Fáiltíonn an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD roimh fhoilsiú an ceathrú agus an cúigiú páipéar taighde sa tsraith ‘Infheistíocht Chaipitiúil um Chúram Sláinte in Éirinn'
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhoilsigh an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD agus an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Michael McGrath TD, inniu an ceathrú agus an cúigiú páipéar sa tsraith ‘Infheistíocht Chaipitiúil um Chúram Sláinte in Éirinn' mar chuid de phróiseas Athbhreithnithe Caiteachais 2022 chun an bonn fianaise maidir le cinnteoireacht beartais a fheabhsú.
Is é aidhm na hoibre seo tosaíocht infheistíochta caipitiúla a threorú tríd an gCreat Infheistíochta Straitéiseach nua um Chúram Sláinte in Éirinn. Is fearr a dhéanfaidh an Creat seo, atá le foilsiú an mhí seo chugainn, an infheistíocht a ailíniú le riachtanais an chórais sláinte, an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, an Chreata Náisiúnta Pleanála, agus an Phlean Forbartha Náisiúnta.
D’fháiltigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD roimh an bhfoilseachán agus dúirt sé:
"Éascaíonn bonneagar láidir cúraim shláinte seachadadh seirbhíse den scoth agus tá sé fós ina phríomhthosaíocht domsa agus don Rialtas seo. Tá punann infheistíochta €5.7 billiún beartaithe againn faoin bPlean Forbartha Náisiúnta go dtí 2025. Tá infheistíocht chaipitiúil ina príomh-chumasóir don athchóiriú, ag cinntiú go gcuirtear an cúram ceart ar fáil san áit cheart ag an am ceart. Táim tiomanta don tairbhe is mó is féidir a bhaint as an gcaiteachas seo don chóras sláinte agus ár dtiomantais faoin bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide agus faoin gCreat Náisiúnta Pleanála á gcomhlíonadh ag an am céanna. Don chéad uair léiríonn na páipéir seo tuiscint mhionsonraithe ar bhonneagar agus ar cháilíocht cúraim shláinte ar fud na tíre. Cuirfidh sé seo bonn eolais faoi gach cinneadh infheistíochta cúraim shláinte sa todhchaí faoin gCreat Infheistíochta Straitéiseach nua agus tá sé ríthábhachtach chun Limistéir Sláinte Réigiúnacha éifeachtacha a chur i bhfeidhm."
Tógann na páipéir seo ar na páipéir tosaigh sa tsraith Infheistíocht Chaipitiúil um Chúram Sláinte in Éirinn páipéir tosaigh sa tsraith Infheistíocht Chaipitiúil um Chúram Sláinte in Éirinn, agus féachfaidh an Creat Infheistíochta Straitéiseach ina dhiaidh sin lena chinntiú go gcuirfear cur chuige straitéiseach, éifeachtach agus éifeachtúil i bhfeidhm ar infheistíocht phoiblí i gcúrsaí Sláinte amach anseo.
Tá na páipéir taighde iomlána ceangailte leis seo
1. Anailís ar Thoilleadh Bonneagair Cúraim Shláinte
2. Anailís ar Bhonneagar Cúraim Shláinte Tógtha
Clúdóidh na sé Limistéar Sláinte Réigiúnacha (RHA) na réimsí seo a leanas:
Torthaí: