Ceadaíonn an Rialtas Iarscríbhinn na nGníomhartha a ghabhann leis an bPlean Gnímh don Aeráid 2023
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cheadaigh an Rialtas Iarscríbhinn na nGníomhartha a ghabhann leis an bPlean Gnímh don Aeráid 2023. Leagtar amach inti na bearta mionsonraithe atá á ndéanamh ag Éirinn chun freagairt don ghéarchéim aeráide. Maidir leis an leagan nuashonraithe den Phlean Gnímh don Aeráid, cheadaigh an Rialtas é agus foilsíodh é an 21 Nollaig 2022 agus cuirtear san áireamh ann na buiséid charbóin agus na huasteorainneacha astaíochtaí earnála a comhaontaíodh anuraidh. Soláthraítear leis an Iarscríbhinn Gníomhartha tuilleadh mionsonraí faoi na gníomhartha is gá a dhéanamh chun na spriocanna atá leagtha amach sa Phlean a bhaint amach. Bainfear úsáid aisti chun soláthar leantach an ghníomhaithe ar son na haeráide a bhrú chun cinn ar fud gach Roinne Rialtais agus gach comhlachta Rialtais.
Leagtar amach sa Phlean Gnímh don Aeráid 2023 conas atá Éire ag cur réitigh aeráide i gcroílár ár bhforbartha sóisialta agus geilleagraí. Cuid dhílis den Phlean is ea réadú a dhéanamh ar na deiseanna a bheidh ag gabháil le timpeallacht, geilleagar agus sochaí a bheidh glan agus inbhuanaithe, agus é sin a dhéanamh ar shlí atá cóir do gach duine. Tá a ról féin le himirt ag gach earnáil, ag gach pobal agus ag gach duine. Chomh maith leis sin, aithnítear sa Phlean gurb ann do dhúshláin a bhaineann le córais, cleachtais agus iompraíochtaí a athrú ar fud na bpríomhearnálacha geilleagracha uile: an fuinneamh, an tionsclaíocht, an timpeallacht thógtha, an t-iompar, an talmhaíocht agus an úsáid talún. Mar sin féin, tá sé bunaithe freisin ar an réaltacht nach mór d’Éirinn oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh maidir lenár n-astaíochtaí a laghdú faoi 51% faoin mbliain 2030 agus le haeráidneodracht a bhaint amach tráth nach déanaí ná an bhliain 2050.
Leagtar gníomhartha ar fud roinnt réimsí amach sa phlean, lena n-áirítear gníomhartha i sé earnáil ríthábhachtacha ardtionchair:
Ag labhairt dó faoi fhorbairt an lae inniu, dúirt Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:
"Is é an dúshlán atá againn mar thír agus mar shochaí ná cobhsaíocht ár gcórais aeráide a chosaint do na glúnta atá le teacht agus na tionchair is measa a d’fhéadfadh a bheith ag an athrú aeráide a sheachaint. Is iad na fichidí na deich mbliana is criticiúla. Ní mór dúinn dul i mbun gnímh láithreach.
"Meastar ar fud an domhain gurb é an tAcht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, an reachtaíocht is uaillmhianaí dá chineál. I dteannta na bPleananna Gnímh bliantúla don Aeráid agus i dteannta Iarscríbhinn na nGníomhartha, tabharfar an Rialtas chun cuntais leis agus brúfar chun cinn leis an t-athrú a theastaíonn chun ár spriocanna a bhaint amach.
"Ní bheidh sé furasta aeráidneodracht a bhaint amach faoi lár an chéid agus an mheánteocht dhomhanda a choinneáil faoi bhun 1.5 °C. Beidh misneach agus tiomantas ag teastáil ina leith. Dá ainneoin sin, gabhann leis an mbunathrú chun feabhais sin freisin deiseanna ollmhóra d’Éirinn chun bunathrú chun feabhais agus dul faoi bhláth i dtodhchaí ísealcharbóin. Is é an aidhm atá leis an bPlean Gnímh don Aeráid 2023 agus le mionsonraí Iarscríbhinn na nGníomhartha ná áit níos fearr a dhéanamh d’Éirinn laistigh d’Eoraip a bheidh níos sláine agus níos athléimní."
Leis an bPlean Gnímh don Aeráid 2023, cuirtear le leaganacha roimhe den Phlean Gnímh don Aeráid, agus tá sé ar an gcreat trína bhfuil sé beartaithe ag an Rialtas na buiséid charbóin uile-gheilleagair agus na huasteorainneacha earnála, atá ina gceangal dlí, a comhaontaíodh i mí Iúil 2022 agus na spriocanna maidir le laghduithe astaíochtaí a leagtar amach sna hAchtanna um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin a chomhlíonadh. Is príomhcholúin de Chláir an Rialtais iad na spriocanna sin.
Tá Iarscríbhinn na nGníomhartha ar fáil lena léamh ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
CRÍOCH
Is é an Plean Gnímh don Aeráid 2023, a seoladh i mí na Nollag 2022, an dara nuashonrú bliantúil ar an bPlean Gnímh don Aeráid 2019, agus é ar an gcéad cheann a ullmhaíodh faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021. Tagann sé sna sála ar na buiséid charbóin agus na huasteorainneacha astaíochtaí earnála a tugadh isteach ar fud an gheilleagair ar fad sa bhliain 2022.
Áirítear na nithe seo leis na príomhbhearta sa phlean: