Fógraíonn an tAire Sláinte stáit bhreise ar liosta na Stát ainmnithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, go mbeartaíonn sé 16 Stát bhreise a chur leis an liosta stát ainmnithe. Caithfidh daoine a thagann isteach in Éirinn ó na stáit seo nó a thaistil tríothu tréimhse de Choraintín Éigeantach a chaitheamh in Óstán.
Ceadaíodh an cinneadh cur leis an liosta stát ainmnithe ag cruinniú Rialtais um thráthnóna. Cuirfear stáit atá á gcur leis an liosta stát ainmnithe san áireamh mar thosaíocht ar an gcóras áirithinte le haghaidh coraintín éigeantach óstáin go luath an tseachtain seo chugainn, agus cuirfidh paisinéirí ó na Stáit seo tús le coraintín ó 04.00 Déardaoin, an 15 Aibreán.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Tugadh chéad tús áite mar chuid de na cinntí seo maidir le coraintín éigeantach do shláinte phoiblí a chosaint. Céim eile mhór chun cinn é seo i ndiaidh gur eisíodh comhairle sláinte poiblí a bhaineann le hAthraithigh COVID-19 arb Ábhar Buartha iad. Cruthaíonn na hathraithigh baol suntasach dár gcomhrac in aghaidh an ghalair seo agus in aghaidh ár gcláir vacsaínithe. Neartaíonn an cinneadh seo bithshlandáil na hÉireann freisin, a chinntíonn go bhfuil na bearta is láidre san Eoraip i bhfeidhm in Éirinn."
Is iad na tíortha breise atá le cur leis an liosta: An Bhanglaidéis, an Bheilg, an Fhrainc, an Iodáil, an Chéinia, Lucsamburg, an Phacastáin, an Tuirc, SAM, Ceanada, an Airméin, Beirmiúda, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Curaçao, Oileáin Mhaildíve, an Úcráin.
Beartaíonn an tAire freisin an t-ainmniú a chúlghairm atá i bhfeidhm do na tíortha seo a leanas: An Albáin, Iosrael agus Saint Lucia. Caithfidh aon duine a bhfuil coraintín éigeantach á dhéanamh acu a thaistil ó nó trí na stáit seo a dtréimhse choraintín a chaitheamh.
Anuas air sin, caithfidh gach duine a thaistil isteach in Éirinn ó thíortha nach bhfuil ainmnithe leanúint ag cloí le ‘Coraintín sa Bhaile’, agus anuas ar thoradh diúltach a bhaint amach i dtástáil um Imoibriú Slabhrúil Polaiméaráise (PCR) ar theacht isteach sa tír dóibh, caithfidh siad coinne a chur in áirithe trí FSS go ndéanfar tástáil bhreise orthu cúig lá tar éis dóibh an tír a iontráil, ón tseachtain seo chugainn.
Dúirt an tAire Donnelly freisin:
"Leanann an Rialtas a mholadh gan aon taisteal idirnáisiúnta nach bhfuil bunriachtanach a dhéanamh ag an tráth seo. Tá bealach amach ón bpaindéim seo ann i gcónaí ach ní féidir linn a cheadú go mbainfidh Athraithigh arb Ábhar Buartha iad den dul chun cinn atá déanta againn.
"Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil le mo chomhghleacaithe arb Airí iad sa Roinn Gnóthaí Eachtracha, sa Roinn Dlí agus Cirt, sa Roinn Iompair agus sa Roinn Cosanta, m’oifigigh sa Roinn Sláinte agus i measc roinnt ranna rialtais agus gníomhaireachtaí eile lena chinntiú gur féidir linn leanúint ag gníomhú i leith na comhairle sláinte poiblí."
Tá liosta iomlán de na stáit Ainmnithe ar fáil anseo.
Bunaíodh Sainghrúpa Comhairleach Taistil (SGCT) an 1 Márta 2021 chun modh a fhorbairt chun measúnú riosca a dhéanamh ar Stáit agus breithniú a dhéanamh ar gach buairt a chruthaíonn COVID-19 le haghaidh taistil.
Casann an Grúpa gach dhá sheachtain chun leasuithe a mholadh ar an liosta Stát Ainmnithe, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
Déanann an Príomhoifigeach Leighis breithniú ar na moltaí seo, a dhéanann moladh, ar a uain sin, leis an Aire Sláinte.
Leag an SGCT an bhéim ar an mbaol leanúnach a chruthaíonn athraithigh arb ábhar buartha iad, athraithigh is díol spéise agus an dúshlán a chruthaíonn an fháil theoranta atá ar shonraí a bhaineann le hathraithigh arb ábhar buartha iad.
Déanfaidh an grúpa breithniú leanúnach ar aon bhearta eile a mheasann siad a theastaíonn chun an baol a laghdú go ndéanfar cásanna COVID-19 a thabhairt isteach sa tír.