Deontas suas le €21,000 ceadaithe d’Ionad Pobail na Minna i gCo. na Gaillimhe
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair Jack Chambers T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, inniu go bhfuil deontas suas le €21,000 nó 80% den chostas iomlán ceadaithe aige do Choiste Pobail na Minna le cur ar a gcumas comhairleoir a cheapadh don obair athchóirithe atá le déanamh ar Ionad Pobail na Minna.
Tá an deontas ceadaithe faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne.
Dúirt Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt Jack Chambers:
“Cuirfidh an obair athchóirithe ar Ionad Pobail na Minna tuilleadh leis an obair atá ar bun ar leas an phróisis pleanála teanga - atá ar leas phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge i ndeireadh thiar thall. Is faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne atá an cúnamh seo á chur ar fáil.”
Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha sa Phlean Forbartha Náisiúnta agus i leith an Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga faoi ghníomh 2.11, 2.21 agus 2.22 go sonrach sa Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 atá an deontas seo á ceadú.