Ceiliúrann OPW an Lá Idirnáisiúnta Dealbhóireachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá áthas ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) bheith páirteach sa Lá Idirnáisiúnta Dealbhóireachta ar 24 Aibreán, ag léiriú saothair ealaíne ón taispeántas Double Estate ag Músaem na bPiarsach, Baile Átha Cliath, ar chainéil na meán sóisialta. Cé go bhfuil an músaem féin dúnta go fóill faoi shrianta shláinte phoiblí, tá ábhar uaidh á leiriú ag OPW ar líne gach lá ar feadh na seachtaine seo chun feasacht agus taitneamh na healaíne seo a neartú.
Roghnaíodh ocht saothar ó bhailiúchán Mhúsaem na bPiarsach agus ó Bhailiúchán Ealaíne Stáit OPW chun radharc a thabhairt ar bhailiúcháin shaibhre ealaíne agus oidhreachta OPW. Tá thart faoi aon mhíle dealbh ag OPW i 170 láthair ar fud Éireann: i ngairdíní agus páirceanna; ar réamhchúirteanna agus i gclósanna; i bhfoirgnimh rialtais, tithe stairiúla agus caisleáin. Is cuid de bhailiúchán stairiúil ar láthair oidhreachta roinnt díobh seo; i gcásanna eile tháinig siad i seilbh OPW faoi Scéim Per Cent for Art an Rialtais, a spreagann gníomhú le saothar ealaíne poiblí agus tacú le healaíontóirí in Éirinn.
Tá aithne forleathan ar chuid de na dealbha i mbailiúchán OPW: Cúchulainn ag Oliver Sheppard in Ard-Oifig an Phoist; Knife Edge ag Henry Moore, cuid de chuimhneachán WB Yeats i bhFaiche Stiabhna; agus na dealbha clasaiceacha i bpáirceanna Chúirt Ioma, Co Laoise, agus ar Oileán Garinis in Iarthar Chorcaí.
Dúirt an tAire Patrick O’Donovan, Aire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí:
"Nascann na dealbha i bpáirceanna, láithreacha oidhreachta agus foirgnimh Stáit atá faoi chúram OPW an saothar ealaíne le saol na ndaoine atá ag obair ins na háiteanna seo nó a thugann cuairt orthu, agus tugtar cuireadh um ghníomhú leo. Tugaim cuireadh do chách bheith páirteach i gceiliúradh na hócáide seo agus saothar ealaíne ina gceantar féin a aimsiú nó a athaimsiú. Bhí mórán páirceanna agus láithreacha oidhreachta lasmuigh de chuid OPW ar oscailt trí Leibhéal 5, ag cuidiú le sláinte agus maitheas an phobail, agus osclófar tuilleadh láithreacha oidhreachta ó 26 Aibreán."
Beidh tailte breis agus 70 láthair oidhreachta OPW ar fud Éireann ar oscailt do chuairteoirí laistigh de theorainneacha taistil ón seachtain seo chugainn amach.
-CRÍOCHS-
Tá clár an taispeántais Double Estate ar fáil anseo
Tá eolas faoi Bhailiúchán Ealaíne Stáit OPW ar fáil anseo
Tá eolas ar láithreacha oidhreachta uile OPW – agus liosta na láithreacha lasmuigh atá ar oscailt cheana nó a athosclóidh ar/tar éis 26 Aibreán – ar heritageireland.ie/ga