Deir an tAire Feighan go gcuireann Sonraí Cóireála na nDrugaí an BTS don bhliain 2020 béim ar thábhacht na freagartha faoi threoir na sláinte ar mhí-úsáid na ndrugaí agus an alcóil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus Straitéis Náisiúnta na nDrugaí, Frank Feighan TD, fáilte roimh fhoilsiú na sonraí cóireála maidir le mí-úsáid drugaí (seachas alcól) ag Bord Taighde na Sláinte.
Dúirt an tAire Feighan
"Léiríonn tuarascáil an BTS go raibh 10,000 cás cóireála ann sa bhliain 2020. Is iontach é an leibhéal ard cóireála seo in ainneoin tionchar an Covid-19 ar sheirbhísí na sláinte. Is rí-shuntasach ar leith é go bhfuil líon na gcásanna cóireála nua, 3,800, gan ach 180 níos lú ná líon na bliana 2019. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le soláthraithe seirbhíse na ndrugaí - an FSS, san earnáil deonach agus in earnáill an phobail - as leanúint ar aghaidh ag freagairt do riachtanais sláinte iad siúd a mbaineann mí-úsáid as drugaí. Léiríonn na sonraí dúthracht agus solúbthacht soláthraithe na seirbhíse le linn dúshláin an Covid-19. De dheasca na srianta ar sheirbhísí cónaithe agus ar chlinicí na nDochtúirí Teaghlaigh, is iontuigthe iad na cúiseanna maidir leis an laghdú níos lú ná 1,000 ar líon iomlán na gcásanna".
Agus an tAire Feighan ag leanúint leis
"Níos ginearálta, leagann na sonraí béim ar thábhacht an fhreagra sláinte-bhunaithe ar mhí-úsáid na ndrugaí. Is léir go bhfuil tionchar mór ag drugaí ar shaol an duine, idir corp agus meabhair. Cé go n-admhaím an tábhacht a baineann leis an bpóilíneacht maidir le soláthar na ndrugaí a laghdú, is léir go bhfuil gá le seirbhísí sláinte breise ar chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar mhí-úsáid na ndrugaí".
Thagair an tAire Feighan do na sonraí nua sa tuarascáil a léirigh go raibh leanaí ag 25% dóibh siúd ag fáil cóireála, ina measc 10% le leanaí atá ina gcónaí sa bhaile. Dar leis:
"Tá imní mhór orm faoi dhroch-thionchar na ndrugaí ar leanaí agus ar theaghlaigh. Is údar breise é seo le haghaidh freagra sláinte-threoraithe a chur chun cinn. Táim tar éis béim ar leith a chur chosaint na leanaí ó uafás na ndrugaí i bplean gníomhaíochta straitéiseach nua na blianta 2021-2025 de réir Straitéis Náisiúnta na nDrugaí".
Thug an tAire faoi deara nach raibh raon na mbeart cóireála nua a tugadh isteach sna blianta 2020 agus 2021 le feiceáil sna sonraí cóireála. Luaigh sé:
Rinne an tAire Feighan trácht ar líon méadaithe na ndaoine a bhí ag lorg cóireála le haghaidh an chóicaoin agus an chracóic i gcomparáid leis na blianta roimhe seo:
“Is príomhaidhm de chuid Straitéis Náisiúnta na nDrugaí í ná cur leis na freagairtí luatha um an díobháil as mí-úsáid na ndrugaí a laghdú, ina measc an cócaon agus an cracóc. Tá sé mar aidhm ag an bhfeachtas náisiúnta um laghdú díobháil cócaoin, a cuireadh tús leis sa bhliain 2018, ná an tuiscint a mhúscailt faoi na contúirtí a mbaineann leis an gcócaon a chaitheamh, an béim a leagan ar na rioscaí agus na contúirtí a mbaineann le caitheamh an chócaon do ghrúpaí ar lagchuidiú, agus aird a thabhairt ar an mbaol dóibh siúd a bhíonn i mbun na ‘húsáide spraoiúla’. Cuirfidh na sonraí seo bun eolas faoi leithdháileadh an mhaoinithe €1m breise do thionscnaimh atá dírithe ar dhrugaí agus an alcól i gcomhar leis na Tascfhórsaí Drugaí agus Alcóil sa bhliain 2021".
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Feighan:
"Tá dúshláin breise os comhair iad siúd a bhfuil fadhbanna acu maidir le drugaí agus an alcól le linn paindéim an Covid-19. Mholfainn d’éinne a bhfuil imní orthu faoina gcuid mí-úsáid na ndrugaí agus an alcóil féin, nó faoi mhí-úsáid ag ball dá theaghlach, teagmháil a dhéanamh leis an líne chabhrach ag 1800 459 459. Cuireann an líne chabhrach tacaíocht, faisnéis, treoir agus atreorú ar fáil d’éinne a bhfuil ceist acu nó imní orthu a bhaineann le mí-úsáid na ndrugaí agus an alcóil agus tá sí ar oscailt ón Luan go dtí an Aoine, 9.30rn go 5.30in ".
Críoch