Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann: €15 milliún i maoiniú fógartha ag an Aire Humphreys chun bailte & sráidbhailte faoin tuath a athbheochan
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá €15 milliún i maoiniú fógartha ag an Aire Forbartha Pobail agus Tuaithe, Heather Humphreys TD inniu (Dé Luain an 3 Bealtaine) chun cuidiú le hathbheochan a dhéanamh ar bhailte agus ar shráidbhailte tuaithe na hÉireann i ndiaidh Covid-19.
Tá Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte leagtha amach chun borradh nua a chur faoi phobail tuaithe - le go ndéanfar áiteanna díobh a bheidh níos deise le cónaí iontu, le bheith ag obair iontu, le bualadh le chéile iontu agus le clann a thógáil iontu.
Is príomhchuid de Thodhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann - straitéis cúig bhliana an Rialtais chun ceantair thuaithe na hÉireann a athbheochan - an tionscnamh.
I measc na mbeart a dtacóidh Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte na bliana 2021 leo beidh:
Is trí na hÚdaráis Áitiúla a dhéantar Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte a riar, a mbíonn orthu oibriú go dlúth le pobail áitiúla agus le gnónna áitiúla chun tograí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.
Tá an deontas uasta €200,000 a bhí ar fáil i mblianta roimhe seo méadaithe go dtí €500,000 faoi scéim na bliana seo chun go mbeifear ábalta tacú le tionscadail ar scála mór.
Ag seoladh na Scéime inniu dúirt an tAire Humphreys:
"Mar chuid de bheartas nua uaillmhianach an Rialtais d'fhorbairt tuaithe, Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann, táim meáite ar bhailte agus ar shráidbhailte tuaithe na tíre a bheith ina n-áiteanna bríomhara agus deasa le bheith ina gcónaí iontu, le bheith ag obair iontu, le bualadh le chéile iontu agus le clann a thógáil iontu.
"Mar chuid den Chiste €15 milliún atáim a fhógairt inniu, ba mhaith liom líon níos mó de thionscadail nuálacha agus iontacha a fheiceáil ag teacht chun cinn chun difear ceart agus buan a dhéanamh i mbailte agus sráidbhailte na tíre.
"Díreofar ar fhoirgnimh dhearóile agus fholmha a athchóiriú i lár bhailte na tíre agus úsáid nua a bhaint astu - cibé más don chianobair, ar mhaithe le cúrsaí cultúir nó chun go mbainfeadh an pobal úsáid astu a bheidh siad. Tá méadú go dtí €500,000 déanta agam ar an deontas uasta i mbliana chun go mbeifear ábalta tionscadail ar scála mór agus atá uaillmhianach a chur chun cinn.
"Ba mhaith liom go bhfeicfinn Údaráis Áitiúla i mbun rannpháirtíochta le gnónna agus le húinéirí maoine áitiúla ar phríomhshráideanna na tíre agus tionscadail chomhoibríocha a chur chun cinn chun aghaidheanna siopaí a uasghrádú agus slacht a chur ar shráid-dreacha na hÉireann. Tá tacaíocht ar fáil freisin chun múrphictiúir a chruthú i lár bailte, múrphictiúir a d'fhéadfadh a bheith in ómós do phearsanra nó d'imeachtaí cultúir nó spóirt áitiúil. Is faoi dhath agus faoi bheocht a chur faoi bhailte agus faoi shráidbhailte na tíre an scéim, ar mhaithe le háiteanna níos deise le cónaí iontu, le hoibriú iontu agus le cuairt a thabhairt orthu a dhéanamh astu.
"Níos tábhachtaí fós, ba mhaith liom an fuinneamh atá ann don chianobair a thapú agus is í sin an chúis go bhfuilim ag tacú le hÚdaráis Áitiúla feachtais margaíochta nuálaíochta a rith chun béim a leagan ar atá ar fáil ina gceantar i dtaobh saoráidí cianoibre chomh maith le taitneamhachtaí áineasa. Is faoi bhailte agus sráidbhailte na hÉireann a chur i láthair an scéim seo chun cianoibrithe agus an dream a dtugtar na 'fánaithe digiteacha' orthu a mhealladh chun cur fúthu i gceantair thuaithe na hÉireann."