Maoiniú do thionscadail maidir le cur chun cinn foraoiseachta ar éirigh leo fógartha ag Doyle
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá torthaí an ghlao phoiblí ar thograí chun foraoiseacht a chur chun cinn fógartha inniu ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Andrew Doyle TD. Bhí an glao dírithe ar thionsnaimh trína léireofar na leasanna ilfheidhmeacha a bhaineann le foraoiseacht, plandáil tuilleadh crann a chur chun cinn agus bainistíocht foraoise inbhuanaithe a spreagadh, a spreagadh. Fuarthas 40 togra ar an iomlán agus ceadaíodh 15 cinn díobh. Cuirfear iad sin i bhfeidhm le maoiniú ar fiú beagnach €830,000 in 2019 agus 2020 é.
Dúirt an tAire:
"Tá an fógra seo tráthúil mar a dhéanann muid ceiliúradh ar dheireadh a bheith ag teacht le Seachtain iontach Náisiúnta na gCrann. Is ábhar mór misnigh é an freagra a fuarthas ar an nglao seo. Cuireadh réimse leathan tograí nuálacha isteach ar fud na tíre. I measc na dtionscadal ar éirigh leo, tá tionscadail a bhfuil béim áitiúil ag baint leo agus tograí eile a bhfuil béim náisiúnta ag baint leo. Tá ríméad orm a fheiceáil go gcuirfidh roinnt tionscadal ar éirigh leo crainn leathanduilleacha a chur chun cinn. Cuirfidh sin go mór leis an rath leanúnach atá ar an gcéatadán de chrainn leathduilleacha a chuirtear, agus tá breis agus 500,000 crainn leathanduilleacha curtha go dtí seo in 2019."
Tá scóip agus lucht spéise na dtionscadal atá á maoiniú go hiontach agus áirítear iontu féile coillearnaí, laethanta oscailte maidir le coillearnach dhúchasach a bhunú, crua-adhmad sa bhithgheilleagar a chur chun cinn chomh maith le roinnt tionscnamh scoilbhunaithe a tabharfaidh deis do dhaltaí scoile foghlaim faoin nádúr agus faoi chrainn taobh amuigh den seomra ranga i bhforaoisí an cheantair. Tá maoiniú chun tacú le Coillte Dúchasacha nua a bhunú chomh maith le tionscnaimh bainistíochta foraoise d'úinéirí foraoise.
Dúirt an tAire chomh maith:
"sainaithníodh i dtuarascáil maidir le hAthrú Aeráide de chuid Choiste an Oireachtais le déanaí an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag foraoiseacht le dul i ngleic leis an gceist sin. Tá dúshlán tugtha ag an tuarascáil sin dúinn go léir agus caithfidh muid freagra a thabhairt. I measc na mbuntáistí a bhaineann leis an bhforaoiseacht tá buntáistí ó thaobh na timpeallachta de, buntáistí eacnamaíochta chomh maith le buntáistí fóillíochta agus táim ag súil le cur i bhfeidhm na dtionscadal seo chun feasacht a ardú ar fud na hÉireann."
CRÍOCH
Ainm an Ghrúpa | Cur síos | Áit |
Western Forestry Co-Operative Society Ltd | Mar chuid den togra seo, beidh lá oscailte maidir le coillearnach dhúchasach chun aird a tharraingt ar scéim na gcoillte dúchasacha agus ar bhunú coillte dúchasacha nua faoi Chás 5 - Coillearnach Téisclime Beithe. | Co na Gaillimhe |
Cumann Saothróirí Adhmaid na hÉireann (ITGA) - Iontaobhas Aonad Foraoiseachta na hÉireann (IForUT) | Coillearnach Taispeántais/Léirithe a bhunú i bhforaois Chluain Fhada sa gcaoi is go gcuirfear coillearnach fheiliúnach ar fáil don phobal, d'fheirmeoirí, úinéirí foraoise, scoileanna, coláistí, na meáin agus eile le go mbeidh siad in ann taitneamh a bhaint aisti agus foghlaim faoi na buntáistí ilfheidhmeacha foraoiseachta. | Uíbh Fhailí |
Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann | Tá sé mar aidhm ag an togra 'Branch Out' an méid eolais atá ar fáil d'fheirmeoirí maidir leis na buntáistí foraoiseachta a d'fhéadfadh a bheith ann a ardú chun ioncaim theaghlaigh feirme a ardú, ag úsáid eolas ó chás-staidéir fheirmeoirí chun cur leis an tuiscint atá ann maidir leis an bpoitéinseal a bhaineann le foraoiseacht ar fheirmeacha. | Náisiúnta |
Úinéirí Coillearnach Luimnigh/Thiobraid Árann (LTWO) | Aistriú eolais idir úinéirí chrainn leathanduilleacha maidir leis na margaí a d'fhéadfadh a bheith ann d'adhmad le trastomhas beag. | Luimneach agus Tiobraid Árann |
Coillearnacha na hÉireann | Bunú na gcoillearnach dhúchasach agus scéimeanna caomhnaithe a chur chun cinn chomh maith leis an Scéim um Choillearnach Dhúchasach a chur i bhfeidhm. Ag cuidiú le bonn a chur faoi acmhainn na hearnála foraoise chun spriocanna an Chláir Náisiúnta Foraoiseachta do choillearnacha dúchasacha a bhaint amach. | Náisiúnta |
