Fógraíonn airí Sraith Gníomhartha chun Tacú le Saothraithe Gairneoireachta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair airí sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara inniu sraith gníomhartha chun tacú le saothraithe gairneoireachta Éireannacha a bhraitheann ar mhóin.
Leanann seo Tuarascáil Deiridh an Ghrúpa Oibre um Chaonach Móna a Úsáid sa Tionscal Gairneoireachta a fhoilsiú. Bunaíodh an Grúpa Oibre um Chaonach Móna a Úsáid sa Tionscal Gairneoireachta tar éis sraith cinntí Ard-Chúirte a dheimhnigh go dteastaíonn cead pleanála agus ceadúnú ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil chun móin a bhaint ar bhonn mórscála. Bhí dualgas ar leith ar an nGrúpa Oibre scrúdú a dhéanamh ar na roghanna féideartha ar mhóin don tionscal gairneoireachta. Cé go bhfuil an earnáil tiomanta d’aistriú amach ó mhóin a úsáid, ní féidir seo a dhéanamh sa ghearrthéarma.
Chuige sin, d’oibrigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (an RTBM) leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (an RCAC), agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (Tithíocht), chun tograí a fhorbairt, an méid seo a leanas san áireamh:
• saineolaí neamhspleách a choimisiúnú chun measúnú a dhéanamh ar leibhéil agus oiriúnacht na stoc reatha móna i measc na soláthraithe go léir, Bord na Móna san áireamh, d’earnáil ghairneoireachta na hÉireann;
• saineolaithe pleanála a choimisiúnú le comhairle saor in aisce a sholáthar dóibh siúd ar mian leo móin a bhaint ar bhealach a chloíonn leis na rialacháin ábhartha ar phortaigh ina bhfuil achar níos lú ná 30 heicteár; agus
• taighde le roghanna eile ar mhóin a sholáthar don earnáil ghairneoireachta.
Is í uaillmhian dheiridh an chleachtaidh seo tacú leis an tionscal gairneoireachta ar fiú €469 milliún é, leis na daoine a fhostaítear agus leis an iomaí teaghlach a bhraitheann ar an earnáil thábhachtach seo.
Agus tagairt á déanamh aige don chás a bhfuil saothraithe Éireannacha thíos leis, dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara:
“Is maith a thuigeann na hAirí Hackett, Heydon agus mé féin nach bhfuil aon réitigh neamhchasta ar fáil sa chás seo, ach táimid tiomanta do gach uile dheis a fhiosrú leis na deacrachtaí a mhaolú atá roimh shaothraithe, a ngnólachtaí agus a dteaghlaigh faoi láthair. Baineann ríthábhacht leis an earnáil ghairneoireachta don tionscal talmhaíochta agus don gheilleagar trí chéile. Tá iarracht á déanamh againn dul i ngleic le saincheist ghearrthéarmach an tsoláthair, le saincheist mheántéarmach an teachta a bheidh ar mhóin amach anseo agus leis an tsaincheist a bhaineann le roghanna eile a chur in ionad na móna sa tréimhse níos faide amach romhainn. Gabhaimid buíochas lenár gcomhghleacaithe Aire, Éamon Ryan agus Darragh O’Brien as an gcabhair a thug siad le sraith gníomhartha a sholáthar chun tacú leis an earnáil ríthábhachtach seo. Is mian linn buíochas a ghabháil freisin, dar ndóigh, leis an Aire Stáit Malcolm Noonan as an obair a rinne sé leis an ngrúpa oibre.”
Dúirt an tAire Hackett:
“Mar Aire atá freagrach as Gairneoireacht, tuigim go dteastaíonn cinnteacht ó shaothraithe faoin supply móna sa ghearrthéarma. Agus é sin faoi chaibidil, coimisiúnóidh mé saineolaí neamhspleách a oibreoidh go tapa le saothraithe, agus soláthraithe, Bord na Móna ina measc, lena dheimhniú cén stoic go díreach atá ar fáil. Gheall Bord na Móna d’oibriú le saineolaí neamhspleách agus leis na saothraithe féachaint an mbeadh aon mhaitheas le haon chinn de na stoic mhóna atá acu don earnáil ghairneoireachta.”
