Seolann na hAirí O'Gorman agus Humphreys tionscnamh An Leabharlann Bheag chun grá don léitheoireacht a spreagadh i measc leanaí óga
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannas, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, TD, agus an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys, TD, go gcuirfí an Tionscnamh An Leabharlann Bheag na Chéad 5 i bhfeidhm. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal tacú le forbairt leabharlanna beaga i suíomhanna fhoghlaim agus chúram na luathóige agus grá do leabhair agus don léitheoireacht a spreagadh i measc ár leanaí is óige.
Faoin tionscnamh seo, tugtar cuireadh do níos mó ná 4,500 suíomh fhoghlaim agus chúram na luathóige málaí leabhar agus acmhainní eile saor in aisce a bhailiú óna leabharlann áitiúil agus iad ag athoscailt an tseachtain seo chugainn.
Ag labhairt dó faoin tionscadal, dúirt an tAire O'Gorman:
“Tá an-áthas orm cur i bhfeidhm an Tionscnaimh An Leabharlann Bheag a fhógairt, a nascann ár seirbhísí fhoghlaim agus chúram na luathóige go hoifigiúil leis an tseirbhís náisiúnta leabharlainne. Agus í ag tacú leis an nasc seo, tá súil ag mo Roinn mar aon le seirbhísí fhoghlaim agus chúram na luathóige spreagadh a thabhairt do ghlúin nua grá ar feadh an tsaoil a bheith acu don léitheoireacht, agus go gcruthóidh an tionscadal seo níos mó nasc idir leabharlanna áitiúla agus seirbhísí fhoghlaim agus chúram na luathóige agus na teaghlaigh agus na pobail a bhfreastalaíonn siad orthu."
Is comhoibriú é an tionscadal idir an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (DCEDIY), an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail (DRCD) agus an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (LGMA). Tá € 650,000 curtha ar fáil don tionscadal ó DCEDIY agus DRCD.
Déanfaidh an Tionscnamh An Leabharlann Bheag na Chéad 5 an méid seo a leanas:
Ag fáiltiú di roimh an Tionscnamh, dúirt an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail Heather Humphreys TD:
“Is éard atá i gceist leis an tionscnamh seo ná spreagadh a thabhairt do leanaí léamh ó aois an-óg - a gcuid samhlaíochta a spreagadh agus pléisiúr na scéalaíochta a thabhairt dóibh. Mar Aire le freagracht as leabharlanna poiblí, tá áthas orm tacú leis an tionscnamh seo.
“Tabharfaidh an comhoibriú seo idir na seirbhísí Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige agus na 330 leabharlann phoiblí ar fud na tíre deis do theaghlaigh rochtain a fháil ar na leabhair. Cuirfidh sé luathfhorbairt teanga agus litearthachta chun cinn freisin atá ríthábhachtach do leanaí san oideachas agus níos faide anonn."
Tá dáileadh An Leabharlann Bheag na Chéad 5 á bhainistiú ag an nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil, le málaí leabhar agus acmhainní le heisiúint chuig leabharlanna ón lá inniu, réidh le bailiú ó shuíomhanna Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige ón Luan seo chugainn (10 Bealtaine). Dúirt Colette Byrne, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chill Chainnigh thar ceann earnáil na leabharlainne poiblí:
“Tá leabharlanna poiblí bródúil as tacú leis an tionscnamh Mála Leabhar ón Leabharlann Bheag - gné nua a bhfuil fáilte roimpi sa chlár Ceart chun Léitheoireachta atá ag leathnú. Chabhraigh foireann na leabharlainne chun Ceart chun Léitheoireachta a fhás le cúpla bliain anuas, ag tairiscint imeachtaí agus acmhainní do leanaí, do theaghlaigh agus do dhaoine aonair i rith na bliana. Is iontach an rud é go mbeidh leanaí i suíomhanna Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige ag baint leasa anois as an gclár sa timpeallacht sin agus as na héifeachtaí dearfacha go léir a thagann leis an léitheoireacht mar fhéinmheas agus folláine, torthaí sóisialta agus sláinte agus cáilíocht beatha níos fearr ar an iomlán agus iad ag fás aníos."
CRÍOCH
Tá dhá chineál mála leabhar ann a bhfuil cúig leabhar iontu:
Tá 5 leabhar scéalta i ngach mála do leanaí arna roghnú ag an tseirbhís leabharlainne náisiúnta do leanaí suas go dtí cúig bliana. Tá roinnt acmhainní sa mhála freisin ó na leabharlanna lena n-áirítear cárta leabharlainne agus treoir don leabharlann áitiúil sin. Tá dhá leabhrán forbartha go speisialta ann chomh maith a d’fhorbair Barnardos don tionscadal An Leabharlann Bheag Na Chéad 5, ceann amháin maidir le leabhair agus scéalta a úsáid le leanaí faoi 5 agus an ceann eile ina bhfuil treoir ar leabharlann bheag a fhorbairt sa suíomh fhoghlaim agus chúram na luathóige.
Leithdháiltear málaí ar shuíomhanna Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige de réir líon na leanaí sa suíomh agus tugtar mála amháin do sheirbhísí le níos lú ná 38 leanbh, leithdháiltear dhá mhála ar sheirbhísí le 39-100 leanbh agus leithdháiltear 3 mhála ar sheirbhísí le 101 nó níos mó leanbh cláraithe.
Tá sé beartaithe an dara soláthar de Mhála Leabhar ón Leabharlann Bheag a reáchtáil san fhómhar a bheidh ceangailte leis an bhFéile Leabhar do Leanaí.
Ar dtús bhí maoiniú don Tionscnamh seo comhdhéanta de Chiste na gCuntas Díomhaoin de €100,000 ó DCRD agus €100,000 ó DCEDIY. Leithdháil DCEDIY €450,000 breise an 8 Nollaig ó Chiste na gCuntas Díomhaoin, rud a thug an maoiniú iomlán don tionscnamh seo go €650,000.
Faoi Thionscnamh An Leabharlann Bheag Na Chéad 5, tabharfar deis do 4,500 seirbhís Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige, lena n-áirítear feighlithe leanaí, ceangal a dhéanamh lena leabharlann áitiúil agus sraith málaí leabhar a fháil i mí na Bealtaine agus arís i mí Dheireadh Fómhair. Beidh cóipeanna de leabhair roghnaithe do na málaí leabhar sa líonra 330 leabharlann phoiblí freisin, a bheidh ar fáil ar iasacht do thuismitheoirí agus/nó le coinneáil sa leabharlann le haghaidh am scéalaíochta agus coirnéil léitheoireachta. Beidh málaí leabhar ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.
Is é atá i gceist le Na Chéad 5 (a foilsíodh in 2018) Straitéis Uile-Rialtais deich mbliana do Naíonáin, Leanaí Óga agus a dTeaghlaigh. Cuimsíonn Na Chéad 5, ina phlean feidhmithe, breis agus 150 gníomh agus tiomantas do mhórthionscnaimh maidir le saoire teaghlaigh, seirbhísí sláinte leanaí, tacaíochtaí tuismitheoireachta, pobail a thacaíonn le leanaí agus suíomhanna Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige. Cuirfidh an Straitéis leis an luathóige agus cuirfidh sí go mór le saol leanaí óga, a dteaghlaigh agus an tsochaí sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ar shuíomh gréasáin Na Chéad 5.