thacaíochtaí airgeadais díreacha agus faoisimh chánachais sa bhuiséad seo, mar aon leis na tacaíochtaí atá le soláthar faoin gCúlchiste Coigeartaithe Breatimeachta go luath amach anseo, pacáiste maith, cothrom de bhearta d’fheirmeoirí, d’iascairí, do phobail chósta agus d’earnáil an bhia in 2022. Táim ag tnúth le bheith ag obair go dlúth leis na hAirí Hackett agus Heydon maidir leis na cuspóirí seo a shaothrú in 2022.
“Táim ag obair go dlúth freisin le mo chomhghleacaí an tAire McGrath chun pacáiste airgeadais a thabhairt chun críche don CBT nua a thacóidh leis an earnáil Agraibhia agus le pobail tuaithe sa tréimhse ó 2023 go 2028. Tá súil agam fógra eile a dhéanamh faoi seo go luath.”
CRÍOCH