Comhaontaíonn an Rialtas rialáil bhreise a dhéanamh ar r-thoitíní
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fuair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD agus an tAire Sláinte Poiblí, Frank Feighan TD, cead ón Rialtas inniu (an 22 Samhain) srianta breise a thabhairt isteach maidir le díol agus fógraíocht táirgí ionanálaithe nicitín amhail toitíní leictreonacha.
Faoi na tograí nua, beidh cosc ar thoitíní leictreonacha (agus táirgí gaolmhara ionanálaithe nicitín) a dhíol ó mheaisíní díola féinseirbhíse, ó áitribh shealadacha nó shoghluaiste agus ag áiteanna nó ag imeachtaí do leanaí. Ina theannta sin, cuirfear cosc ar fhógraí maidir le toitíní leictreonacha ar iompar poiblí, i bpictiúrlanna agus gar do scoileanna.
Déanfar na tograí a chorprú sa Bhille Sláinte Poiblí (Tobac agus Táirgí Ionanálaithe Nicitín) atá á dhréachtú faoi láthair. Táthar ag súil go dtabharfar an Bille chun críche agus go bhfoilseofar é faoi dheireadh na bliana. Dearfar an reachtaíocht chun rialáil a dhéanamh ar aon táirge is féidir a úsáid chun gal ina bhfuil nicitín nó aon chomhpháirt den táirge sin a chaitheamh.
Tá bearta sa Bhille cheana féin chun cosc a chur ar tháirgí ionanálaithe nicitín a dhíol leo siúd atá faoi bhun 18 mbliana d'aois agus chun córas ceadúnaithe a thabhairt isteach maidir le táirgí tobac agus táirgí ionanálaithe nicitín a mhiondíol. I measc na mbeart eile atá sa Bhille tá:
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá na bearta seo deartha chun ár leanaí agus ár ndaoine óga a chosaint ionas nach dtosóidh siad ag vápáil. Aithnímid gur druga an-andúile é an nicitín, agus táimid ag gníomhú inniu sa chaoi is nach mbeidh na táirgí seo chomh inrochtana do dhaoine óga agus chun an fhógraíocht do na táirgí seo a bhaint as saol laethúil ár leanaí."
D'fháiltigh an tAire Stáit le freagracht as Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Frank Feighan TD, roimh cheadú an Rialtais maidir leis na bearta:
“Maraíonn caitheamh tobac thart ar 4,500 duine gach bliain inár dtír. Aithnímid go n-úsáideann roinnt daoine fásta a chaitheann tobac táirgí ionanálaithe nicitín chun cabhrú leo éirí as tobac a chaitheamh. Is léir dúinn, áfach, nach dtéann na táirgí seo chun tairbhe dár leanaí agus dár ndaoine óga ná do dhaoine nach gcaitheann tobac agus is é sin an fáth go bhfuil an gníomh seo á dhéanamh againn inniu."
Public Health (Tobacco and Nicotine Inhaling Products) Bill ga