Faomhadh an Rialtais faighte ag an Aire Naughton do shraith nua stampaí ó An Post, lena n-áirítear dearaí chun mhná den scoth na hÉireann sa spórt a cheiliúradh
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fuair an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht maidir le Seirbhísí Poist, Hildegarde Naughton, faomhadh an rialtais an tseachtain seo chun dearaí na chéad sraithe stampaí eile a eiseoidh An Post.
D'fháiltigh an tAire Naughton roimh na dearaí nua, lena n-áirítear clár de shé stampa a dhéanann ceiliúradh ar mhná na hÉireann sa spórt, rud atá thar a bheith tochtmhar agus Lá Idirnáisiúnta na mBan á cheiliúradh ag an domhan ar an 8 Márta.
Cuimsíonn an tsraith dearaí sé stampa chun mná na hÉireann sa spórt a chomóradh. Déanann an topaic seo ceiliúradh ar rath mhná na hÉireann thar réimse leathan spóirt. Beidh na daoine seo a leanas sa tsraith seo de shé stampa seo: Sonia O’Sullivan; Katie Taylor; Kellie Harrington; Rachael Blackmore; Ellen Keane; agus Foireann Haca na hÉireann (Mná).
Breathnaíonn an tsraith nua - Ealaín ar Stampa- siar thar 100 bliain de stampaí. Is rogha é de na healaíontóirí agus na dearthóirí Éireannacha is fearr a chuir le stampaí na hÉireann le céad bliain anuas. Tá gach ceann de na stampaí a roghnaíodh faofa ag an Rialtas roimhe seo mar chuid de chlár stampaí comórtha. Tá 36 stampa sa tsraith nua – i dtrí shraith de 12. Táthar ag súil go mbeidh an tsraith stampaí seo ar fáil ar feadh tréimhse ceithre bliana.
Tá stampa sa tsraith nua freisin chun comóradh a dhéanamh ar chéad bliain ó bhás Mhíchíl Uí Choileáin.
Agus í ag cur fáilte roimh an tsraith nua de dhearaí stampaí, dúirt an tAire Naughton:
"Ceiliúrann na stampaí seo éachtaí mhná na hÉireann sa spórt – ní amháin anseo in Éirinn ach ar an ardán domhanda. Tá sé thar a bheith tráthúil go n-eiseoidh An Post na stampaí seo roimh Lá Idirnáisiúnta na mBan, a bheidh ar siúl i mbliana Dé Máirt, 8 Márta.
"Tá sé ceart go gceiliúrfaimis rath mhná na hÉireann sa spórt agus is é Lá Idirnáisiúnta na mBan an t am is fearr chun comóradh a dhéanamh ar an rath sin. Tá an-mheas agam ar mhná na hÉireann sa spórt, eiseamláirí lárnacha is ea iad do chailíní óga – ar fud na tíre. Léiríonn siad conas rath a bhaint as neart, athléimneacht agus diongbháilteacht nuair a shocraíonn tú féin, nó d'fhoireann, sprioc agus iarracht a dhéanamh é a bhaint amach. Tá go leor le bheith bródúil as in Éirinn maidir lenár lúthchleasaithe mná. Tá bealach cruthaithe acu do mhná sa spórt ar an ardán domhanda. Fad saoil do rath gan teorainn do na glúnta atá le teacht de mhná agus de chailíní na hÉireann."
CRÍOCH
Is í an tsraith nua Ealaín ar Stampa comóradh ar Dheich mBliana na gCuimhneachán. Is siombail laethúil den cheannasacht é an stampa poist agus taispeánfaidh an tsraith Ealaín ar Stampa stair agus cultúr saibhir na hÉireann le 100 bliain anuas.
Roghnaíodh na híomhánna stampaí ó stampaí comórtha a bhí ann idir 1922 agus 2022. Gabhann na stampaí roghnaithe meascán de na meáin – péinteáil, léaráidí agus grianghrafadóireacht, lena n áirítear an caighdeán is airde de shaothar ealaíne agus dearaí. Bhunaigh An Post fochoiste don tsraith seo ina raibh sainchomhairle maidir le roghnú saothair ealaíne. D'aithin An Post 36 íomhá oiriúnach.
Beidh an chéad sraith chríochnaitheach eile de stampaí - Ealaín ar Stampa - ar an Deichiú Sraith. Tugadh isteach an tacar reatha, bunaithe ar stair na hÉireann trína réada i mí Eanáir 2017. Cuirfear deireadh de réir a chéile leis go luath in 2022.
Ní hionann an tSraith Chríochnaitheach de Stampaí agus an Clár Bliantúil de Stampaí Comórtha sa mhéid is go bpléann sí le sraith topaicí faoi théama ar leith.