Foilsíonn an tAire Donohoe Bille Airgeadais 2021 a thacaíonn le bearta chun tacú leis an ngeilleagar agus leis an tsochaí i mBuiséad 2022
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe TD, an Bille Airgeadais 2021 inniu (Déardaoin) tar éis don Rialtas é a fhaomhadh níos luaithe an tseachtain seo.
Tá 83 roinn agus os cionn 200 leathanach sa Bhille Airgeadais 2021. Tá an Bille mar bhonn faoi thacaíocht leanúnach an Rialtais don gheilleagar, go háirithe mar fhreagairt ar thionchar Covid-19. Léiríonn sé freisin freagairtí suntasacha cánachais ar na príomhdhúshláin a bhaineann le tithíocht agus athrú aeráide.
Sa Bhille tá na forálacha reachtacha riachtanacha chun foráil a dhéanamh do na hathruithe cánach a fógraíodh sa Bhuiséad, chomh maith le roinnt athruithe riachtanacha frithsheachanta agus teicniúla ar an gcód cánach.
Ag labhairt faoi fhoilsiú an Bhille Airgeadais, dúirt an tAire Donohoe:
“Is mian leis an Rialtas an costas a bhaineann le brúnna maireachtála atá ag cur isteach ar go leor daoine faoi láthair, a mhaolú. Dá bhrí sin, tá áthas orm, go bhfuil mé in ann athruithe a thabhairt isteach ar an gcóras cánach ioncaim a rachaidh chun tairbhe do gach duine a íocann cáin ioncaim. Le Buiséad 2022, beidh an t-airgeadas poiblí ar bhealach inbhuanaithe agus comhlíonfar an dá sprioc maidir le hinfheistíocht a dhéanamh inár dtodhchaí agus freastal ar riachtanais an lae inniu.
Leathnaíonn an Bille cuid de na tacaíochtaí paindéime a chuirtear ar fáil do ghnó de réir ghealltanas an Rialtais nach mbeadh aon tionchar tubaisteach ag na tacaíochtaí sin.
Bhí ról lárnach ag an SFPF maidir le tacú le gnólachtaí, fostaíocht a spreagadh agus cuidiú leis an nasc idir fostóirí agus a bhfostaithe a choinneáil. Cinnteoidh na bearta atá sa Bhille Airgeadais go gcuirfear deireadh de réir a chéile leis an tacaíocht seo agus go dtabharfar cinnteacht d’fhostóirí agus iad ag pleanáil amach anseo.
Cuideoidh síneadh ‘Cabhair le Ceannach’ go 2022 le ceannaitheoirí céaduaire agus ligfidh sé dúinn tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh faoin straitéis ‘Tithíocht do Chách’. Déanfar athbhreithniú ar an scéim le linn 2022.
Gné thábhachtach den Straitéis seo is ea borradh a chur faoin soláthar agus chuige sin, táim muiníneach go méadóidh an Cháin Talún Criosaithe an fhorbairt chónaithe.
Rinneamar athruithe suntasacha ar an gcóras CCF anuraidh de réir ghealltanais an Rialtais astaíochtaí a laghdú ó bhonn. Leanfaidh an Bille Airgeadais 2021 leis an obair thábhachtach seo ar roinnt bealaí éagsúla agus suntasacha chun aghaidh a thabhairt ar cheann de na dúshláin is tábhachtaí atá romhainn, ceist an athraithe aeráide”.
I mBuiséad 2022, d’fhógair an tAire Airgeadais pacáiste cánach ioncaim arbh ionann é agus €520m in 2022 agus €597m ar bhonn bliana iomláine.
I bpríomhghnéithe an phacáiste cánach ioncaim phearsanta, méadófar na príomhchreidmheasanna cánach pearsanta (creidmheas pearsanta, creidmheas ÍMAT agus creidmheas Ioncaim Tuillte) faoi €50 an ceann go €1,700, méadú 3% den chuid is mó, agus méadófar an scoithphointe ráta caighdeánach do dhuine singil faoi €1,500 go €36,800 (méadú 4%), le méaduithe comhchuimseacha sna bandaí a bhaineann le daoine pósta agus le daoine i bpáirtnéireacht shibhialta.
Athruithe ar MSU
Maidir le MSU, méadófar an uasteorainn rátabhanda 2% chun an méadú ar Phá Íosta Náisiúnta a bheidh i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2022 a chur san áireamh. Cinnteoidh sé seo gurb é an ráta 2% an ráta MSU is airde a ghearrtar ar ioncam oibrithe pá íosta lánaimseartha.
