Fógraíonn an Taoiseach agus an tAire Sláinte ceapachán an Uasail Paul Reid mar Ard-Stiúrthóir ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá áthas ar an Taoiseach Leo Varadkar TD agus ar Simon Harris TD, an tAire Sláinte, a fhógairt gur ceapadh an tUas. Paul Reid mar Ard-Stiúrthóir ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).
Ceapadh an tUas. Reid tar éis comórtas oscailte a sheol an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Tugadh a cheapachán faoi deara ag an gcruinniú Comh-aireachta ar maidin.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an Taoiseach,
“Rachaidh Paul Reid i mbun an phoist seo tráth a bheidh athrú agus athchóiriú ríthábhachtach i réim inár seirbhísí sláinte. Den chéad uair le tréimhse fhada anuas, is againne anois atá na hacmhainní, an plean agus na pearsana a theastaíonn chun bogadh ar aghaidh.
“Le linn an ama a chaith sé i gceannas ar Chomhairle Contae Fhine Ghall agus le linn a chuid oibre in Eircom agus sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe roimhe sin, ghnóthaigh Paul cáil láidir mar cheannaire dinimiciúil uaillmhianach a raibh fonn air i gcónaí dul i ngleic le dúshláin, a bhrúigh athstruchtúrú chun cinn, a choinnigh costais faoi smacht, a bhain dea-thorthaí amach agus a bhainistigh caidreamh tionsclaíoch ar bhealach éifeachtach.
“Is ról thar a bheith tábhachtach é an ról mar Ard-Stiúrthóir ar FSS. Oibreoidh Paul leis an mbord nuacheaptha agus nuachumhachtaithe ar FSS agus le Laura Magahy, Stiúrthóir Feidhmiúcháin an chláir Sláintecare, de réir mar a ghéaraítear ar chur chun feidhme ár bplean 10 mbliana chun an tseirbhís sláinte a fheabhsú agus a athchóiriú. Guím gach rath ar Paul ina ról nua agus táim ag tnúth le bheith ag obair leis.”
Ag fáiltiú dó roimh an gceapachán, dúirt an tAire Harris,
“Tá Paul Reid á cheapadh ag am corraitheach don tseirbhís sláinte, áit a bhfuil treo beartais soiléir, mar atá leagtha amach faoin gclár Sláintecare, á shaothrú, a bhfuil an infheistíocht is mó riamh á déanamh agus a bhfuil mórchlár caipitil ar siúl. Tabharfaidh sé tacar scileanna fairsing chuig an ról, a fhágann gur i bhfeidhm againn anois atá na bunchlocha don tseirbhís sláinte a dtuilleann an pobal í a chruthú. Is ceannaire cruthaithe sa tseirbhís phoiblí é agus tá dea-theist air maidir le hathchóiriú a bhaint amach.
“Guím gach rath air sa ról nua. Ba mhaith liom an deis seo a thapú freisin chun buíochas a ghabháil le Anne O’Connor Uas. as an gceannaireacht eiseamláireach atá taispeánta aici le míonna beaga anuas.”
Cuirfidh an tUas. Reid tionacht 5 bliana isteach agus táthar ag súil leis go gcuirfidh sé tús lena chuid oibre an 14 Bealtaine.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tUas. Reid,
“Is mór an onóir dom glacadh leis an ról mar Ard-Stiúrthóir ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus táim ar bís leis an ról a thosú go luath.
“Níl aon amhras ann gur dúshlán mór é toisc go mbeidh orainn na sásraí reatha soláthar seirbhíse a bhainistiú agus a neartú agus, ag an am céanna, an t-aistriú i dtreo samhail nua chúraim chomhtháite, mar atá leagtha amach faoin gclár Sláintecare, a threorú. Díreofar go príomha le linn mo théarma ar eispéireas na n-othar agus na ndaoine uile a thagann i dteagmháil linn.”
Dúirt Ciaran Devane, Cathaoirleach ar FSS:
“Roghnaíodh Paul ó bhuíon iarrthóirí a bhí an-chumasach agus a raibh an-taithí acu. A bhuí leis an taithí atá aige ar an earnáil phoiblí agus ar an earnáil phríobháideach araon, beidh Paul breá-ábalta dul i mbun ceann de na róil is dúshlánaí sa tír.
“I róil roimhe sin, léirigh sé an dúil atá aige in ardchaighdeáin agus ardluachanna a bhaint amach agus seirbhísí poiblí á soláthar agus i dtacaíocht a thabhairt do bhaill foirne, agus iad a fhorbairt, chun an méid sin a dhéanamh.
“Tá Bord nua FSS agus mise féin ag tnúth le bheith ag obair le Paul agus lena fhoireann chun feabhas leanúnach a chur ar sheirbhísí sláinte in Éirinn.”
CRÍOCH
Beathaisnéis
Tá Paul Reid ag obair mar Phríomhfheidhmeannach ar Chomhairle Contae Fhine Gall ón mbliain 2014 i leith.
Ba san earnáil phríobháideach a chuir an tUas. Reid tús lena ghairm, agus é ag obair in Eircom. Sa ról sin, stiúir sé aonad gnó ina raibh 5,000 ball foirne agus thuairiscigh sé do Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin an Ghrúpa.
Ina dhiaidh sin, bhí sé ina cheann ar fhorbairt eagraíochta agus gnóthaí corparáideacha in Trócaire.
Chuaigh sé isteach sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe mar Phríomhoifigeach Oibriúcháin. Sa ról sin, threoraigh sé forbairt agus cur chun feidhme chlár athchóirithe an Rialtais, agus an mhaoirseacht a dhéantar ar an gclár, ar fud na státseirbhíse agus na seirbhíse poiblí.
Tá an tUas. Reid ina chomhalta den Chomhairle Chomhairleach um Chur Chun Feidhme Sláintecare, arb é an clár athchóirithe sláinte atá ar bun ag an Rialtas é. Bhí sé ina Leaschathaoirleach ar an Tascfhórsa Náisiúnta um Meabhairshláinte na hÓige roimhe sin.
Tá céim MSc (Bainistíocht) aige ó Scoil Ghnó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.