Ní féidir leibhéal áirithe iompórtála a chur as an áireamh sa ghearrthéarma mar gheall gur ghné a bhí ann seo riamh anall sa tionscal móna in Éirinn. Tá conair rialála ann, áfach, i leith móin a bhaint ar bhealach atá comhlíontach ó thaobh an dlí de agus is cosúil gurb é an bealach is tapúla don tionscal intíre é a bhaint ar scála beag ar phortaigh a rinneadh a dhraenáil roimhe seo agus ag a bhfuil achar níos lú ná 30 heicteár. Coimisiúnóidh na hAirí seirbhísí saineolaithe ceisteanna pleanála le comhairle saor in aisce a sholáthar dóibh siúd ar mian leo comhlíonadh rialála a bhaint amach maidir le móin ghairneoireachta a bhain lena soláthar don tionscal gairneoireachta intíre. Chuir Bord na Móna dearbhú ar fáil go bhfuil an trealamh a theastaíonn leis an móin sin a mheascadh, dá gcuirfí ar fáil é, sa tír go fóill. Déanfaidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara idirichaidreamh leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir leis na saineolaithe go léir a choimisiúnú.
Dúirt an tAire Heydon, T.D., ar a bhfuil freagracht as Taighde agus Forbairt:
“Is é ár sprioc fhadtéarmach roghanna oiriúnacha eile atá saor ó mhóin a fhorbairt do shaothraithe, atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair agus an chomhshaoil de. Gheall mé cistiú taighde €1.69 milliún ón Roinn seo do thionscadal taighde, ‘Beyond Peat’, faoina dtabharfaidh Teagasc le roghanna féideartha eile ar mhóin a fhiosrú. Tá idirchaidreamh á dhéanamh agam freisin le daoine eile a bhfuil taighde á dhéanamh acu sa limistéar seo. Glacfaidh sé roinnt ama ar na roghanna eile seo go mbainfear tairbhe astu agus leanfaidh teacht a bheith ag teastáil ó shaothraithe ar mhodh inmharthana fáis idir an dá linn leis na poist agus an earnáil luachmhar seo a chosaint.”
Dúirt an tAire Éamon Ryan an méid seo a leanas agus a thacaíocht don tsraith gníomhartha á léiriú aige:
“Is tábhachtach go gcinntímid gur tugadh tacaíocht don earnáil ghairneoireachta i rith na tréimhse seo d’aistriú amach ó mhóin a úsáid mar mhodh fáis. Ar aon dul leis seo, is mian liom go mbeidís siúd atá freagrach as móin a bhaint go neamhdhleathach agus ar scála mór ag cloí le dlí na hÉireann agus na hEorpa. Is iad ár dtailte portaigh ár nAmasóin agus glacfaidh siad le ról tábhachtach le carbón a stóráil de réir mar a dhéanaimid obair chun ár spriocanna aeráide a bhaint amach.”
Dúirt an tAire Darragh O’Brien freisin:
“Cuireann an tionscal gairneoireachta gairmiúil méid ollmhór le geilleagar na hÉireann, i dtaobh fostaíochta, slándáil bhia agus réimse iomlán gnólachtaí iartheachtacha a chothú. Tá orainn seasamh lenár saothraithe Éireannacha agus cabhair agus tacaíocht a thabhairt dóibh chun teacht ar na soláthairtí neamhfhlúirseacha móna a theastaíonn uathu fad atá roghanna réalaíocha ar mhóin mar mhodh fáis á bhforbairt go fóill. Caithfear é seo a dhéanamh ar bhealach a chloíonn lenár ndlíthe pleanála agus ceadúnaithe, agus tá áthas orm go gcuirfear cabhair shaineolach ar fáil mar chuid den chlár seo Gníomhartha, le cabhrú le saothraithe dul i ngleic le agus a mbealach a dhéanamh timpeall an chórais rialála.”
Dúirt an tAire Malcolm Noonan:
“Baineann an comhchlár Gníomhartha seo, lenar chomhaontaigh na trí Roinn, leas as an obair thábhachtach a rinne an Dr Prasad agus an Grúpa Oibre um Móin sa Ghairneoireacht. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a chuir le hobair an Ghrúpa sin. Taisce náisiúnta iad ár dtailte portaigh. Táim ag tnúth le hoibriú le mo chomhghleacaithe sa RTBM agus sa RCAC lena chinntiú go ndéantar portaigh a athchóiriú agus a athshlánú, a luaithe a thabharfar an mhóin a bhainfear go teoranta agus go dlíthiúil a shamhlaítear sa chlár seo Gníomhartha chun críche.”
CRÍOCH