Cuirfear síneadh ama bliana amháin leis an ráta laghdaithe MSU do shealbhóirí cárta leighis go dtí deireadh 2022.
Faoiseamh Cianoibre
D’fhógair an tAire, maidir le beartas an Rialtais chun cianobair a éascú agus tacú leis, go ndéanfar na socruithe cánach reatha maidir le cianobair a fheabhsú agus a chur ar bhonn foirmiúil tríd an mBille Airgeadais ionas gur féidir le cáiníocóirí éileamh a dhéanamh ar asbhaint cánach ioncaim arb ionann é agus 30% de na costais dearbhaithe le haghaidh seirbhísí teasa, leictreachais agus Idirlín a thabhaítear agus iad ag obair ón mbaile.
Bhí an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (SFPF) ag croílár fhreagra an Rialtais ar an bpaindéim agus b’ionstraim rathúil beartais í chun an nasc idir fostóirí agus fostaithe a choinneáil.
Leanfaidh an SFPF de bheith ag feidhmiú, i slí chéimithe, go dtí an 30 Aibreán 2022.
Leis na socruithe athbhreithnithe do SFPF mar a fógraíodh ar Lá an Bhuiséid, tugtar soiléireacht agus cinnteacht do ghnólachtaí agus, ag an am céanna, baintear an chothromaíocht chuí amach idir cabhrú leis na gnólachtaí sin a bhfuil tacaíocht ag teastáil uathu fós agus an scéim a athchalabrú i bhfianaise an téarnaimh eacnamaíoch níos leithne.
Cabhair le Ceannach
Leis an mBille, cuirtear síneadh ama bliana amháin go dtí deireadh 2022 leis an scéim ‘Cabhair le Ceannach’ san fhoirm fheabhsaithe atá ann faoi láthair. Déanfar athbhreithniú ar an scéim le linn na bliana seo chugainn.
Cáin Talún Criosaithe
Déantar foráil sa Bhille do Cháin Talún Criosaithe (CTC) nua, arb é an cuspóir atá léi ná an riachtanas beartais phoiblí a éascú gur chóir talamh oiriúnach a chur ar fáil d’fhorbairt chónaithe a luaithe is féidir nuair a dhéantar í a chriosú agus a sheirbhísiú le haghaidh tithíochta.
Ullmhóidh agus foilseoidh Údaráis Áitiúla léarscáileanna ina n-aithneofar an talamh a thiocfaidh faoi raon feidhme na cánach seo. Beidh tréimhse ullmhúcháin dhá bhliain ann do thailte criosaithe roimh Eanáir 2022, agus beidh tréimhse ullmhúcháin trí bliana ann do thailte criosaithe tar éis Eanáir 2022.
Forálfar sa Bhille go gcuirfear ráta 3% i bhfeidhm ar luach margaidh na talún.
Maidir leis an athrú aeráide, tugtar isteach bearta sa Bhille maidir le CCF chun an réasúnaíocht chomhshaoil atá taobh thiar den chóras CCF a threisiú trí na rátaí os cionn banda 8 a mhéadú. Ina theannta sin, cuirtear síneadh ama 2 bhliain eile leis an bhfaoiseamh CCF do Ceallraí d’Fheithiclí Leictreacha.
Mar gheall ar ghealltanais an Rialtais maidir le hastaíochtaí a laghdú, tá scéim an Liúntais Chaipitil Luathaithe do trealaimh atá tíosach ar fhuinneamh á leasú ionas nach gcáileoidh trealamh a oibríonn le breoslaí iontaise go díreach do na liúntais chaipitiúla luathaithe.
Tá síneadh ama á chur le scéim an Liúntais Chaipitil Luathaithe d’Fheithiclí Gáis agus do Threalamh Athbhreoslaithe go dtí an 31 Nollaig 2024 agus tá an scéim á leasú chun ligean d’fheithiclí faoi thiomáint hidrigine agus do threalamh athbhreoslaithe cáiliú do na liúntais chaipitiúla luathaithe.
Ina theannta sin, beidh an chéad €200 a fhaigheann sealbhóirí tí a ghlacann páirt sa Scéim Tacaíochta Micrighiniúna díolmhaithe ó cháin ioncaim.
