Ceadaíonn an tAire Martin maoiniú €170k do mhúsaeim áitiúla agus réigiúnacha
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, sraith deontais bheaga do mhúsaeim áitiúla agus réigiúnacha timpeall na tíre. Beidh €170,206.50 ar fáil faoin Scéim um Thaispeántais Mhúsaeim Réigiúnaigh 2022.
Féachann tionscadail a mhaoinítear faoin Scéim seo le tairiscint chultúrtha na músaem a fheabhsú, rochtain níos fearr ar mhúsaeim a spreagadh agus úsáid na músaem mar acmhainní turasóireachta ina gceantar nó ina réigiún a chur chun cinn.
Tá cúig thionscadal déag ag baint tairbhe as i mbliana, lena n-áirítear Músaem Bhád Eitilte Fhainge chun macasamhail de Bhád Eitilte Boeing 314 a athchóiriú agus Músaem Chontae Mhuineacháin le haghaidh cásanna taispeántais do shuíomh nua an mhúsaeim ar an gCampas Síochána, Muineachán.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:
“Is acmhainn thar a bheith tábhachtach iad ár músaeim áitiúla agus réigiúnacha chun rochtain a fháil ar chultúr agus oidhreacht i mbailte agus sráidbhailte ar fud na tíre agus tá áthas orm a bheith in ann tacaíocht a thairiscint dóibh tríd an Scéim um Thaispeántais Mhúsaeim Réigiúnaigh.
Bhain forais áitiúla agus réigiúnacha úsáid as maoiniú a cuireadh ar fáil faoin scéim seo le blianta beaga anuas chun a gcuid taispeántais chultúrtha a fheabhsú dá gcuid pobal agus do chuairteoirí.
Is féidir le spásanna cultúrtha pobail a thabhairt le chéile agus mothaíonnn daoine go bhfuil siad rannpháirteach mar gheall orthu, agus go bhfuil siad mar chuid de rud éigin níos mó ná iad féin.”
Nóta don Eagarthóir:
Féach thíos liosta iomlán na dtionscadal rathúil:
Iarratas | Contae | Cur síos ar an Tionscadal | Maoiniú a leithdháileadh | |
Músaem Luimnigh | Luimneach | Stair lása Luimnigh | €6,000.00 | |
Ionad Oidhreacht Bhodhar na hÉireann | Baile Átha Cliath | Cartlann iomlán Oidhreacht Bhodhar na hÉireann a chatalógú | €12,546.00 | |
Músaem Sheoda Phort Láirge | Port Láirge | Seothaispeántais agus feistiú thaitneamhacht nua do chuairteoirí | €15,000.00 | |
Músaem Ime Chorcaí | Corcaigh | Earraí a ghlacadh go tríthoiseach do bhaliúchán an Mhúsaeim Ime | € 4,895.00 | |
Iarnród an Cabháin & Liatroma | Liatroim | Chun coscán aeir a sholáthar d’inneall gaile ‘Nancy’ ionas gur féidir leis an inneall traenach oibriú go sábháilte i láthair an phobail | € 9,950.00 | |
Ionad Cultúrtha agus Litríochta Chiarraí | Ciarraí | Obair chaomhnaithe agus forbairt ar thaispeántas nua ar bhailiúchán saothair ealaíne maisithe go Ceilteach le Michael O’Connor (1913 go 1969) a bronnadh ar an músaem le déanaí | €13,987.50 | |
An Músaem Náisiúnta Cló | Baile Átha Cliath | 'Grand Stuff, Label Art from Ireland', taispeántas faoi thionscadal nua leabhair le staraí deartha Niall McCormack a choimeád agus a thaispeáint | €8,100.00 | |
Músaem Muireitleán agus Muirí Fhainge | Luimneach | Athchóiriú ar mhacasamhail Bhád Eitilte Boeing 314 an mhúsaeim | €15,000.00 | |
Comhairle Chontae Mhuineacháin | Muineachán | Trí chás taispeántais do shuíomh nua an mhúsaeim ar an gCampas Síochána, Muineachán | €15,000.00 | |
Ionad Ealaíon Sirius | Corcaigh | Taighde, catalógú agus léirmhíniú a dhéanamh ar shaothair ealaíne agus ar ábhar gaolmhar sa bhailiúchán agus sa chartlann, chomh maith le hiad a scaipeadh agus a thaispeáint ar líne agus ar an láthair, i bhfoirm taispeántais tréimhsiúla, ag tosú le seoladh taispeántais ina bhfuil príomhshaothar ealaíne agus cartlainne amháin nó níos mó agus ábhair a léiríonn fairsinge agus éagsúlacht na míreanna atá i gceist | €10,275.00 | |
Nano Nagle Place | Corcaigh | Troscáin léirmhínithe páiste-lárnach agus ábhar idirghníomhach a chruthú | €15,000.00 | |
Iarsmalann Hunt | Luimneach | Scéal na cré agus na gceirmeach a iniúchadh: iniúchadh a dhéanamh ar thionchar stairiúil, sóisialta, teicniúil agus cultúrtha na cré agus conas a d'fhorbair sibhialtachtaí i gcomhar le teicneolaíochtaí ceirmeacha; scrúdú a dhéanamh ar spadhar an chine daonna cruthú i gcré agus an chaoi a bhfuil féiniúlacht fite fuaite le forbairt na gceirmeach | €15,000.00 | |
Músaem Stair Cheilte Thiobraid Árann | Tiobraid Árann | Cogadh Cathartha Thiobraid Árann “nár insíodh” - Taispeántas ina n-áireofar earraí ó bhailiúchán an mhúsaeim agus earraí pearsanta uathúla teaghlaigh a insíonn scéalta drámatúla faoi Chogadh Cathartha Thiobraid Árann | €15,000.00 | |
Iontaobhas Reiligí Bhaile Átha Cliath | Baile Átha Cliath | Ceannach dhá chás caighdeánach músaeim chun bailiúchán stairiúil cartlainne an Iontaobhais a thaispeáint | €12,453.00 | |
Músaem Giúdach na hÉireann | Baile Átha Cliath | Frámú dhá phictiúr | € 2,000.00 | |
€170,206.50 |