Seolann an tAire O'Gorman Treoirlínte Náisiúnta Cáilíochta do Sheirbhísí Cúraim Leanaí ar Aois Scoile
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman TD, Treoirlínte Náisiúnta Cáilíochta do Sheirbhísí Cúraim Leanaí ar Aois Scoile inniu.
Déanann na Treoirlínte Náisiúnta Cáilíochta cur síos ar ghnéithe dea-chleachtais ar ardchaighdeán i seirbhísí cúraim leanaí do leanaí ar aois scoile, lena n-áirítear seirbhísí cúraim leanaí iarscoile agus saoire. Beidh na Treoirlínte Náisiúnta Cáilíochta ina n-acmhainn thábhachtach don raon éagsúil seirbhísí a sholáthraíonn cúram leanaí ar aois scoile in Éirinn inniu.
Is éard atá san fhoilseachán seo aschur an Ghrúpa Oibre a bhunaigh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige i gcomhréir leis an gcéad ghníomh a aithníodh sa Phlean Gníomhaíochta do Chúram Leanaí ar Aois Scoile (2017). Thug an Grúpa Oibre páirtithe leasmhara agus saineolaithe le chéile i gcúram leanaí ar aois scoile, agus d’oibrigh siad go dian thar thréimhse fhada chun na Treoirlínte a fhorbairt.
Cuideoidh, treoróidh agus spreagfaidh na Treoirlínte Náisiúnta Cáilíochta seo seirbhísí cúraim leanaí ar aois scoile chun na híoschaighdeáin atá sonraithe sna rialacháin a bhaint amach agus a shárú. Leagtar béim shuntasach sna Treoirlínte seo ar chearta leanaí, cosaint agus leas leanaí, comhionannas agus éagsúlacht, agus comhshaolachas.
Ag labhairt dó ag seoladh sheimineár gréasáin an lae inniu, dúirt an tAire O'Gorman:
“Cuirim fáilte mhór roimh fhoilsiú na dTreoirlínte Náisiúnta Cáilíochta. Tacóidh na Treoirlínte seo le soláthraithe agus cleachtóirí cúraim leanaí ar aois scoile an cúram is fearr is féidir a thabhairt do leanaí.
“Ba mhaith linn go léir áiteanna cúraim leanaí a fheiceáil a mbeidh leanaí ag tnúth le freastal orthu, agus cuideoidh na treoirlínte a foilsíodh inniu leis an méid sin a bhaint amach. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an nGrúpa Oibre as an iarracht agus an cúram a thug siad chun an acmhainn thábhachtach seo a chur ar fáil."
Bhí ról lárnach ag an gcomhairliúchán maidir le forbairt na dtreoirlínte seo. Áiríodh ann comhairliúchán le leanaí in 2016, comhairliúchán le tuismitheoirí agus le soláthraithe in 2019, agus tástáil ar na dréacht-Treoirlínte deiridh le roinnt soláthraithe in 2020.
D’fhoilsigh an tAire O’Gorman tuarascáil inniu freisin ar an gcomhairliúchán poiblí a bhí ar siúl chun forbairt rialachán cuimsitheach agus caighdeáin cháilíochta do chúram leanaí ar aois scoile a threorú. Áiríodh sa phróiseas deis don phobal ionchur i ndréacht níos luaithe de na treoirlínte cáilíochta.
Dúirt an tAire O'Gorman:
“Aithnítear i bhfoilsiú na dTreoirlínte Náisiúnta Cáilíochta an tábhacht a bhaineann le cúram leanaí ar aois scoile i saol leanaí agus teaghlaigh. Tá an próiseas comhairliúcháin a rinneamar mar chuid dár dtiomantas éisteacht leo siúd a bhfuil baint acu le cúram leanaí ar aois scoile agus a chinntiú go mbeidh a nguth mar bhonn eolais do bheartas nua”.
Tá na Treoirlínte Náisiúnta Cáilíochta do Sheirbhísí Cúraim Leanaí ar Aois Scoile ar fáil anseo.
Fógrófar pleananna chun na Treoirlínte Náisiúnta Cáilíochta a rolladh amach, agus oiliúint maidir lena n-úsáid, sna míonna amach romhainn.
CRÍOCH
Chuimsigh an Grúpa Oibre a d’fhorbair na Treoirlínte Náisiúnta Cáilíochta: