Spreagann an tAire Donohoe gnóthais chun iarratas a dhéanamh ar íocaíocht atosaithe feabhsaithe faoin CRSS agus iad ag athoscailt
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tar éis don Rialtas a fhógairt an tseachtain seo caite go bhféadfadh an fáilteachas faoi dhíon a athoscailt ón lá an lae inniu ar aghaidh, meabhraíonn an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe TD, do ghnóthais a d’fhéadfadh a athoscailt anois gur féidir leo éileamh a dhéanamh ar íocaíocht bhreisithe na Scéime Tacaíocht um Shrianta Covid (CRSS).
Is féidir le gnóthais éileamh a dhéanamh ar an íocaíocht atosaithe, faoin scéim, laistigh d’ocht seachtaine ó dháta an athoscailte. Is féidir éilimh a dhéanamh tríd an tairseach éilimh maidir le CRSS, atá ar fáil tríd an gcóras r-Íocaíochtaí ar ROS. Rinne na Coimisinéirí Ioncaim a dtreoirlínte a nuashonrú chun cabhrú le gnóthais agus is féidir iad seo a fháil ag an nasc seohttps://www.revenue.ie/en/corporate/press-office/budget-information/2021/crss-guidelines.pdf .
Déantar foráil maidir leis na híocaíochtaí atosaithe breisithe san Acht Airgeadais (Covid-19 agus Forálacha Ilghnéitheacha), a síníodh ina dhlí an 19 Iúil. Tá gnólachtaí a cháiligh le haghaidh CRSS atá ag athoscailt tar éis an 2 Meitheamh incháilithe le haghaidh íocaíochta breisithe ‘um sheachtain an atosaithe’, a chlúdóidh tréimhse trí seachtaine ar dhá oiread an ghnáthráta. Cuideoidh sé seo leo chun na costais bhreise a bhaineann leis an athoscailt a chlúdach.
Dúirt an tAire:
‘Is tacaíocht shuntasach é an CRSS do ghnólachtaí a ndeachaigh rialacháin sláinte poiblí i bhfeidhm orthu, agus a raibh orthu srian a chur ar rochtain ar a n-áitribh dá bharr. Tugann an tAcht tacaíocht bheisithe do na gnólachtaí seo agus iad ag athoscailt agus mholfainn dóibh iarratas a dhéanamh ar an íocaíocht thrí seachtaine ar dhá oiread an ghnáthráta’.
Amhail an 15 Iúil, bhí 22,800 gnólachtaí agus 26,800 áitreabh cláraithe leis na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh an CRSS (ag céim an iarratasóra san áireamh). Astu siúd, d’éiligh 12,300 díobh ar sheachtainí ‘atosaithe’ agus tá siad ag trádáil anois gan tacaíocht an CRSS.
Chuir an tAire leis:
‘Is iontach an rud é an méid gnólachtaí a fuair tacaíocht i rith na tréimhse rochtana srianta agus atá ag athoscailt anois gan rochtain ar CRSS a bheith ag teastáil uathu mar thacaíocht go deo. Íocadh €655 milliún san iomlán le gnólchtaí faoin CRSS ó tugadh isteach é sa Bhuiséad anuraidh. Tá an méid seachtainiúil atá á íoc ag laghdú go mór anois de réir mar a athosclaíonn gnólachtaí’.
“Bhí sé geallta agam agus ag an Rialtas i gcónaí nach mbeadh aon deireadh toban leis na tacaíochtaí. Tá na tacaíochtaí breisithe um an athoscailt ag maolú an caillteanas atá ag gnólachtaí nach bhfuil incháilithe a thuilleadh leis an CRSS mar gheall orthu a bheith oscailte arís. Is é an tuiscint atá agam féin air seo ná gur cuid den phróiseas chun na tacaíochtaí gnó a scaoileadh de réir a chéile, rud a fágfaidh go dtabharfar an t-airgeadas poiblí ar ais go staid inbhuanaithe de réir a chéile agus a thacóidh leis an téarnamh eacnamaíoch."
Scéim Tacaíochta um Athshlánú Gnó (BRSS)
Tá foráil déanta leis an Acht freisin don BRSS, a bheidh curtha i bhfeidhm i Meán Fómhair 2021. Tá an scéim seo á tabhairt isteach do ghnólachtaí atá leochaileacha ach inmharthana, go háirithe in earnálacha a raibh tionchar suntasach ag an bpaindéim orthu, fiú le linn tréimhsí nuair a bhí na srianta maolaithe. Beidh gnóthais a bhfuil laghdú 75% tagtha ar a láimhdeachas don tréimhse tagartha, an 1 Meán Fómhair 2020 go dtí an 31 Lúnasa 2021, i gcomparáid le 2019, incháilithe.
Ní chuirfear srian ar an scéim mar gheall ar shuíomh, an ráta íocta ná an áiteabh. Beidh gnólachtaí a bhain leas as scéimeanna eile roimhe seo, leithéidí an scéim cúnaimh um Covid do ghnóthais bheaga agus an scéim leanúnachais ghnó turasóireachta, mar shampla, chomh maith leis an CRSS, incháilithe le hiarratas a dhéanamh ar íocaíocht aonuaire bunaithe ar chéatadán don mheán-láimhdeachas seachtainiúil atá acu don bhliain 2019, faoi réir uasíocaíochta de €15,000, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad na critéir cháilitheacha. Is féidir le carthanachtaí agus comhlachtaí spóirt ceadaithe a bheith incháilithe leis freisin.
Tá tuilleadh sonraí faoi le fáil ag https://www.revenue.ie/en/self-assessment-and-self-employment/brss/index.aspx .
Nótaí d’eagarthóirí
Mhéadaigh an t-uasmhéid is féidir a éileamh mar an íocaíocht fheabhsaithe (atosú) i leith gach aon cheann de na seachtainí clúdaithe, suas ó €5,000 go dtí €10,000 (is é € 30,000 an uasíocaíocht iomlán).
Tá treoirlínte athbhreithnithe don CRSS ar fáil ag https://www.revenue.ie/en/corporate/press-office/budget-information/2021/crss-guidelines.pdf .