Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 16 Meán Fómhair 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil triúr le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,788* san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Dé Máirt an 15 Meán Fómhair, cuireadh 254 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 31,799* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
De na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Soláthraíonn Deais COVID-19 Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Gníomhach Leighis, an Roinn Sláinte;
“Tá an staid reatha ag dul in olcas i mBaile Átha Cliath agus go náisiúnta le seachtain anuas. Mar aon le Baile Átha Cliath chonaiceamar treochtaí imníocha i Lú, Port Láirge agus Dún na nGall. Tá sé fíor-riachtanach anois go gcuirfidh daoine comhairle sláinte poiblí i bhfeidhm agus go ngníomhóidís amhail is go bhféadfadh siad féin nó iad siúd atá gar dóibh a bheith tógálach."
Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann NPHET:
“Tá an uimhir atáirgthe idir 1.3 - 1.7 go náisiúnta. Tá imní níos mó orm anois ná mar a bhí ag pointe ar bith ó dheireadh mhí Aibreáin. Is cosúil go bhfuil líon na gcásanna ag fás as cuimse agus is dóigh go ndúblóidh siad gach 10 go 14 lá mura ngníomhóidh gach duine againn láithreach chun slabhraí tarchuir an víris a bhriseadh. Mura gcuirimid isteach ar tharchur anois, an uimhir atáirgthe a thabhairt ar ais go dtí faoi bhun 1, léiríonn samhaltú go bhféadfadh 500 -1,000 cás a bheith againn in aghaidh an lae faoin 16 Deireadh Fómhair, 50-60% de sin i mBaile Átha Cliath. "
Dúirt an Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil, FSS;
“Tá 73 othar COVID-19 san ospidéal faoi láthair, tógadh naonúr acu sin isteach le 24 uair an chloig anuas. Tá 14 de na hothair sin in ICU. Táimid ag feiceáil méadú suntasach i ráta iontrála othar COVID-19 isteach inár n-ospidéil ghéarmhíochaine. Tá a fhios againn, mura n-athróidh na treochtaí sin, gur féidir le hiontrálacha ardú go tapa go dtí an pointe ina mbeidh ár saoráidí cúram sláinte faoi bhrú neamh-inbhuanaithe. Tá sé níos riachtanaí ná riamh go gcloífimid go léir leis na bearta bunúsacha ar féidir leo an víreas a laghdú sa phobal."
Dúirt an Dr. Mary Favier, comhairleoir COVID-19 do Choláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann:
“Cé go raibh líon mór tástálacha á ndéanamh againn ar leanaí, a bhuíochas d’fhaireachas na dtuismitheoirí maidir le siomptóim agus teagmháil a dhéanamh le Dochtúirí Teaghlaigh le hábhair imní, ní fhacamar ardú díréireach i líon na gcásanna deimhnithe maidir le leanaí."
CRÍOCH