Fógartha ag an Aire Creed go leanfar den Chlár Dobharcheantar Talmhaíochta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D., go leanfar den Chlár Dobharcheantar Talmhaíochta (ACP) ar feadh tréimhse ceithre bliana eile go dtí 2023.
Dúirt an tAire Creed “Is dianchlár monatóireachta é an Clár Dobharcheantar Talmhaíochta a dhéanann monatóireacht ar na tionchair a imríonn feirmeoireacht ar cháilíocht an uisce agus tá sé ríthábhachtach go gcuideoidh an Roinn seo lenár riachtanais a bhaint amach faoin gCreat-Treoir maidir le hUisce².. Tá an Clár Dobharcheantar Talmhaíochta ríthábhachtach freisin i gcomhthéacs athbhreithnithe a dhéanfar amach anseo ar an gclár gníomhaíochta maidir le Níotráití agus i gcomhthéacs rath leanúnach i ndáil leis an Maolú maidir le Níotráití a fháil d'Éirinn.”
Tá an Clár Dobharcheantar Talmhaíochta i bhfeidhm ó 2008 i leith agus baintear úsáid as chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bhaineann leis an gClár Gníomhaíochta maidir le Níotráití (NAP) agus leis an Maolú maidir le Níotráití a chuirtear i bhfeidhm in Éirinn faoin Treoir maidir le Níotráití¹. Tá an clár seo á mhaoiniú ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM) agus á chur ar fáil ag Teagasc ó cuireadh tús leis.
Éilítear ar Bhallstáit an AE monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht a gcuid Rialachán Níotráití, faoi Alt 5 (6) de Threoir maidir le Níotráití¹ an AE. Faoi Rialacháin GAP³, tá monatóireacht á déanamh ag DAFM ar éifeachtacht bhearta na hÉireann ó 2008 trí mhaoiniú suntasach a dhéanamh ar an gClár Dobharcheantar Talmhaíochta arna fheidhmiú ag Teagasc.
I ndiaidh trí chéim den ACP ar éirigh leo, faoi Chéim 4 den chlár déanfar sonraí a bhailiú freisin faoi astaíochtaí gás ceaptha teasa, astaíochtaí amóinia agus ceapadh carbóin san ithir, chomh maith le cur leis an mbonnlíne reatha maidir le monatóireacht a dhéanamh ar chaighdeán an uisce. Trí na forbairtí seo cuirfear feabhas suntasach ar an monatóireacht a dhéantar ar thionchar na talmhaíochta ar an timpeallacht agus cuideofar leis an Roinn ár spriocanna a bhaint amach faoin bPlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide.
Nótaí d'Eagarthóirí
Éilítear ar Bhallstáit an AE monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht a gcuid Rialachán Níotráití, faoi Alt 5 (6) de Threoir maidir le Níotráití¹ an AE. Faoi Rialacháin GAP³, tá monatóireacht á déanamh ag DAFM ar éifeachtacht bhearta na hÉireann ó 2008 trí mhaoiniú suntasach a dhéanamh ar an gClár Dobharcheantar Talmhaíochta (ACP) arna fheidhmiú ag Teagasc. Beidh Céim 3 ar siúl idir 2016 agus 2019, agus cuirtear maoiniú €1.56 milliún ar fáil in aghaidh na bliana. Oibríonn ACP i gcomhpháirt le 300 feirmeoir i sé dhobharcheantar a ndéantar dianfheirmeoireacht iontu. Cuireann torthaí an taighde seo léargas luachmhar ar fáil ar na próisis a rialaíonn an tionchar atá ag gníomhaíocht talmhaíochta ar cháilíocht an uisce sna dobharcheantair. I ndiaidh deich mbliana de dhianmhonatóireacht a dhéanamh ar fud na sé dhobharcheantar, léiríonn torthaí athrú dearfach mar gheall ar na Rialacháin Níotráití, i.e. ionchur cothaitheach laghdaithe, bainistiú cothaitheach méadaithe agus roinnt fianaise ar chaillteanais cothaitheach níos lú ó thalamh feirme isteach san uisce. Mar thoradh air sin, léiríonn treochtaí maidir le cáilíocht uisce go bhfuil cúrsaí ag feabhsú, cé go bhfuil agaí moille idir na bearta a chur i bhfeidhm agus feabhsuithe intomhaiste a bhaint amach i gcáilíocht an uisce. Ar an iomlán, léiríonn fianaise ón ACP gur trí thacaíocht a chur ar fáil d'fheirmeoirí, trí chomhairle theicniúil, chun cinntí níos fearr a dhéanamh maidir le mar a dhéanann siad bainistiú ar chothaithigh a chur, a chuirtear an acmhainneacht is fearr ar fáil chun torthaí do cháilíocht an uisce ar fheirmeacha in Éirinn a fheabhsú. Tríd an eolas eolaíochta a ghintear faoin ACP, cuidítear le riachtanais monatóireachta agus tuairiscithe na hÉireann a chomhlíonadh faoin Treoir maidir le Níotráití, faoin gCreat-Treoir maidir le hUisce (WFD³), agus cuirtear an bunús ar fáil chun teicneolaíocht a aistriú chuig páirtithe leasmhara.
