Réamhaisnéis na Leithe Uisce Samhain 2019
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Gach bliain, cuireann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM) i gcomhar le Met Éireann comhairle ar fheirmeoirí maidir leis an mbaol galair atá á thuar de bharr ionfhabhtú leithe uisce (Fasciola hepatica) i mbeostoc. Tá an réamhaisnéis seo bunaithe ar shonraí meitéareolaíoch a bhailíonn Met Éireann idir Bealtaine agus Deireadh Fómhair.
An Réamhaisnéis Galair - Achoimre
De réir Innéacs Samhraidh Ollerenshaw 2019 (Fíor 1), is i gCúige Uladh, i gCúige Chonnacht, i dtuaisceart Chúige Laighean agus le cósta Chúige Mumhan is mó a bhfuil baol ann go mbeidh caillteanas níos airde i gceist agus meastar go mbeidh caillteanas measartha i gceist i ndeisceart Chúige Laighean agus sa gcuid eile de Chúige Mumhan. Ach ní mór d'fheirmeoirí i limistéir a bhfuil baol níos ísle i gceist a bheith fós ar an airdeall maidir le comharthaí galair.
Fíor 1. Luacha Innéacs Samhraidh Ollerenshaw 2019 agus an baol galair atá ann de bhar leithe uisce
Baol Galair
<300 íseal
300 – 400 meán
400 ard
Uirlisí Eile chun Baol maidir le hIonfhabhtuithe Leithe Uisce a Aithint
Suirbhé ELISA Sheamlas Leithe Uisce na Saotharlainne Tréidliachta Réigiúnaí (RVL)
Rinne Seirbhís Saotharlainne na Roinne Talmhaíochta samplaí fola a bhailigh foireann na Roinne Talmhaíochta ó rogha uan a rugadh in 2019 (928 dtréad) ar fud 25 contae a thástáil le haghaidh antashubstaintí don leith uisce d'fhonn leibhéal na teagmhála a bhí ag na huain sna tréada sin a mheas. Léiríonn sonraí an tsuirbhé seo gur i gcontaetha chósta an iarthair atá an chuid is mó de na tréada atá ionfhabhtaithe. De réir na dtuairiscí bhí líon mór suntasach de chásanna inar aimsíodh an leith uisce i dtréada i Maigh Eo agus i mBaile Átha Cliath. Is i mí an Mheithimh a aimsíodh go raibh teagmháil ag ainmhithe sna contaetha seo leis an leith uisce, agus de réir cosúlachta ní raibh teagmháil ag ainmhithe san iardheisceart leis an leith uisce roimh mhí Lúnasa. Ba léir go raibh teagmháil ag ainmhithe i lártíre agus i gcuid mhór de Chúige Laighean leis an leith uisce faoi Dheireadh Fómhair. Féach http://www.animalhealthsurveillance.agriculture.gov.ie/ d'eolas breise agus mapa de thorthaí na tástála.
Sláinte Ainmhithe na hÉireann
Léiríonn réamhshonraí an Chláir chun Sláinte Mairteola a Scrúdú go bhfuil an mhinicíocht a aimsíodh leith uisce in eallaí tar éis iad a mharú fós ag leibhéal íseal le linn mhíonna an tsamhraidh agus ag tús an fhómhair, ach aimsíodh aenna a raibh damáiste déanta ag an leith uisce dóibh go seasta le linn na tréimhse seo áfach, go háirithe in eallaí i gcontaetha an iarthuaiscirt agus an iarthair. Tugann na treochtaí ó bhlianta roimhe seo le fios go bhfuil an chosúlacht ann go n-ardóidh léibhéil na leithe uisce le linn mhíonna an gheimhridh. Cuireann an Clár chun Sláinte Mairteola a Scrúdú clúdach leathan ar fáil d'eallaí ar fud na tíre agus táthar ag obair go leanúnach ag déanamh anailíse ar an t-eolas a chuirtear ar fáil de bharr.
