Cuairt i ndáil le Teacht a Bheith ar an Margadh san Ailgéir fógartha ag an Aire Creed
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fáilte curtha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD roimh an dul chun cinn atá déanta maidir le honnmhairithe beo agus táirgí bainne go dtí an Ailgéir atá mar thoradh ar chruinnithe teicniúla idir a Roinn agus an Roinn Talmhaíochta san Ailgéir. Ba é Breifne O'Reilly, Ambasadóir an hÉireann chun na hAilgéire, a stiúir an toscaireacht theicniúil san Ailgéir ar an 30 Aibreán agus bhí oifigigh shinsearacha ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara chomh maith leis an Uasal Billel Haddad, Bord Bia, sa toscaireacht.
Bhuail an toscaireacht leis an Dr. Kadour, Príomhoifigeach Tréidliachta agus an Dr Bara, Leas-Phríomhoifigeach Tréidliachta. Pléadh réimse leathan ábhar, onnmhairiú ainmhithe beo, táirgí bainne agus feoil ina measc. Ba chruinnithe thar a bheith tairbheach a bhí iontu. Pléadh na fadhbanna atá ann a bhaineann le deimhnithe sláinte d'onnmhairithe beo na hÉireann agus tá comhaontú i bprionsabal déanta ag údaráis na hAilgéire imeacht ó dheimhniú maidir le comhphórú, marú agus ramhrú go dtí trí dheimhniú ar leithligh. Ina theannta sin, tá sé comhaontaithe go n-ardófaí an uasaois maidir le póraitheoirí ó 36 go dtí 42 mí.
Dúirt an tAire Creed:
"Fáiltím roimh an dul chun cinn a rinneadh i gCathair na Ailgéire, dul chun cinn a tharla i ndiaidh cruinniú a bhí ag mo Roinnse leis an Roinn Talmhaíochta thall. Is an-sampla é seo d'Fhoireann na hÉireann ag obair i gcomhar chun lorg domhanda earnáil agraibhia na hÉireann a mhéadú agus tá mé buíoch don Ambasadóir O'Reilly agus do Bord Bia as an gcúnamh a thug siad ina leith seo."
Maidir leis na táirgí bainne, comhaontaíodh go ndéanfaí feabhas teicniúil ar an ndeimhniú. Pléadh capaill bheo, mairteoil agus caoireoil agus leanfar suas na nithe sin le cruinnithe déthaobhacha leanúnacha.
Ag eascairt as na pléití sin, dúirt an tAire:
"Nuair a thiocfaidh mo shaineolaithe teicniúla ar ais, féachfaidh siad le maoirseacht a dhéanamh ar na hathruithe atá le déanamh ar na deimhnithe sláinte d'onnmhairithe beo le go mbeifear ábalta iad a chur ar aghaidh chuig ár gcontrapháirtithe san Ailgéir lena gceadú sula gcuirtear tús leis na coinníollacha athbhreithnithe trádála. Beidh sin thar a bheith tairbheach i ndáil leis an trádáil leanúnach a bheith idir Éire agus an Ailgéir agus táimid thar a bheith buíoch d'údaráis na hAilgéire as a rannpháirtíocht ar na saincheisteanna tábhachtacha sin."
CRÍOCH