Creed ag Iarraidh Tacaíochtaí Breise AE chun Cuidiú leis na hEarnálacha Agraibhia agus Iascaigh Dul i nGleic le tionchar COVID-19
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'iarr an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD inniu ar an gCoimisiún Eorpach a thacaíocht maidir leis na hearnálacha agraibhia agus iascaigh a neartú i ndáil leis an troid in aghaidh COVID-19.
Le linn fhíschomhdháil an lae inniu idir Airí Talmhaíochta agus Iascaigh an AE, an Coimisinéir um Thalmhaíocht, Janusz Wojciechowski agus an Coimisinéir Iascaigh Virginijus Sinkevicius, dúirt an tAire Creed go raibh fáilte curtha aige roimh na céimeanna atá glactha ag an gCoimisiún go dtí seo ach go raibh géarghá le tuilleadh gníomhaíochta.
Dúirt an tAire:
"Chuir mé an méid atá ag cur imní fós orm maidir le chomh tromchúiseach agus atá an tionchar a bheidh ag géarchéim COVID-19 ar an earnáil agraibhia agus an t-achar fada a d'fhéadfadh a bheith i gceist leis sin in iúl arís, agus chur mé in iúl chomh maith arís go raibh mé ag iarraidh maoiniú breise a bheith curtha ar fáil, i bhfoirm cúnamh eisceachtúil do tháirgeoirí beostoic ach go háirithe. Ní mór na féidearthachtaí ar fad maidir leis seo a scrúdú go práinneach."
Ghlac an tAire Creed an deis béim a leagan ar chuid de na feabhsúcháin a d'fhéadfaí a dhéanamh, ó thaobh na hÉireann de, ar na bearta atá fógartha cheana ag an gCoimisiún, lena n-áirítear maoiniú níos mó maidir le cúnamh i ndáil le stóráil phríobháideach sna hearnálacha déiríochta agus feola.
Ag díriú ansin ar chúrsaí iascaigh, thug an tAire Creed ar aird go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar ghníomhaíochtaí foriomlána fhlít iascaireachta na hÉireann, maidir le hárthaí beaga ach go háirithe, agus go bhfuil an cheist i ndáil leis an margadh dúshlánach go fóill. D'iarr sé ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an méid atá de dhíth ón earnáil ar bhonn leanúnach.
Mar focal scoir dúirt an tAire:
"Tá freagra comhordaithe agus éifeachtúil de dhíth orainn maidir le COVID-19 ag leibhéal Eorpach chun go mbeifear ábalta tionchar na géarchéime ar na hearnálacha agraibhia agus iascaigh a mhaolú. Táim ag súil go smaoineoidh an Coimisiún go cúramach ar ábhar plé an lae inniu, agus táim ag súil le moltaí breise a fheiceáil, moltaí a chinnteoidh freagra láidir agus tráthúil maidir leis na deacrachtaí is cosúil a bheidh ag cur isteach ar na hearnálacha seo sa mheántéarma."
CRÍOCH