Éagsúlacht ó Fheirm go Feirm
Chun an baol ó thaobh an ghalair leithe uisce a mheas ar fheirm ar leith, ní mór tosca timpeallachta, go háirithe tosca aeráide, an tírghné agus an cineál ithreach (cibé más ithreacha iad atá trom nó saordhraenála iad) a ghlacadh san áireamh. Is amhlaidh sin toisc go bhfaightear óstach idirmheánach an tseadáin, seilide láibe (Galba truncatula) in ithir atá beagán aigéadach agus lábach. Dá bhrí sin, tá tábhacht ag baint le limistéir páirceanna ina bhfuil luachair nó paistí fliucha (timpeall ar gheataí, trachanna) maidir leis an mbaol a bhaineann leis an leith uisce. Chomh maith leis sin, tá sé tábhachtach go nglacfaidh úinéirí beostoic an stair leithe uisce a bhaineann leis an bhfeirm san áireamh chomh maith mar gur táscaire tábhachtach é seo maidir le baol galair amach anseo.
Monatóireacht a dhéanamh ar an nGalar
Go hiondúil, bíonn ionfhabhtú leithe uisce ainsealach in eallach, agus ní fhásann beithígh chomh maith mar thoradh air. Maidir le caoirigh, is féidir le galar ainsealach a bheith i gceist ach d'fhéadfadh sé go mbeadh comharthaí cliniciúla níos géire i gceist, agus bíonn bás tobann i gceist i gcásanna áirithe.
Ní mór d'úinéirí beostoic fanacht ar an airdeall i gcónaí maidir le haon chomharthaí tinnis nó drochfhás ina gcuid ainmhithe agus ba chóir dóibh dul i gcomhairle lena dtréidlia (PVP) má tá ionfhabhtú leithe uisce nó aon chúis eile a d'fhéadfadh a bheith leis na comharthaí cliniciúla sin ag déanamh imní dóibh. Moltar go ndéanfadh PVP conablaigh a chur ar aghaidh chuig RVL le haghaidh neacróipse sa chás nach bhfuil an chúis báis soiléir.
Is foinse luachmhar eolais atá san eolas a fhaightear ó scrúduithe na seamlas ar aenna ó stoc a ramhraíodh d'fhonn úinéirí beostoic a chur ar an eolas faoi ionfhabhtú leithe uisce a bheith ar a gcuid feirmeacha nó chun iad a chur ar an eolas maidir le chomh héifeachtach is atá a gclár rialaithe.
Cóireáil agus Rialú
I gceantair ardriosca agus ar fheirmeacha inar rinneadh ionfhabhtú leithe uisce a dhiagnóisiú nó sa chás go raibh cásanna ann roimhe seo, ba chóir d'úinéirí beostoic dul i gcomhairle lena dtréidlia (PVP) chun clár cóireála agus rialaithe cuí a chur le chéile.
Ní mór aird faoi leith a thabhairt ar dháileoga a thabhairt d'eallach tráth a gcuirtear faoi dhíon iad nó go gairid ina dhiaidh sin, agus a thabhairt do chaoirigh sa bhfómhar nó níos túisce sa bhliain bunaithe ar thorthaí na scrúduithe faecach nó bunaithe ar chásanna galair a bheith ann roimhe seo nuair atá úsáid á mbaint as pucháinicídí chun ionfhabhtú leithe uisce a rialú agus a chóireáil. Maidir le caoirigh, ba chóir druga atá éifeachtach in aghaidh an ghalair leithe uisce a bheadh luathneamhaibí agus deireanach neamhaibí chomh maith le aibí a úsáid chun cosaint a thabhairt in aghaidh géarghalair. Chomh maith leis sin, ba chóir caoirigh a thógáil den féarach atá i gceist chun ionfhabhtú a sheachaint arís. Mura n-oibríonn an phucháinicíd a thugtar don eallach atá faoi dhíon i gcoinne na leithe uisce luathneamhaibí, ba chóir samplaí faecach a thógáil idir sé agus ocht seachtainí i ndiaidh an eallaigh a chur faoi dhíon agus na samplaí a thástáil le haghaidh uibheacha leithe uisce. Beifear ábalta a mheas ansin cibé an bhfuil cóireáil eile pucháinicíde de dhíth nó nach bhfuil.
