Passage, Fold & Multipolar John Noel Smith ag Gailearaí Farmleigh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Léiríonn Oifig na nOibreacha Poiblí an taispeántas Passage, Fold & Multipolar le John Noel Smith ag Gailearaí Farmleigh. Cuardaíonn an taispeántas trí mhórghnéithe i saothar Smith le déanaí.
Tá an sraith Passage series, gné nua aige, machnamhach agus anailíseach, ach ag an am gcéanna ceiliúrann sé patrúin na beatha idir rithimeach agus neamhrialta le tríthoiseacht beoga optúil.
Tá an leagan amach triptice lárnach ins na pictiúirí Fold. Anseo, tá dhá phainéal smaointeach ar cheachtar taobh den phainéal láir, áit a bhfuil fórsaí – imtharraingt, comhtháthú, ordú – chomh maith le coinbhinsiúin chultúrtha faoi scrúdú, rud a chruthaíonn contanam ilpholach mar struchtúr amháin atá comhtháiteach agus inmheánach.
Déanann an sraith Multipolar comhordú ar chartagrafaíocht an láir leis imeall, ach fós ag cuimsiú neamhréiteacht ina struchtúr bunaidh, rud a osclaíonn réimse nua físe.
Dúirt Coimisinéir OPW John McMahon:
“Is iontach é daoine a fheiceáil ag dul amach arís agus tá áthas orainne ag OPW taispeántais spreagúla a sholáthar ins na suíomhanna iomadúla againn. Léiríonn na taispeántais seo ceirmighliteagraif, pictiúirí agus dealbha agus maraon leis na suíomhanna oidhreachta tá cead isteach saor in aisce ar feadh na bliana. Molaim do chách teacht amach agus cuairt a thabhairt ar na taispeántais agus ar na suíomhanna iontacha seo le linn a laethe saoire ins na míonna atá romhainn.”
Le 45 bliana anuas, dhein John Noel Smith pictiúirí ina bhfuil déineacht aonarach; cuimsíonn a shaothar cumhachtach teibí beogacht chomh maith le dromchlú fineálta. Tá coimhlint agus réiteach lárnach ina shaothar. Tá na pictiúirí de shíor idir imphléasc agus athnuachan. Deir sé féin: “Léirítear comtháthú seachas scoilteadh.”
Ní scrúduithe foirmiúla a shaothar, ach táipéisí nasctha agus cuardach cultúrtha a chuireann bonn eolais faoi spiorad na haoise. Ní cúram dó an Zeitgeist seo a léiriú, ámh, ach a thréithe máistreachta a cheistiú níos doimhne chun greim a fháil ar a bhunús inmheánach. Feictear ar an easba crutha sa tsochaí mar staid nach mór dúshlán a thabhairt faoi.
-CRÍOCH-
Taispeántas: Gailearaí Farmleigh, Teach Farmleigh, Caisleán Cnucha, Baile Átha Cliath 15
Dátaí: 18 Meitheamh go 5 Meán Fómhair 2021
Ar oscailt: Máirt - Domhnach
10am – 5pm (Dúnta am lóin 1-2pm)
Cead isteach saor in aisce