Cuireann an tAire McConalogue leis an gcomhairliúchán faoin CBT, fad a chasann an tAire le heagraíochtaí feirme
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Mar chuid dá chomhairliúchán leanúnach ar Phlean Straitéiseach CBT 2023-2027 na hÉireann a fhorbairt, chas an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D. le heagraíochtaí feirme Dé Céadaoin.
Chas an tAire McConalogue, anuas ar na hAirí Stáit an Seanadóir Pippa Hackett agus Martin Heydon, T.D., le hionadaithe FAÉ, Cumann Soláthróirí Bainne Uachtarlainne na hÉireann (an ICMSA), Macra na Feirme, Cumann na bhFeirmeoirí Beithíoch agus Caorach (an ICSA) agus Cumann na bhFeirmeoirí Cnoic agus Natura na hÉireann (an INHFA) le héisteacht lena n-aighneachtaí faoi seach faoin gcomhairliúchán poiblí a thit amach le déanaí. Fuarthas breis agus 1,000 aighneacht faoin dáta deiridh an 3 Meán Fómhair.
Ag labhairt dó i ndiaidh na sraithe cruinnithe, dúirt an tAire McConalogue: “Dúirt mé riamh anall gur mian liom a mhéid tuairimí a bhailiú agus is féidir nuair a bhíonn Plean Straitéiseach an CBT nua á mhúnlú. Caithfidh an chéad CBT eile oibriú d’fheirmeoirí Éireannacha. Throid mé dian ar leibhéal Eorpach chun an tsolúbthacht a bhaint amach a theastaíonn chun cinntí a dhéanamh a dhéanann difear d’fheirmeoirí in Éirinn.
“Tá spriocdháta dian romhainn agus teastaíonn uainn ár bPlean Straitéiseach críochnaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2022 go mbeidh sé i bhfeidhm faoin mbliain 2023. I gcuideachta mo chomhghleacaithe agus m’oifigeach Airí, táimid ag oibriú gan stad gan staonadh chun Plean a sholáthar a oibreoidh d’fheirmeoirí Éireannacha trína n-ioncaim a chosaint agus a chabhróidh leo ár n-oibleagáidí aeráide a shásamh.
“Cuirfidh mé tús go luath le turas ar fud na tíre ina gcasfaidh mé le feirmeoirí agus a n-ionadaithe. Gheall mé an comhairliúchán seo maidir leis an CBT a thabhairt chomh fada le gach bleánlann, gach seid breithe laonna, gach páirc churaíochta agus gach tábla cistine agus tá sé sin á dhéanamh agam. I gcás feirmeoirí, seo a CBT agus is mian liom a chinntiú go gcloistear a nglórtha,” a dúirt an tAire. “Déanfaidh mé idirchaidreamh go luath le páirtithe leasmhara eile lena ndearcthaí a chloisteáil, agus déanfaidh an Roinn idirchaidreamh níos mionsonraithe ina dhiaidh sin le gach páirtí leasmhar sna seachtainí amach romhainn.”
Tugtar faoi gach tionscnamh na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara mar chuid de Phlean www.gov.ie/en/publication/a9d51-statement-of-strategy-2021-2024/
CRÍOCH