Cuireann an tAire Martin fáilte roimh Thuarascáil an Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche agus deimhníonn sí imeacht píolótach chlub oíche
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Tuarascáil an Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche inniu (14 Meán Fómhair 2021) agus chuir sí fáilte roimh na moltaí a cuireadh faoi bhráid an Rialtais níos luaithe inniu.
Tá 36 gníomh beartaithe sa Tuarascáil thar raon Ranna, Gníomhaireachtaí agus earnáil an Gheilleagair Oíche féin agus clúdaíonn sé roinnt tionscnamh agus tionscadail phíolótacha lena n-áirítear:
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire:
"Spreagann an cultúr oíche cruthaitheacht iontach i mbailte agus i gcathracha na tíre. Téimid ag damhsa, ag canadh agus ag seinm ceoil agus tagann lucht féachana le chéile agus cothaíonn siad an geilleagar áitiúil agus slite beatha mhuintir na háite. Cuireadh stop leis sin ar fad le linn phaindéim COVID-19. Sa tuarascáil seo breathnaítear ar bhealaí chun an geilleagar agus an cultúr oíche a spreagadh arís, i bhfianaise thionchar tubaisteach na paindéime ar imeachtaí beo agus ealaíon go háirithe. Cuideoidh sé lenár dtéarnamh feabhas a chur ar shaol na hoíche don lucht féachana, d’ionaid agus do thaibheoirí. Ach tá an deis ann ár saol oíche a shaibhriú le roghanna nua cosúil le tíortha eile ina ndéantar an-chuid tairiscintí éagsúla do phátrúin tar éis thitim na hoíche.
"Tá sé tábhachtach go ndéanfaimid an chuid seo dár ngeilleagar a chosaint agus a chothú – go háirithe agus muid ag teacht amach as an bpaindéim. Feicim na gníomhartha sa tuarascáil seo mar chuid den phlé níos leithne sin agus tá súil agam go gcuideoidh sé le cuid de na constaicí atá ann a shárú agus chun deiseanna a chruthú chun saol oíche níos beoga a fhorbairt inár gcathracha agus inár mbailte chomh maith. Oibreoidh mé le mo chuid comhghleacaithe chun na spriocanna seo a bhaint amach. Caithfimid breathnú ar an Tuarascáil seo mar phointe tosaigh d’fhorbairt an Gheilleagair agus an Chultúir Oíche sa Todhchaí – ní mar phointe deiridh."
Rinne an Tascfhórsa scrúdú ar an raon leathan dúshlán atá roimh fhorbairt gheilleagar agus chultúr beoga oíche a fhorbairt lena n-áirítear rialacháin, dlíthe ceadúnaithe, iompar, agus éagsúlacht gníomhaíochtaí cultúrtha agus gheall an Tascfhórsa réitigh phraticiúla a aimsiú chun cabhrú lenár gcuid cathracha, bailte agus sráidbhailte, a raibh an oiread sin dúshlán rompu cheana féin, deiseanna nua a aimsiú agus a fhorbairt. Reáchtáil an Tascfhórsa dianphróiseas rannpháirtíochta geallsealbhóirí le hearnálacha ábhartha agus páirtithe leasmhara a bhfuil ról suntasach acu sa Gheilleagar agus sa Chultúr Oíche lena chinntiú go ndéantar gach tuairim agus smaoineamh a mheas agus is é an Tuarascáil toradh na gcomhairliúchán sin.
Dúirt an tAire Martin:
"Is cuid thábhachtach den Gheilleagar Oíche agus dár gcultúr í earnáil an cheoil leictreonaigh agus na gclubanna oíche agus tá sé tábhachtach go dtacaítear agus go n-aithnítear í. Tá a fhios agam go bhfuil frustrachas san earnáil mar bhí sé ar cheann de na hearnálacha is measa buailte le linn na paindéime ach tá súil agam go gcuirfear fáilte roimh an Tuarascáil seo agus muid ag athoscailt de réir treoir sláinte poiblí. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Tascfhórsa chomh maith agus le gach duine a chabhraigh leis an bpróiseas.
"Sa chomhairle a d’fhoilsigh an Rialtas ar an 31 Lúnasa, leagadh síos plean chun tús a chur le siamsaíocht bheo arís i mí Mheán Fómhair agus mí Dheireadh Fómhair. Sa chomhthéacs seo, tá lúcháir orm a fhógairt inniu go mbeidh imeacht píolótach chlub oíche ar siúl ar an 30 Meán Fómhair sa Button Factory i mBarra an Teampaill agus tá súil agam go gcuideoidh na torthaí foghlama ón imeacht seo leis an earnáil agus muid ag dul i dtreo mhaolú iomlán na srianta i mí Dheireadh Fómhair.
"Tá moltaí tábhachtacha sa tuarascáil seo ó thaobh na pleanála de. Tá mé féin agus mo chomhghleacaithe an tAire O’Brien agus an tAire Stáit Burke sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta tiomanta do cheardlann a óstáil leis an earnáil agus le Ranna eile chun réitigh ón tuarascáil seo a phlé."
Ionadaithe ó Ranna agus ó Ghníomhaireachtaí Rialtais tábhachtacha atá i bhformhór ball an Tascfhórsa agus tá ionadaíocht ag Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí sa Tascfhórsa freisin. Grúpa neamhspleách oibrithe deonacha é Give Us The Night a oibríonn laistigh den earnáil oíche agus a chuireann tuairimí na hearnála seo in iúl don Tascfhórsa níos leithne. Tá moltaí a chuimsíonn éagsúlacht na dtairiscintí laistigh den Gheilleagar Oíche, pleanáil, ceadúnú agus saincheisteanna eile i measc na moltaí a rinneadh sa Tuarascáil seo.
Labhair an tAire Stáit sa Roinn Dlí agus Cirt le freagracht speisialta as Dlí Sibhialta agus Coiriúil, Hildegarde Naughton TD, ag seoladh an lae inniu ar an nuachóiriú ar cheadúnú a moladh, mar a mhínigh an tAire Helen McEntee sa Phlean Dlí agus Cirt 2021:
"Rinne mo Roinnse mionphlé leis an Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche ar chur chuige nuálach chun tacú le forbairt cultúir agus geilleagair bheoga agus éagsúil in Éirinn. Is cuid thábhachtach den chaoi a ndéanaimid é sin ár ndlí ceadúnaithe a athchóiriú agus a nuachóiriú. Téann cuid dár ndlíthe ceadúnaithe chomh fada siar le 1833 agus caithfear iad a nuachóiriú agus a athchóiriú chun iad a chur in oiriúint do gheilleagar agus do shochaí an lae inniu.
"Inniu, cheadaigh an Rialtas dréachtú an Scéim Ghinearálta den Bhille um Dhíol Alcóil 2021, ag comhlíonadh na ngealltanas a leagamar síos i bPlean Dlí agus Cirt 2021 agus sa Chlár Rialtais. Aisghairfear na hAchtanna um Cheadúnú atá as dáta, na hAchtanna um Chlárú Clubanna, agus an tAcht um Halla Rince Poiblí 1935, agus cuirfear forálacha nuashonraithe agus cuíchóirithe 21ú haois ina leith maidir le díol, soláthar agus ól alcóil in áitribh cheadúnaithe agus i gclubanna cláraithe. Déanfaidh sé seo ár ndlíthe ceadúnaithe a athchóiriú, a chuíchóiriú agus a shimpliú.
"Táim tiomanta d’fhorbairt an athchóirithe seo le cur chuige tacúil i leith gnólachtaí, agus beidh leasanna sláinte poiblí, tomhaltóirí agus an phobail lárnach dá chur i bhfeidhm."
Labhair Sunil Sharpe, ó Give Us the Night ag ócáid an lae inniu chomh maith:
"Ócáid thábhachtach is ea foilsiú na tuarascála seo d’earnáil oíche na hÉireann. Próiseas dúshlánach a bhí ann uaireanta, ach táimid sásta leis an treo ina bhfuil sé ag dul agus bhaineamar taitneamh ar leith as ár rannpháirtíocht leis an Roinn agus leis an Aire Martin, a ghlac am chun na saincheisteanna atá idir lámha a thuiscint agus iarracht a dhéanamh i ndáiríre aghaidh a thabhairt orthu.
"Is tús athbheochana é seo do shaol oíche na tíre, agus má dhéantar é i gceart is féidir leis idirghníomhaíocht an phobail lena gcathair nó a mbaile áitiúil a mhéadú agus deiseanna nua a sholáthar do chuid mhaith dár bpobal. Déanann Éire cuid de na rudaí bunúsacha go maith fós, ach ó thaobh an chultúir agus na siamsaíochta de, níl mórán imeachtaí oíche ar siúl le blianta beaga anuas, agus mar gheall air sin chonaiceamar dúnadh ionad agus imeachtaí in go leor áiteanna sa tír.
"Ba cheart go n-oibreodh an earnáil oíche do gach gnóthas agus ionad, agus caithfear aon bhac air seo a bhaint. Ní dhéanfar é sin go léir thar oíche agus tá go leor dúshlán fós romhainn nach mór aird chúramach a thabhairt orthu uile. Creidim gur féidir linn na dúshláin seo go léir a chomhlíonadh go díreach, agus iad a chur ina gceart. Is féidir le siamsaíocht oíche oibriú i gcomhair gach duine, níl ag teastáil ach roinnt obair bhreise, diongbháilteacht agus teacht ar chomhréiteach anseo agus ansiúd freisin.
