Ceapadh Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta nua fógartha ag an Aire Foley
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley, TD inniu go bhfuil Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) nua ceaptha do thréimhse ceithre bliana go dtí an 28 Feabhra 2026.
Cuireann an CNCM comhairle ar an Aire Oideachais i dtaobh cúrsaí curaclaim agus measúnachta ón luathóige anonn go dtí deireadh oideachais an dara leibhéal. Téann sé i bpáirt le foghlaimeoirí, múinteoirí, cleachtóirí, tuismitheoirí agus daoine eile chun tacú le nuáil sna scoileanna agus i suíomhanna eile oideachais. Déanann sé taighde agus úsáideann agus roinneann an taighde mar bhonn do chomhairle agus plé ar chúrsaí oideachais.
Próiseas comhoibríoch, comhairleach agus ionadaíoch is ea an próiseas trína ngineann an CNCM a chuid comhairle agus moltaí. Iarrtar air dul i gcomhairle le páirtithe san oideachas, dul i mbun taighde, cuireann sé an cleachtas idirnáisiúnta san áireamh agus curaclaim a fhorbairt agus a athbreithniú, agus aird ar ardchaighdeáin cháilíochta, chothromais agus chuimsithe a chur chun cinn, ar dhea-chleachtas oideachais agus ar thábhacht spriocanna náisiúnta, sóisialta, cultúrtha agus geilleagracha.
Dúirt an tAire Foley:
“Tá áthas orm a fhógairt go bhfuil Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) nua ceaptha. Tá obair an CNCM ríthábhachtach i bhforbairt, pleanáil agus athbhreithniú an tsoláthair curaclaim agus measúnachta i scoileanna.”
Ghabh an tAire buíochas le comhaltaí an CNCM atá ag éirí as, as a ndúthracht agus obair le 3 bliana anuas.
Tá obair ar siúl freisin chun ionadaí ón Aontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann (ADIÉ) a chur ar an gComhairle agus déanfar fógra eile faoi seo in am tráth.
Comhlacht Ainmniúcháin | Ainm |
An tAire Oideachais | Mary O’Sullivan, Cathaoirleach eatramhach |
Cumann Múinteoirí Éireann (CMÉ) | *Joe McKeown, Leaschathaoirleach |
Comhchoiste na mBainisteoirí (CCB) | *Michael Redmond, Leaschathaoirleach |
An tAire Oideachais (próiseas SCP) | *Teresa Hagan |
An tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (próiseas SCP) | *Sheila Garrity |
Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) | *Elaine Sheridan |
Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann (BOOÉ) | *Anne McHugh |
Aontas Múinteoirí Éireann (AMÉ) | *David Duffy |
Aontas Múinteoirí Éireann (AMÉ) | *Liz Farrell |
Cumann Múinteoirí Éireann (CMÉ) | Máirín Ní Chéileachair |
Cumann Múinteoirí Éireann (CMÉ) | *Carmel Browne |
Cumann na Meánmhúinteoirí Éireann (CMMÉ) | Deirdre McDonald |
Cumann na Meánmhúinteoirí Éireann (CMMÉ) | *Ed Byrne |
Comhdháil na gCeardchumann (CnaC) | *Brian Tubbert |
CCB | *Patricia Gordon |
Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí (Iar-bhunscoile) | Martina O’Shea |
Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí (Bunscoile) | Clare Downey |
Cumann Náisiúnta na mBord Bainistíochta san Oideachas Speisialta (CNBBOS) | *Finn Ó Murchú |
Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann | Meadbh Costello (Ceapaí eatramhach) |
Cumann Bainistíochta na mBunscoileanna Caitliceacha (CBBC) | Rory D’Arcy |
Cónaidhm Éireannach na Múinteoirí Ollscoile (CÉMO) | Deirdre Ní Mhurchú |
An Roinn Oideachais | *Orlaith O’Connor |
Foras na Gaeilge | *Edel Ní Chorráin |
Bord Oideachais Eaglais na hÉireann (BOEÉ) | *Joyce Perdue |
Cumann na Scoileanna Pobail is Cuimsitheacha (CSPC) | Denis Ring |
CRÍOCH
An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM)
Tá 25 comhaltaí ar an gComhairle, lena n-áirítear 17 n-athcheapachán agus 7 comhaltaí nua. Leanfaidh an Cathaoirleach, an tOllamh Mary O’Sullivan uirthi i ról an Cathaoirleach eatramhach go dtí go gceaptar Cathaoirleach nua sna míonna romhainn.
Bunaíodh an CNCM faoin Acht Oideachais, 1998 agus is é cuspóir na Comhairle comhairle a chur ar an Aire i dtaobh nithe a bhaineann leis an méid seo -
(a) an curaclam don oideachas luathóige, bunscoile agus iar-bhunscoile; agus
(b) nósanna imeachta measúnachta a úsáidtear i scoileanna agus scrúduithe ar ábhair atá mar chuid den churaclam.
Tá dhá fho-choiste ag an gComhairle - Coiste Iniúchóireachta agus Riosca agus Coiste Rialachais. Mar chuid de struchtúir CNCM, tá trí Bhord ann a thuairiscíonn don Chomhairle ar an Oideachas Luathóige agus Bunscoile, an tSraith Shóisearach agus an tSraith Shinsearach. Tá na trí Bhord seo faoi chathaoirleacht beirt Leas-Chathaoirleach agus comhalta eile den Chomhairle.
Feidhmeanna na Comhairle:
Tá an Chomhairle freagrach as gníomhaíochtaí an CNCM a stiúradh, treoir straitéiseach a sholáthar d’fhoireann an fheidhmeannais agus monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na bainistíochta.
Comhaltaí ainmnithe a cheapadh chuig Boird Stáit
Sonraítear sna Treoirlínte maidir le Ceapacháin ar Bhoird Stáit go bhfuil eisceachtaí sonracha áirithe ann ó na socruithe atá leagtha síos sna treoirlínte a bhaineann le daoine a cheapadh chuig Boird Stáit, lena n-áirítear:
“Sa chás go bhfuil comhaontú nó socrú i bhfeidhm faoina lorgaíonn Airí ainmniúcháin le haghaidh ceapacháin chuig Boird Stáit ó eagraíochtaí bunriachtanacha geallsealbhóirí (amhail ceardchumainn, eagraíochtaí fostóirí, ionadaithe feirmeoireachta nó comhlachtaí deonacha)”.
Tá foireann lánaimseartha de 47 ag feidhmeannacht an CNCM, á stiúradh ag an bPríomhfheidhmeannach.
In 2022, tá deontas timpeall €6m don CNCM á mhaoiniú ag an Roinn.
Is féidir teacht ar shuíomh idirlín an CNCM ar www.ncca.ie