Ráiteas ón Aire Stáit Smyth faoi athrú na húinéireachta ar Leathanbhanda Náisiúnta Éireann
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
"Is é atá sa Phlean Náisiúnta Leathanbhanda ná tionscnamh an rialtais chun seirbhísí leathanbhanda ardluais a sholáthar do gach áitreabh in Éirinn. Faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda, conraíodh Leathanbhanda Náisiúnta Éireann chun leathanbhanda ardluais a thógáil agus a sholáthar do 1.1 milliún duine a chónaíonn nó a oibríonn i mbreis agus 560,000 áitreabh laistigh den Limistéar Idirghabhála Stáit.
"Tá sprioc athbhreithnithe ag an tionscadal, agus moilleanna COVID-19 á gcur san áireamh, arb é atá inti go rachfaí thar 102,000 áitreabh faoi dheireadh mhí Eanáir 2023. Tá sé ar an mbóthar ceart le haghaidh an sprioc sin a bhaint amach, agus breis agus 91,300 áitreabh a bheith dulta tharstu go dtí seo.
"I mí Iúil 2022, thug Leathanbhanda Náisiúnta Éireann fógra dom, mar Aire, faoin rún a bhí aige athrú úinéireachta a thionscnamh. Ar aon dul leis an gconradh faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda, thug an Roinn seo faoi na próisis agus faoin dícheall cuí ba ghá. I mí Dheireadh Fómhair 2022, dheonaigh mé toiliú le hathrú úinéireachta beartaithe Leathanbhanda Náisiúnta Éireann.
"Fáiltím inniu roimh an bhfógra ó Leathanbhanda Náisiúnta Éireann gur tugadh an t-athrú úinéireachta sin chun críche. Tá sciar 80% sa chuideachta faighte ag Asterion Industrial Partners. Is beart é sin a mbeidh roinnt torthaí dearfacha ag gabháil leis.
"Ar an gcéad dul síos, is é an toradh a bheidh ar infheisteoir idirnáisiúnta fadtéarmach a bhfuil taithí dhomhain aige ar thionscadail bhonneagair mórscála a bheith páirteach ann ná go neartófar na hacmhainní, an saineolas agus na díoltóirí a bheith ar fáil do Leathanbhanda Náisiúnta Éireann, agus luach suntasach á chur lena oibríochtaí in Éirinn. Ar an dara dul síos, is é atá san éadáil seo ná vóta muiníne as rath an tionscadail, as an gcur i bhfeidhm leantach a bhfuil Leathanbhanda Náisiúnta Éireann ina bhun agus as gealltanas an rialtais go gcruthófaí geilleagar atá inbhuanaithe agus nasctha ón taobh digiteach de.
"Leis an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda, táthar ag cur ar chumas na mílte daoine, a chuimsíonn teaghlaigh, pobail agus gnólachtaí, glacadh le deiseanna digiteacha agus leas a bhaint as na tairbhí sa todhchaí a thiocfaidh as a chinntiú go mbeidh rochtain ar ghréasán leathanbhanda ardluais ag gach áitreabh in Éirinn – is cuma cé acu atá siad lonnaithe i dtimpeallacht uirbeach nó i dtimpeallacht tuaithe.
"Mar bhuille scoir, is amhlaidh, faoi Chonradh an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda, a bhainfidh an Stát tairbhe as an idirbheart seo freisin trí chéatadán den díol a aisghabháil mar aisghlámadh. Tuigim ó Leathanbhanda Náisiúnta Éireann go dtabharfar thart ar €42.7 milliún ar ais don Státchiste mar thoradh ar an éadáil seo.
"Táim ag súil le leanúint lenár gcuid oibre le Leathanbhanda Náisiúnta Éireann, agus Asterion ann freisin."
CRÍOCH
Is é is Asterion ann ná gnólacht neamhspleách bainistíochta infheistíochta a dhíríonn ar infheistíochtaí bonneagair a dhéanamh san Eoraip. Tá a cheanncheathrú lonnaithe i Maidrid, agus láithreacht aige i Londain agus i bPáras. Mar infheisteoir fadtéarmach uile-Eorpach atá ag obair i réimse an bhonneagair teileachumarsáide le blianta fada anuas agus a bhfuil punann mhéadaitheach sócmhainní snáithín tuaithe aige sa Ríocht Aontaithe, san Iodáil agus sa Spáinn, tá rochtain ag Asterion ar acmhainní, saineolas agus díoltóirí ar féidir leo luach suntasach a chur le hoibríochtaí Leathanbhanda Náisiúnta Éireann in Éirinn.
Chun an fhaisnéis is cothroime le dáta a fháil faoi imscaradh an tsnáithín ardluais laistigh den limistéar idirghabhála, téigh chuig suíomh gréasáin Leathanbhanda Náisiúnta Éireann.