"Is é an rud is tábhachtaí ná go gcruthóimid múnla nua-aimseartha níos eagraithe, ar aon dul lenár gcomhghleacaithe Eorpacha, agus b’fhéidir beagáinín níos fearr ná cuid denár tíortha sin, fiú. Ní bheidh na hathruithe a chaithfimid a dhéanamh in Éirinn an-mhór, ní bheidh i gceist leo ach rudaí a dhéanamh ar bhealach difriúil, a bheith rud beag níos solúbtha, agus ar deireadh thiar muinín níos mó a chur i ngnólachtaí, ionaid, taibheoirí agus oibrithe oíche agus sa phobal i gcoitinne. Cé go bhfuil sé tábhachtach Éire a léiriú mar cheann scríbe inmhianaithe do thurasóirí, caitear tús áite a thabhairt do shiamsaíocht oíche den scoth a sholáthar dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu anseo."
Dúirt Liz Meaney ón gComhairle Ealaíon:
"Bánaíodh bailte agus cathracha le linn na paindéime agus cuirfear fáilte ar leith roimh an tuarascáil seo mar cabhróidh sí le dul i ngleic leis an dúshlán chun na hionaid uirbeacha sin a atógáil. Tá a fhios againn go léir go spreagann ealaíontóirí pobail. Tá a fhios againn freisin go bhfuil ganntanas spásanna oibre d’ealaíontóirí againn. Tá plean spás oibre á phlé faoi láthair ag an gComhairle Ealaíon le comhpháirtithe éagsúla - agus cuideoidh torthaí an tascfhórsa leis an obair seo. Oíche Dé hAoine seo chugainn cuirfimid fáilte roimh roinnt imeachtaí píolótacha speisialta a reáchtálfar mar chuid den Oíche Chultúir. Cuireann an tuarascáil béim freisin ar an ngá le haird ar leith a thabhairt ar inrochtaineacht a fheabhsú do gach duine i ngach ionad agus gníomhaíocht. Is tosaíocht í seo don Chomhairle Ealaíon agus tarraingíodh aird shoiléir ar an ngá le hinfheistíocht nuair a smaoinímid faoi ealaíontóirí agus faoi lucht féachana. Tagann tuarascáil an lae inniu roimh bheartas spásúil nua an Chomhairle Ealaíon a sheolfar níos déanaí i mbliana."
Bhunaigh an tAire Martin an Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche an bhliain seo caite ar an 30 Iúil 2020 mar cheann de ghníomhartha tosaíochta an Roinn Turasóireachta, Cultúr, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus gealltantas tábhachtach sa Chlár Rialtais.
Tá Katherine Licken, Ard-Rúnaí na Roinne, ina comhchathaoirleach ar an Tascfhórsa, mar aon le John McCarthy, iar-Ard-Rúnaí sa Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil agus tagann baill an Tascfhórsa ó raon Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais a gcuimsíonn a sainchúram gnéithe den Gheilleagar Oíche agus a bhfuil ionchur luachmhar acu le tabhairt ó thaobh reachtaíochta nó beartais de. Tá Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath agus Ard-Mhéara Chorcaí ina mbaill den Tascfhórsa freisin mar gheall ar a dtaithí shuntasach i bhforbairt an Gheilleagair Oíche i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh. Tá ionadaithe ó Give Us The Night (GUTN) ar an Tascfhórsa freisin. Is grúpa neamhspleách oibrithe deonacha é Give Us The Night a oibríonn laistigh den earnáil oíche agus a chuireann tuairimí na hearnála seo in iúl don Tascfhórsa níos leithne.
I measc cuid de na príomh-mholtaí tá:
Beidh an ócáid phíolótach chub oíche ar siúl ar an 30 Meán Fómhair 2021 in The Button Factory, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath agus tá sé á eagrú ag Hidden Agenda Ltd i gcomhairle le Give Us The Night.
Cuideoidh an ócáid le teimpléad sábháilte a fhorbairt agus triail a bhaint as lóistíocht thicéadú imeachta, cead isteach chuig ionad, tionchar na tástála antaigine agus aerála chun filleadh sábháilte agus inbhuanaithe ó thaobh airgeadais ar imeachtaí faoi dhíon a chinntiú.
Beidh 450 duine i láthair, is é sin 60% d’uasthoilleadh an ionaid agus ní mór do lucht freastail a vacsaíniú go hiomlán i gcoinne COVID-19 agus Teastas Digiteach COVID-19 a thaispeáint. Beidh tástáil antaigine ag teastáil freisin agus déanfar é gar don ionad.