Sa Bhille Airgeadais freisin, tá bearta nua lena gcuirfear trasuí na dTreoracha in aghaidh Seachaint Cánach i gcrích, trí rialacha in aghaidh Eintiteas Hibrideach Droim ar Ais agus cóimheas nua maidir le teorannú úis a thabhairt isteach chun ár rialacha fadtéarmacha maidir le hús intíre a fhorlíonadh. Mar a fógraíodh i Nuashonrú mhí Eanáir 2021 ar an Treochlár Cánach Corparáide, tabharfar isteach leis an mBille Airgeadais, Cur Chuige Údaraithe ECFE maidir le Praghsáil Aistrithe Brainsí. Is céim eile é seo chun ár gcód cánach a ailíniú le noirm idirnáisiúnta nua. Déanfaidh an Bille Airgeadais Treoir AE le déanaí a thrasuí freisin i ndáil le rialacha tábhachtacha nua um thrédhearcacht cánach d’ardáin dhigiteacha.
Tabharfar isteach leis an mBille creidmheas cánach nua don earnáil cearrbhachais dhigitigh. Tacóidh an faoiseamh le cuideachtaí forbartha cluichí digiteacha trí chreidmheas cánach corparáide in-aisíoctha a sholáthar do chaiteachas cáilitheach a thabhaítear ar dhearadh, ar tháirgeadh agus ar thástáil cluiche. Beidh an faoiseamh ar fáil ag ráta 32%, ar chaiteachas incháilithe suas le huasteorainn €25 milliún in aghaidh an tionscadail. Ós rud é go bhfuil gá le Faomhadh Eorpach Státchabhrach don chreidmheas, tabharfar isteach é faoi réir ordú tosaithe.
Tá síneadh ama trí bliana eile, go dtí deireadh 2024, á chur le DFI agus osclófar é do raon níos leithne cistí comhinfheistíochta chun na foinsí maoinithe do FBManna a leathnú faoin scéim chun infheistíocht níos mó a spreagadh i bhfiontair nuathionscanta.
Ina theannta sin, maolaíonn an Bille na rialacha maidir leis an “bhfuinneog fuascailte caipitil”, mar a thugtar air, ionas go bhféadfaidh infheisteoirí a bhfuil roinnt infheistíochtaí acu i gcuideachta thar roinnt blianta, infheistíocht a fhuascailt le haghaidh bliain áirithe atá lasmuigh den tréimhse chomhlíonta cé go bhféadfadh infheistíochtaí eile a bheith fós laistigh dá dtréimhsí comhlíonta. Chomh maith leis sin, cuireann sé deireadh le riail an chaiteachais 30% a éilíonn go gcaithfidh institiúid infheistiúcháin DFI 30% den infheistíocht a chaitheamh ar chríocha cáilitheacha sular féidir leis an infheisteoir faoiseamh a éileamh.
Leis an mBille cuirtear síneadh ama trí bliana eile, go dtí deireadh 2024, le roinnt lamháltas cánach d’fheirmeoirí, lena n-áirítear bearta Faoisimh Stoic Ghinearálta. Cuirfear síneadh ama bliana amháin, go dtí deireadh 2022, leis na bearta seo: Faoiseamh Stoic d’Fheirmeoirí Óga, Faoiseamh ó Dhleacht Stampa d’Fheirmeoirí Oilte Óga agus Comhpháirtíocht Chláraithe Feirmeacha. Tá gá leis an tréimhse ghiorraithe seo go dtí go bhfaighfear toradh CBT agus na caibidlíochtaí gaolmhara maidir le Státchabhair ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.
Leis an Acht Airgeadais (Uimh.2), 2013, tugadh isteach Tobhach ar Institiúidí Airgeadais don tréimhse trí bliana 2014 go 2016 chun cur ar chumas na hearnála baincéireachta cur le téarnamh eacnamaíoch. Is ionann toradh bliantúil an tobhaigh seo agus thart ar €150 milliún. Cuireadh síneadh ama go dtí 2021 leis an tobhach faoin Acht Airgeadais, 2016.
Fógraíodh i mBuiséad 2022 go gcuirfear síneadh ama bliana amháin eile leis an tobhach ar na bainc agus nach gcuirfear i bhfeidhm é ach amháin maidir leis na bainc sin a leanfaidh de bheith ag feidhmiú i margadh na hÉireann amach anseo. Ciallaíonn sé seo go meastar go nginfidh an tobhach thart ar €87 milliún in 2022.
Tá sonraí maidir leis na príomhfhorálacha sa Bhille leagtha amach sna Nótaí d’Eagarthóirí.
Airgeadas 2021 Nótaí d’Eagarthóirí:
Finance 2021 Notes to Editors
An Bille Airgeadais 2021:
An Bille Airgeadais 2021 Meabhrán Míniúcháin: