Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 24 Márta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tugadh fógra don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil othar in Éirinn ar diagnóisíodh go raibh COVID-19 air tar éis bás a fháil.
Chónaigh an t-othar in oirthear na tíre agus bhí bunriocht leighis air.
Tá seacht mbás a bhaineann le COVID-19 ann in Éirinn anois.
Tugadh fógra don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte faoi 204 chás dheimhnithe nua de COVID-19 in Éirinn amhail 1pm, Dé Máirt an 24 Márta.
Tá 1,329 gcás dheimhnithe de COVID-19 ann in Éirinn anois.
Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ag obair anois chun aon daoine a bhféadfadh go raibh na hothair i dteagmháil leo a shainaithint chun faisnéis agus comhairle a thabhairt dóibh ar mhaithe le tuilleadh leata a chosc.
Rinneadh 17,992 thástáil i saotharlanna ar fud na tíre faoi mheán oíche aréir.
Nochtar an méid seo a leanas sna sonraí a d’eisigh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu, mar a bhí an scéal ag meán oíche, Dé Domhnaigh an 22 Márta (965 chás):
Sheol an Roinn Sláinte Deais Faisnéise COVID-19 inniu, rud ar a soláthraítear faisnéis atá cothrom le dáta faoi chásanna den víreas. Tá sí ar fáil ag [nasc seachtrach: www.gov.ie/covid19dashboard | www.gov.ie/dashboard. ]
Tháinig an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile aréir (Dé Luain an 23 Márta) agus ar maidin (Dé Máirt an 24 Márta) chun athbhreithniú a dhéanamh ar fhreagairt na hÉireann d’ullmhacht do COVID-19.
Rinne an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí roinnt moltaí, ar ghlac an Rialtas iad inniu. De réir na moltaí sin:
Tá liosta cuimsitheach de na bearta nua [nasc inmheánach: 71891 | ar fáil anseo. ]
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:
"Is iad seo na seachtainí is tábhachtaí dár bhfreagairt do COVID-19. Beidh ár ngníomhartha uile bunaithe ar fhianaise eipidéimeolaíochta agus beidh siad i gcomhréir lenár n-eispéireas ar an oileán seo.
"Cuirfimid na daoine atá le tástáil in ord tosaíochta de réir mar a fhoghlaimímid tuilleadh faoin ngalar seo. Mar sin, tá seans ann nach dtástálfar tú mura bhfuil tú in aon ghrúpa tosaíochta. Má tá aon siomptóim ort, áfach, glac leis go bhfuil COVID-19 ort agus féinleithlisigh."
Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:
"I measc na ngrúpaí tosaíochta ó thaobh tástála de, tá daoine a bhfuil siomptóim orthu agus a bhí i ndlúth-theagmháil le cás deimhnithe, oibrithe cúram sláinte a bhfuil siomptóim orthu agus daoine soghonta a bhfuil siomptóim orthu.
"Tabharfar an chomhairle chéanna do gach duine, is cuma cé acu atá nó nach bhfuil siad le tástáil; má tá aon siomptóim ort, glac leis go bhfuil COVID-19 ort agus féinleithlisigh ar feadh 14 lá chun cabhrú le leathadh an ghalair seo a stopadh. Ba cheart do dhaoine a chónaíonn le cás amhrasta srian a chur lena dteagmháil ar feadh 14 lá."
Dúirt an Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte:
"Tástáladh 14,692 shampla ag an tSeirbhís Tagartha Náisiúnta maidir le Víris go dtí seo agus fuarthas torthaí diúltacha i 94% díobh.
"Tá Éire ag cloí leis an gcomhairle ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go ndéanfaí an oiread tástálacha agus is féidir agus tá sí sa cheathairíl is airde maidir leis an líon tástálacha a rinneadh per capita. In éineacht leis na bearta um scaradh fisiciúil agus leis an dianrianú teagmhála atá ar bun, meastar gurb ionann an cur chuige sin agus an dea-chleachtas idirnáisiúnta le haghaidh déileáil leis an mbagairt seo."
Léiríodh in anailís ar an rianú teagmhála sláinte poiblí gur laghdaigh an meánlíon daoine a raibh gach cás deimhnithe i ndlúth-theagmháil leo ó níos mó ná 20 duine go thart ar chúigear. Is fianaise é sin go mbíonn daoine den phobal ag cloí le comhairle sláinte agus go mbíonn an líon daoine a dtéann siad i dteagmháil leo á theorannú go gníomhach acu.
