Fáiltíonn an tAire Harris roimh chruinniú tionscnaimh na Comhairle Neamhspleáiche um Shábháilteacht Othar
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thionóil an Chomhairle Neamhspleách um Shábháilteacht Othar an chéad chruinniú dá cuid sa Roinn Sláinte inniu. Ceapadh an Chomhairle chun comhairle agus treoir ó raon leathan dearcthaí a thabhairt don Aire Sláinte i leith an beartas um shábháilteacht othar a fhorbairt.
Ag labhairt dó faoin ábhar, dúirt an tAire Harris:
“An bhonnchloch dár gcóras cúram sláinte is ea sábháilteacht othar. Cuirfidh an Chomhairle go mór leis an raon tionscnamh atá ar bun ag an rialtas cheana féin chun feabhas a chur ar an teagmháil le saineolaithe ábhartha, le ceannairí agus le saoránaigh le linn beartais a cheapadh. Tá raon leathan saineolais agus taithí ag na comhaltaí den Chomhairle, a thagann ó roinnt cúlraí éagsúla – oideachas, sábháilteacht othar, beartas sláinte agus ceannaireacht cúram sláinte ina measc. Rud tábhachtach, tá triúr comhaltaí againn a dhéanann ionadaíocht do ghuth an othair.”
Saincheist náisiúnta agus idirnáisiúnta araon is ea sábháilteacht othar. Sainaithníodh í mar cheann amháin de na príomhchúiseanna le hualach domhanda an ghalair. Is gníomhaíocht rioscúil ó dhúchas é soláthar cúram sláinte agus ní féidir earráidí a sheachaint i gcónaí. Cruthaíodh ar bhonn idirnáisiúnta gur féidir dochar a mhaolú agus a theorannú agus cultúr foghlama a chothú trí reachtaíocht um shábháilteacht othar a thabhairt isteach agus gur féidir an ghníomhaíocht sin a dhéanamh chun an líon teagmhas agus costas aon dochair d’othair – idir dhochar neamhbheartaithe agus dhochar nach rabhthas ag súil leis – a laghdú.
Dúirt an tAire Harris freisin:
“Beidh an Chomhairle Neamhspleách um Shábháilteacht Othar faoi chathaoirleacht ag Noeline Blackwell. Ag obair di mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Ionad Éigeandála Bhaile Átha Cliath um Éigniú agus mar Stiúrthóir ar an Ionad Comhairle Dlí Saor in Aisce, agus i róil eile, tá sí ag obair ar leibhéal sinsearach le blianta fada anuas chun dul i ngleic le fadhbanna casta deacra. Mórchúis áthais dom is ea caighdeán na gcomhaltaí den Chomhairle agus an t-am pearsanta a chuir siad i leataobh don obair seo. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo go léir as ceannaireacht a thaispeáint agus iad ag glacadh leis an ról seo. Creidim go láidir go n-imreoidh an Chomhairle seo ról ríthábhachtach maidir leis an gclár oibre beartais um shábháilteacht othar a chur ar aghaidh.”
Dúirt Noeline Blackwell, Cathaoirleach an Choiste:
“Is mór an onóir dom gur ceapadh mé mar Chathaoirleach ar an gComhairle thábhachtach seo. Tá sé beartaithe agam obair go dlúth leis na comhaltaí chun rannchuidiú dearfach éifeachtach a dhéanamh don Aire Sláinte i leith an beartas um shábháilteacht othar in Éirinn a fhorbairt.”
Is é an chéad rud a dhéanfaidh an Chomhairle ná comhairle agus treoir a thabhairt don Roinn Sláinte maidir le Creat um Nochtadh Oscailte a fhorbairt. Beidh sé mar aidhm leis an gCreat sin cabhrú le heagraíochtaí agus cliniceoirí prionsabail an nochta oscailte a chur i bhfeidhm agus iad ag déanamh cumarsáid le hothair nuair a théann rudaí amú i gcúram sláinte.
CRÍOCH
Is iad seo a leanas na comhaltaí den Chomhairle;
Comhaontóidh an Chomhairle téarmaí tagartha agus rialacha nós imeachta ag an gcéad chruinniú dá cuid.
Ceaptar comhaltaí ar feadh tréimhse idir trí bliana agus cúig bliana agus tiocfaidh siad le chéile dhá uair nó trí huaire in aghaidh na bliana de ghnáth.