Fógraíonn OPW an Fhéile Bhliantúil Bithéagsúlachta ag Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce ón Aoine 10ú go dtí an Domhnach 12ú Meán Fómhair 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá áthas ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) a fhógairt go mbeidh an Fhéile Bhliantúil Bithéagsúlachta i bPáirc an Fhionnuisce ón Aoine 10ú go dtí an Domhnach 12ú Meán Fómhair 2021. Tá clár iomlán imeachtaí lasmuigh gach lá ag tosú ag 9.30am; tá sonraí áirithinte ar fáil ag phoenixpark.ie .
Phoenix Park Biodiversity Festival - Programme
Please see Brochure for full list of Events. All Events are free. Booking is required, as places are limited.
Tugann an Fhéile Bithéagsúlachta gnéithe éagsúla eolaíochta saoránach agus bithéagsúlachta le chéile; tá sé SAOR IN AISCE le himeachtaí oiriúnacha do chách idir óg agus aosta. Tá réimse leathan imeachtaí siúil agus cainte ar ábhair mar ialtóga, beacha, crainn, gnáthóga uisce, garraíodóireacht, eolaíocht saoránach agus tuilleadh nach iad. Dúirt an tAire Stáit um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan TD:
“Tá an bhithéagsúlacht fíor-riachtanach don bheatha. Tá an plainéad, an sochaí agus an eacnamaíocht ag brath air. Is suíomh fíorthábhachtach um bithéagsúlacht i mBaile Átha Cliath Páirc an Fhionnuisce agus acmhainn an-shaibhir bithéagsúlachta chomh maith. Is iontach a fheiceáil go bhfuil Féile Bithéagsúlachta Pháirc an Fhionnuisce ar bun arís i mbliana. Tá abhar do chách ann, idir imeachtaí ar líne agus imeachtaí amuigh faoin spéir le linn na deireadh seachtaine”.
Is é Spéir Dhorcha Pháirc an Fhionnuisce ceann de na himeachtaí is mó éilimh gach bliain, atá ar siúl ar an Aoine 10ú Meán Fómhair ag 8pm. Tugtar deis do rannpháirtithe spéir na hoíche a fheiceáil i dteannta le saineolaithe ó Chumann Réalteolais Éireann. Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh, beidh taispeántas ar bhaint an fhéir ar an mbealach traidisiúnta le Michael Jacob; siúlóid le Niamh Fitzgerald, Birdwatch Ireland; chun eolas a chur ar éin Pháirc an Fhionnuisce; agus eolas le fáil ar ghnáthóga uisce na Páirce ó Rob Gandola, Cumann Reiptíleolaíochta na hÉireann. Tabharfaidh Leave No Trace Ireland caint ar na bunphrionsabail maidir le húsáid a bhaint as spásanna lasmuigh.
Dé Sathairn beidh siúlóid tráthnóna le Dr Tina Aughneyó Chaomhnú Ialtóg Éireann; Dé Domhnaigh beidh seisiún um aithint féir le Dr Fionnuala O’Neill, Stiúrthóir Éiceolaíochta le BEC Consultants. Tabharfaidh saineolaithe OPW cainteanna ar fhianna fhiáine, eolaíocht saoránach, crainn na Páirce agus garraíodóireacht do phailneoirí.
Dúirt Rosemary Collier, Príomh-Oifigeach, Maoine Náisiúnta Stairiúla:
“I bPáirc an Fhionnuisce tá 50% de na cineálacha mamach agus thart faoi 40% de na cineálacha éan atá ar fáil in Éirinn. Imeasc na 351 cineál plandaí sa Pháirc, tá trí cinn díobh gann agus faoi chosaint. Tá na seantailte féaraigh fós sa Pháirc agus 25 cineálacha éagsúla gnáthóg ar fud na Páirce. Tugann an Fhéile deis do chách tuilleadh eolais a chur ar an bPáirc agus teagmháil a dhéanamh le réimse leathan saineolaithe bithéagsúlachta”.
I mbliana, beidh sraith cainteanna lóin ar ghnéithe éagsúla bithéagsúlachta ins na laethanta roimh an Fhéile. Tosóidh siad seo ar an Luan 6 Meán Fómhair ag 1pm ar chainéal YouTube OPW.
-CRÍOCH-
Um breis eolais féach phoenixpark.ie nó déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook at @opwireland