Tiocfaidh an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile an athuair Déardaoin an 26 Márta chun athbhreithniú a dhéanamh ar ullmhacht leanúnach agus freagairt na hÉireann do COVID-19.
CRÍOCH
An líon iomlán cásanna | 965 | |
An líon iomlán daoine a cuireadh san ospidéal | 277 | |
An líon iomlán daoine a ligeadh isteach san Aonad Dianchúraim | 36 | |
An líon iomlán básanna | 6 | |
An ráta báis i measc na gcásanna | 0.6 | |
An líon iomlán oibrithe cúram sláinte | 247 | |
An líon braislí ar tugadh fógra fúthu | 44 | |
Aois airmheánach | 45 |
*Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé Domhnaigh an 22 Márta.
Inscne | Líon | % den Iomlán |
Bean | 431 | 45 |
Fear | 534 | 55 |
Iomlán | 965 |
*Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé Domhnaigh an 22 Márta.
Aoisghrúpa | Líon | % den Iomlán |
<1 | 3 | 0 |
1 - 4 | 2 | 0 |
5 - 14 | 17 | 2 |
15 - 24 | 77 | 8 |
25 - 34 | 189 | 20 |
35 - 44 | 183 | 19 |
45 - 54 | 191 | 20 |
55 - 64 | 136 | 14 |
65+ | 165 | 17 |
Níl an aois ar eolas | 2 | 0 |
Iomlán | 965 |
*Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé Domhnaigh an 22 Márta.
Tarchur pobail | 45% |
Dlúth-theagmháil le cás deimhnithe | 24% |
Taisteal thar lear | 31% |
*Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé Domhnaigh an 22 Márta.
Tabhair faoi deara:
I gcás go dtaispeánfaidh toradh tástála go bhfuil COVID-19 ar dhuine agus nach raibh an duine sin thar lear nó nach raibh aon teagmháil aige/aici le cás deimhnithe eile in Éirinn, cuirfear an cás i leith tarchur pobail.
I gcás go dtaispeánfaidh toradh tástála go bhfuil COVID-19 ar dhuine agus go mbeifear in ann é sin a nascadh le cás deimhnithe eile in Éirinn, cuirfear an cás i leith tarchur áitiúil.
Baineann an cás leis an taisteal | 62 | 25% |
Ní bhaineann an cás le haon taisteal thar lear | 156 | 63% |
Tá an cás fós á imscrúdú | 29 | 12% |
Iomlán | 247 |
*Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé Domhnaigh an 22 Márta.
<5 | 2 | 1% |
5 - 14 | 2 | 1% |
15 - 24 | 15 | 5% |
25 - 34 | 36 | 13% |
35 - 44 | 26 | 9% |
45 - 54 | 52 | 18% |
55 - 64 | 43 | 16% |
65+ | 101 | 37% |
*Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé Domhnaigh an 22 Márta.
Ceatharlach | ≤5 | 0% |
An Cabhán | ≤5 | 1% |
An Clár | 11 | 1% |
Corcaigh | 123 | 13% |
Dún na nGall | 11 | 1% |
Baile Átha Cliath | 535 | 56% |
Gaillimh | 35 | 4% |
Ciarraí | 15 | 1% |
Cill Dara | 25 | 3% |
Cill Chainnigh | 16 | 2% |
Laois | 8 | 1% |
Liatroim | ≤5 | 0% |
Luimneach | 19 | 2% |
An Longford | ≤5 | 1% |
Lú | 16 | 2% |
Maigh Eo | 9 | 1% |
An Mhí | 16 | 2% |
Muineachán | ≤5 | 0% |
Uíbh Fhailí | 13 | 1% |
Ros Comáin | ≤5 | 0% |
Sligeach | 8 | 1% |
Tiobraid Árann | 20 | 2% |
Port Láirge | 13 | 1% |
An Iarmhí | 21 | 2% |
Loch Garman | ≤5 | 0% |
Cill Mhantáin | 28 | 3% |
*Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé Domhnaigh an 22 Márta.
Ciallaíonn ≤ 'níos lú ná nó cothrom le'.