Cúnamh nua agus cúnamh breise don chruthaitheacht sna scoileanna fógartha ag an Aire Martin agus ag an Aire Foley
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Norma Foley TD, an tAire Oideachais inniu (an 29 Meán Fómhair 2020) sonraí faoi na scoileanna nua a bheidh páirteach sna cláir suaitheantais atá ag Éire Ildánach maidir le scoileanna – Scoileanna Ildánacha agus Braislí Cruthaitheachta.
Ar na scoileanna a fhógairt di a roghnaíodh chun páirt a ghlacadh i Scoileanna Ildánacha, dúirt an tAire Martin:
"Is cúis áthais dom fáilte a chur roimh 164 scoil breise ar na Scoileanna Ildánacha is deireanaí a thagann faoi cheann de thionscnaimh suaitheantais an chláir Éire Ildánach. Cuidíonn an clár seo – mar a chuidíonn tionscnaimh eile de chuid Éire Ildánach – leis na saoránaigh is óige inár measc ní amháin cúrsaí ealaíne, cultúir agus cruthaitheachta a thaithí ar mhaithe leis an sásamh atá le baint astu amháin, cuidítear leo freisin scileanna agus réimsí cumais nua a thabhairt chun aire agus a fhorbairt a mbíonn tairbhe astu maidir le forbairt agus teacht chun cinn an linbh agus a chuireann go ginearálta le saibhreas na foghlama acu."
Ar a fhógairt di go raibh 21 Braisle Cruthaitheachta nua á gcruthú, dúirt an tAire Foley:
"Is iomaí deacracht anróiteach a bhí le sárú le roinnt míonna anuas ag daltaí bunscolaíochta agus iarbhunscolaíochta, ag na múinteoirí agus ag pobal iomlán na scoileanna. Is tábhachtaí anois ná ag aon am go dtí seo go gcuirfí bonn treise faoi na daltaí agus a gcuid cruthaitheachta á tabhairt chun cinn acu, agus go ligtear dóibh aghaidh a thabhairt ar réimsí nua dúshláin agus iad féin a chur in iúl ar bhealaí nua.
"Tá 72 scoil ag teacht le chéile inniu i 21 Braisle Cruthaitheachta nua faoin tionscnamh seo a thugann de shaoirse dóibh réimsí nua cruthaitheachta a gcuireann siad spéis iontu a fhiosrú agus a shaothrú in éineacht. Is mian liom fáilte a chur roimh na scoileanna nua seo sa tionscnamh seo faoin gCiste Sármhaitheas Scoile agus táim ag tnúth le toradh na hoibre ar na tionscadail spéisiúla a fheiceáil i rith na mblianta atá romhainn."
Chomh maith leis na scoileanna nua a fhógairt a bheidh páirteach sa tríú babhta de gach aon cheann de na cláir seo, d'fhógair an tAire Martin agus an tAire Foley freisin ardú ar an gcabhair deontais do na scoileanna atá páirteach in Scoileanna Ildánacha agus Braislí Cruthaitheachta. Le hinfheistíocht fhoriomlán €3.6 milliún i mbliana sa dá chlár ar a n-áireamh le chéile (ardú níos mó ná €700,000 i gcomparáid leis an leithroinnt ar dtús), beidh deontas €3,100 á cheadú do gach Scoil Ildánach agus beidh €1,000 breise in aghaidh na scoile á fháil ag gach Braisle Cruthaitheachta sa bhliain 2020.
An tráth céanna, beidh líon níos mó scoileanna á dtabhairt isteach faoi Scoileanna Ildánacha sa bhliain 2020 (164 i mbliana i gcomórtas le 150 i mí Meán Fómhair 2019) leis na scoileanna breise atá á dtabhairt isteach faoin gclár á roghnú as na scoileanna DEIS a chuir iarratas isteach. Is mar gheall ar an infheistíocht bhreise in earnáil an chultúir faoi bhearta an Rialtais maidir le COVID-19 agus bearta chun spreagadh a thabhairt do chúrsaí eacnamaíochta ab fhéidir cur leis na cláir seo.
Dúirt an tAire Martin chomh maith:
"Is ábhar lúcháire faoi leith agam gurbh fhéidir leis an gComhairle Ealaíon, mar gheall ar na hacmhainní breise atá curtha ar fáil agam i rith ré seo na paindéime, soláthar do bhreis scoileanna faoi Scoileanna Ildánacha i mbliana – agus gur díríodh ar scoileanna i réimsí DEIS maidir leis na scoileanna breise sin. Fágfaidh an infheistíocht breise seo gur féidir le líon níos mó leanaí agus daoine óga cleachtadh a fháil ar an taitneamh atá le baint as bearta cruthaitheachta – mar a dúirt duine de na múinteoirí a d'oibrigh leis an gclár seo le dhá bhliain anuas ‘Nuair atá leanaí sona agus suim agus spéis acu i gcúrsaí ar scoil, is mó an tairbhe atá le baint acu as an bhfoghlaim ó thús go deireadh’."
Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon:
"Tá an Chomhairle Ealaíon níos tugtha ná mar a bhí riamh do dheiseanna breise a chur ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga páirt a ghlacadh i gcúrsaí ealaíne agus taitneamh a bhaint astu. Faoin tionscnamh Scoileanna Ildánacha, tugadh deis do na mílte daoine óga ar fud na hÉireann cleachtadh a fháil ar réimsí ealaíne ar scoil. Trí oibriú le healaíontóirí, le múinteoirí, le heagraíochtaí ealaíne agus le pobal uile na scoile, tugann Scoileanna Ildánacha deis iontach do leanaí agus do dhaoine óga an mianach cruthaitheachta atá iontu féin a thabhairt chun tosaigh. Is cúis ríméid dúinn go mbeidh tairbhe á bhaint i mbliana ag 164 scoil nua as an tionscnamh agus go mbeidh an deis sin, páirt a ghlacadh i gcúrsaí ealaíne ar bhealach éifeachtach lán brí, á tabhairt do líon mór leanaí agus daoine óga eile."
CRÍOCH
Is clár cultúir agus tionscnamh uile-rialtais atá sa chlár Éire Ildánach trína gcuirtear an chruthaitheacht i gceartlár an bheartais phoiblí agus trína gcuirtear maitheas an duine, an phobail agus an náisiúin chun cinn. Tagann Scoileanna Ildánacha, Braislí Cruthaitheachta agus Comhpháirtíochtaí Áitiúla Óige Ildánach faoi Cholún 1 – Óige Ildánach. Tá breis eolais ar fáil anseo.
Tionscnamh suaitheantais faoin gclár Éire Ildánach is ea Scoileanna Ildánacha a ndéanann an Chomhairle Ealaíon an cheannródaíocht ina leith i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige.
Cuireadh Scoileanna Ildánacha ar bun sa bhliain 2018 nuair a roghnaíodh 150 scoil a bheadh páirteach sa chéad bhabhta (ó thús scoilbhliain 2018/19) agus 150 a bheadh páirteach sa dara babhta (scoilbhliain 2019/20).
Tá curtha le líon na scoileanna don tríú babhta (ó mhí Meán Fómhair 2020) lena mbaineann 164.
Cuirtear deis caidrimh le "Comhalta Cruthaitheachta" ar fáil do na scoileanna a roghnaítear d'fhonn cuidiú le plean cruthaitheachta a thabhairt chun cinn i ngach scoil faoi leith – d'fhéadfadh gur múinteoir an Comhalta Cruthaitheachta nó go mbíonn leas as an taithí phraiticiúil atá aige/aice ar ré gairme i mbun saothrú na cruthaitheachta chun freastal do na riachtanais atá ag gach scoil faoi leith.
Ceadaítear deontas €2,000 do gach scoil chun plean na scoile a chur i bhfeidhm. Tá deontas breise €1,100 á chur ar fáil do na scoileanna ar bhonn eisceachta sa bhliain 2020.
Tá cistí os cionn €3 milliún in iomláine á gcur ar fáil do Scoileanna Ildánacha sa bhliain 2020.
Tá sonraí faoi na scoileanna nua atá páirteach i Scoileanna Ildánacha ó mhí Meán Fómhair 2020 ar fáil anseo: http://www.artscouncil.ie/creative-schools/schools-2020-21/
Tionscnamh píolótach de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna is ea Braislí Cruthaitheachta, i gcomhar le hIonaid Oideachais na Múinteoirí (ATECI) atá i mbun ceannródaíochta ar an gclár agus le maoiniú faoin gCiste Sármhaitheas Scoile. Bíonn idir dhá scoil agus cúig cinn de scoileanna i mBraisle Cruthaitheachta, iad ag obair i gcomhar maidir le tionscadal foghlama den nuáil i réimse na healaíne agus na cruthaitheachta a leagan amach, a chur i bhfeidhm, a mheas agus a dháileadh a chuidíonn leo dul i ngleic le deacracht, a shonraíonn an bhraisle féin, atá le sárú acu go léir. D'fhéadfadh gur bunscoileanna amháin a bheadh i mbraisle, scoileanna dara leibhéal amháin nó bunscoileanna agus scoileanna iarbhunscolaíochta le chéile.
Cuireadh tús le tionscnamh na mBraislí Cruthaitheachta i rith scoilbhliain 2018-19 nuair a cuireadh 23 braisle ar bun le 71 scoil ar fud na tíre.
I rith scoilbhliain 2019-20, cuireadh 21 Braisle Cruthaitheachta, lena bhain suas le 5 scoil an ceann, á gcur ar bun ag 77 scoil.
Ó mhí Meán Fómhair 2020, beidh 72 scoil i 21 Braisle ag teacht isteach faoin tionscnamh:
Is tionscnamh de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna an Ciste Sármhaitheas Scoile d'fhonn sárshaothrú agus nuálaíocht a spreagadh sna scoileanna agus aitheantas a thabhairt dó sin. Tá an Ciste Sármhaitheas Scoile ar bun maidir le réimsí éagsúla:
Tá sonraí faoi na scoileanna nua atá páirteach sna Braislí Cruthaitheachta ó mhí Meán Fómhair 2020 ar fail anseo: https://www.education.ie/ga/Scoileanna-Col%C3%A1ist%C3%AD/Eolas/Curaclaim-agus-Siollabas/braisli-cruthaitheacha-%E2%80%93-2020-2022.pdf