Casann Airí le Príomhfheidhmeannach agus Cathaoirleach Coillte chun an t-eolas is déanaí ar fhadhbanna foraoiseachta a fháil
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tháinig an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Barry Cowen TD, chomh maith lena chomh-Airí, an Seanadóir Pippa Hackett agus Martin Heydon TD, le chéile le Príomhfheidhmeannach agus Cathaoirleach Coillte, Imelda Hurley Uasal agus Bernie Grey Uasal, an tseachtain seo chun an t-eolas is déanaí a fháil ar fhadhbanna reatha. Ba chuid de bhabhta cainteanna a bhí sa chruinniú atá na hAirí a thionóil le comhlachtaí leath-stáit atá faoi choimirce na Roinne.
Dheimhnigh na hAirí tiomantas an Rialtais d'fhorbairt leanúnach na foraoiseachta in Éirinn mar atá leagtha amach i gClár an Rialtais agus go mbeidh siad ag obair i dtreo na ngníomhartha sin a chur i bhfeidhm go luath.
Is éard a dúirt an tAire nuair a bhí an cruinniú thart:
"Fuaireamar eolas an-tairbheach inniu ó Coillte ar an léargas straitéiseach agus an fheidhmíocht trádála atá acu. Mar aon le cuideachtaí eile, beidh orthu dul i ngleic leis na dúshláin atá ag teacht chun cinn mar gheall ar an gcás eacnamaíochta chomh maith leis na bagairtí a bhaineann leis an mBreatimeacht. Rinne siad soiléir chomh maith é go bhfuil na fadhbanna atá ann faoi láthair maidir le ceadúnú foraoiseachta ag cur bagairt láithreach ar an soláthar don earnáil níos leithne agus dheimhnigh mé an tuiscint atá agam féin agus ag an Rialtas ar na fadhbanna sin agus chomh diongbháilte is atáimid cuidiú leo na fadhbanna sin a réiteach. Tá mo Roinnse ag déanamh go leor infheistíochta in acmhainní breise, éiceolaithe ach go háirithe, d'fhonn tuilleadh ceadúnais a eisiúint agus beifear ag cur plean tionscadail mionsonraithe i láthair sna laethanta amach romhainn maidir leis an gcaoi a mbainfear amach é sin. Beidh an tAire Hackett agus mé féin ag cur Meamraim faoi bhráid an Rialtais an tseachtain seo chugainn ina ndéanfar roinnt tionscnamh don earnáil a fhógairt."
Tá sé deimhnithe chomh maith gurb í an tAire Pippa Hackett a bheidh ina hAire ar a mbeidh freagracht dhíreach uirthi i ndáil le cúrsaí foraoiseachta sa Rialtas.
Maidir leis an gcruinniú, is éard a dúirt an tAire Hackett:
"Tá ríméad orm go bhfuil cúrsaí foraoiseachta faoi mo choimirce mar go gcreidim go mór gur earnáil í atá ábalta níos mó buntáistí timpeallachta, eacnamaíochta, sóisialta agus áineasa a chur ar fáil do shochaí na hÉireann sna blianta amach romhainn. Dár ndóigh beidh Coillte lárnach anseo agus bhí an-áthas orm a chloisteáil faoi na pleananna atá acu don tionscnamh Coillte Nature atá acu agus faoin obair i gcomhar atá ar bun acu le comhlachtaí eile mar Bord na Móna. Níl sna crainn a chur ach tús leis na buntáistí ilfheidhmiúla is féidir le foraoiseacht a chur ar fáil agus ní mór na buntáistí níos faide anonn a bheith ina chuid tábhachtach dár bpleanáil aeráide agus bithéagsúlachta amach anseo. Is maith a thuigim na deacrachtaí reatha agus beidh mé ag iarraidh roinnt tionscnamh a thabhairt chun cinn láithreach, i gcomhar leis an Aire Cowen, a chuideoidh leis an earnáil seo lán a poitéinsil a bhaint amach. Táim ag súil le bheith i mbun rannpháirtíochta leis na páirtithe leasmhara go léir ar na fadhbanna seo de réir mar a beidh na gealltanais a tugadh i gClár an Rialtais á gcur i bhfeidhm againn agus tá sé tábhachtach go ndéantar an cur i bhfeidhm sin a mheaitseáil le dea-chumarsáid ó gach páirtí a bhfuil leas acu i gcúrsaí foraoiseachta agus coillearnach."
CRÍOCH