Go príomha, leagtar amach an Clár chun monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na Rialachán Níotráití, agus beidh sé seo ina phríomhchúram lárnach in Athbhreithniú maidir le Níotráití an AE in 2021. Chomh maith leis sin, cuirfidh na fionnachtana eolaíochta measúnú ar fáil ar an méid atá á dhéanamh ag feirmeoirí na hÉireann chun cuspóirí na Creat-Treorach maidir le hUisce a bhaint amach, ina gcuirtear bunús barrthábhachtach ar fáil do bheartas uisce an AE.
Cuireadh tús le céim reatha an ACP (céim 3) i mí Eanáir 2016 agus déantar forbairt ar an méid a baineadh amach agus an taithí a fuarthas i gcéimeanna níos luaithe den Chlár. Oibríonn ACP i gcomhpháirt le 300 feirmeoir i sé dhobharcheantar a ndéantar dianfheirmeoireacht iontu. Faoi Chéim 4, déantar éascaíocht ar an gclár a leathadh chun measúnú ar bhearta nua a chur san áireamh lena n-áirítear astaíochtaí gás ceaptha teasa agus amóinia agus carbón a cheapadh san ithir.
Cuireann torthaí an taighde seo léargas luachmhar ar fáil ar na próisis a rialaíonn an tionchar atá ag gníomhaíocht talmhaíochta ar cháilíocht an uisce sna dobharcheantair. Ar an iomlán, léiríonn fianaise ón ACP gur trí thacaíocht a chur ar fáil d'fheirmeoirí trí chomhairle theicniúil chun cinntí níos fearr a dhéanamh maidir le mar a dhéanann siad bainistiú ar chothaithigh a chur, gurb é sin an réimse aonair is mó is dócha ina gcuirfear an acmhainneacht is fearr ar fáil chun torthaí do cháilíocht an uisce ar fheirmeacha in Éirinn a fheabhsú. Ba chóir go gcuirfeadh sé seo éifeachtúlachtaí níos mó ar fáil d'fheirmeoirí agus an baol a bhaineann le cothaithigh a chailleadh de bharr uisce a laghdú ag an am céanna.
Faoin Maolú maidir le Níotráití, ceadaítear d'fheirmeoirí diansaothraithe oibriú ar ráta stocála níos airde ná mar a leagtar amach sa Treoir maidir le Níotráití, faoi réir cloí le rialacha níos géire arna gcur i bhfeidhm ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Leanfaidh an maolú go deireadh na bliana 2021 nuair a thiocfaidh deireadh leis an gceathrú Clár Gníomhaíochta maidir le Níotráití.
Ag-Climatise
Tá an comhairliúchán poiblí maidir le Ag-Climatise, Plean Oibre Náisiúnta Aeráide & Aeir don Earnáil Talmhaíochta go dtí an bhliain 2030 agus ina dhiaidh ar siúl faoi láthair agus beidh go dtí an 10 Eanáir 2020.
Tá dhá ghné ag baint leis an gcomhairliúchán:
ina leagtar amach an bealach chun cinn agus ina gcuirtear roinnt ceisteanna
thart ar 35 nóiméad an suirbhé a líonadh amach.
Cuirtear fáilte chomh maith roimh thuairimí i scríbhinn chuig agclimatise@agriculture.gov.ie agus sa phost chuig:
Comhairliúchán maidir le Plean Oibre Aeráide & Aeir
An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
An Rannán Beartas um Athrú Aeráide & Bithfhuinneamh
Ionad Gnó Grattan
Bóthar Bhaile Átha Cliath
Port Laoise
Laoise
Éire
R32 K857
Is féidir an Plean Gníomhaithe Uile-Rialtais ar son na hAeráide a fháil anseo.
Chomh maith leis sin, tá an tionscnamh Ag-Climatise ag teacht le cuspóirí Future Jobs Ireland – Bonn a Chur Inniu faoi Gheilleagar na Todhchaí, go háirithe Colún 5 – Ag Triall ar Gheilleagar Ísealcharbóin.
1 Treoir maidir le Níotráití: Treoir 91/676/EEC ón gComhairle
2 Creat-Treoir maidir le hUisce; 200/60/EC
3 Rialachán Níotráití, S.I. 605 of 2017, An tAontas Eorpach (Dea-Chleachtas Talmhaíochta chun Uiscí a Chosaint) Rialacháin 2017 & S.I. 65 of 2018, An tAontas Eorpach (Dea-Chleachtas Talmhaíochta chun Uiscí a Chosaint) (Leasú) Rialacháin
CRÍOCH