CRANN - Trees for Ireland | Na buntáistí ilfheidhmeacha a bhaineann le foraoiseacht lena n-áirítear Comhdháil Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe maidir le Postanna Glasa san Earnáil Foraoiseachta a chur chun cinn. | Náisiúnta |
Cumann Foraoiseoirí na hÉireann | Cuirfidh "Ambasadóirí Foraoiseachta" na buntáistí ilfheidhmeacha a bhaineann le foraoiseacht in iar-bhunscoileanna a chur chun cinn chomh maith leis an bhforaoiseachta a léiriú mar rogha gairme. | Náisiúnta |
Western Forestry Co-Operative Society Ltd | Eagrófar féile coillearnaí chun feasacht a ardú maidir leis na buntáistí foraoiseachta atá ann do gach duine. Beidh taispeántais bheo maidir le tanú, coillearnacha a fheabhsú, sábhmhuilleoireacht, puball na dtascanna adhmaid, siúlóidí crainn agus cainteanna coillearnaí chomh maith le bia, ceardaíocht agus siamsaíocht don teaghlach go léir ar siúl ar an lá. | Co Liatroma |
Táirgeoirí Adhmaid na hÉireann | Forbrófar réimse gníomhaíochtaí foraoise atá dírithe ar fhoraoisí lánaibí agus na teimpléad atá leo; lena gcur i bhfeidhm ag scoileanna, eagraíochtaí óige agus grúpaí pobail. | Loch Garman, Cill Chainnigh, Port Láirge |
Tionscadal Oideachais Kerry Earth | Tá sé mar aidhm ag Forest Connections daoine de chuile aois a mhealladh chun na foraoisí le go mbeidh siad ábalta saol na foraoise a bhreathnú, taitneamh a bhaint as agus páirt a ghlacadh sa saol sin. Tabharfar deis do gach duine baint a bheith acu le foraoisí áitiúla agus foraoisí ar fud na hÉireann agus cuirfidh sin le mothúcháin folláine agus leis an eolas atá acu maidir le chomh tábhachtach is atá foraoisí inár saol. | Co Chiarraí |
Cumann Saothróirí Adhmaid na hÉireann (ITGA) | Cuireann an ITGA cleachtais maidir le bainistíocht foraoise inbhuanaithe chun cinn a chinntíonn go bhfuil plandálacha foraoise príobháideacha ag baint barr a gcumais maidir le cúrsaí timpeallachta agus eacnamaíochta amach. Baintear an méid sin amach trí réimse leathan seirbhísí eolais lena n-áirítear nuachtlitreachta, bliainirisí agus turais allamuigh. | Náisiúnta |
An Taisce (An tAonad d'Oideachas Comhshaoil) | Cuirfidh Aonad d'Oideachas Comhshaoil An Taisce (EEU) na buntáistí ilfheidhmeacha a bhaineann le foraoiseacht chun cinn i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna. Obair go dlúth le scoileanna tríd an téama Bithéagsúlacht na Scoileanna Glasa agus acmhainní ón gclár píolótach LEAF a chur in oiriúint agus a fhorbairt; ceardlanna do dhaltaí agus treoir do mhúinteoirí a chur ar fáil le go mbeidh siad in ann a bheith ag foghlaim taobh amuigh de na ceardlanna sin. | Náisiúnta |
Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann & Western Forestry Co-Operative | Cuirfidh an togra sin dea-chleachtais maidir le bainistíocht foraoise inbhuanaithe chun cinn agus cuirfidh sé le tuiscint na ndaoine ar an luach a bhaineann leis na acmhainní foraoise, le béim ar leith ar luachanna na n-acmhainní de réir mar a bheidh an fhoraois ag teacht in aibíocht. Cuirfear béim ar thrí rogha bainistíochta (i) bainistíocht ag an úinéir (ii) bainistíocht ag an bhforaoiseoir/ag an gcomhlacht gairmiúil agus (iii) d'acmhainn foraoise a dhíol. | Náisiúnta |
Táirgeoirí Adhmaid na hÉireann (IWP) | Déanfaidh an IWP sraith de bhileoga eolais agus d'fhíseáin a thabharfaidh léargas céim ar chéim ar an bpróiseas a bhaineann le bainistíocht foraoise lena n-áirítear gearrthóga físe den ghníomhaíocht ar an láthair maidir le plandáil, cothabháil, fómhar, muillin sábhadóireachta agus smiotadh a chur i láthair. | Náisiúnta |
Agri Aware | Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh oideachais "Branching Out" feasacht a ardú ag leibhéal na bunscoile maidir leis an tábhacht a bhaineann le foraoiseacht i saol daoine de chuile aois ar fud na hÉireann. Déanfar sin trí úsáid a bhaint as gníomhaíochtaí agus ceachtanna nuálacha agus tarraingteacha a bhfuil baint acu leis an gcuraclam. | Luimneach, Tiobraid Árann, Corcaigh, Ciarraí agus Cill Mhantáin. |