Ó tharla nach bhfuil gníomhú leanúnach ag pucháinicídí bheadh eallach nó caoirigh ar bith a bhíonn amuigh sa gheimhridh i mbaol ionfhabhtaithe arís agus d'fhéadfadh iar-chóireáil agus cóireáil eile pucháinicíde a bheith de dhíth. Go háirithe má choinnítear ar féarach iad a bhfuil baol ard ag baint leis agus moltar monatóireacht a dhéanamh ar bheostoic i gcónaí ar fhaitíos go dtarlóidh ionfhabhtú arís.
Ba chóir comhairle a lorg i gcónaí maidir le prótacail chóireála agus maidir leis an méid ama is ceart a fhágáil idir na cóireálacha sin. Beifear ábalta a mheas cibé an bhfuil gá le cóireálacha pucháinicíde nó an bhfuil an chóireáil pucháinicíde ag obair trí na samplaí faecach a thástáil le haghaidh uibheacha leithe uisce. Tá sin tábhachtach ach go háirithe de bharr go bhfuil frithsheasmhacht maidir le pucháinicídí anois ina ábhar imní. Ina theannta sin, is féidir bulctástálacha bainne le haghaidh antashubstaintí i dtréada déiríochta a úsáid chun monatóireacht a dhéanamh ar éagsúlacht i dteagmháil ó bhliain go bliain (tabhair ar aird nach féidir bulctástálacha bainne a úsáid chun chomh maith is a d'éirigh le haon chóireáil a tugadh a mheas).
Nuair is féidir, agus mar rogha rialaithe fadtéarmach, ba chóir fál a chur timpeall ar fheirmeacha ar gnáthóga feiliúnacha iad don seilide láibe ar nós limistéir atá fliuch agus lábach nó iad a dhraenáil. Beidh laghdú buan ar ghnáthóg na seilidí mar thoradh air sin.
Céard faoin Leith Chogansaí
Tá an Leith Chogansaí, Calicophoron daubneyi, a roinneann an t-óstach idirmheánach céanna is a bhíonn ag an leith uisce, ag fáil níos coitianta in eallaí agus i gcaoirigh anseo in Éirinn le roinnt blianta anuas. Is mar gheall ar an ngníomhaíocht a bhíonn i gceist le linn na gcéimeanna luatha sa stéig den chuid is mó a bhíonn pataigineacht na leithe cogansaí, agus de ghnáth ní bhíonn aon bhaint ag an leith fhásta sa chogansach le comharthaí cliniciúla.
Má fheictear go bhfuil comharthaí cliniciúla i gceist mar cailleadh meáchain tréan nó buinneach, nó má bhí cásanna den ghalar ann cheana i ndáil leis an leith chogansaí, ba chóir d'úinéirí beostoic dul i gcomhairle lena dtréidlia (PVP) d'fhonn a fháil amach cibé an bhfuil nó nach bhfuil cóireáil i gcoinne na leithe cogansaí de dhíth. Má fhaightear uibheacha leithe cogansaí i samplaí faecach ainmhithe a bhfuil sláinte mhaith acu agus atá ag táirgeadh go maith, ní chiallaíonn sin go bhfuil cóireáil le haghaidh na leithe cogansaí de dhíth.
Foinsí Eolais Eile
Is féidir tuilleadh eolais ar an leith uisce agus mar a rialaítear í, agus eolas maidir le pucháinicíd a roghnú d'eallach chomh maith le heolas ar an gClár chun Sláinte Mairteola a Scrúdú a fháil ar http://animalhealthireland.ie/?page_id=405
Is féidir eolas ar ainmneacha agus ar shonraíochtaí na bpucháinicídí a bhfuil ceadúnas acu lena n-úsáid i gcaoirigh a fháil ar https://www.teagasc.ie/media/website/publications/2018/Products-licensed-for-control-of-parasites-in-sheep.pdf
CRÍOCH