Ráiteas maidir le bearta sláinte poiblí COVID-19 – an 19 Deireadh Fómhair 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, i ndiaidh comhairle sláinte poiblí a fháil, chomhaontaigh an rialtas nach mbeifear in ann na gnéithe atá fanta den earnáil fáilteachais, siamsaíochta agus geilleagair oíche a oscailt ach amháin an réimse iomlán bearta cosanta bheith i bhfeidhm agus an Deimhniú Digiteach COVID AE (pas COVID-19) a chur i bhfeidhm go forleathan agus go tréan. Trí sin a dhéanamh, beimid in ann leanúint ar aghaidh go cúramach leis an bplean don tír maidir leis an gcéad chéim eile dár bhfreagra ar an bpaindéim COVID-19.
Tá rátaí ionfhabhtaithe COVID-19 ag méadú arís mar aon leis an líon othar in ospidéil agus in Aonaid Dianchúraim. Mar sin féin, a bhuíochas don obair chrua agus don tacaíocht eisceachtúil a thug muintir na hÉireann don Chlár Vacsaínithe, táimid in ann leanúint dár gcur chuige cúramach agus céim ar céim i leith oscailt arís.
Beidh orainn monatóireacht a dhéanamh ar an riosca leanúnach a bhaineann leis an ngalar, lena n-áirítear trí thástáil agus trí rianú teagmhálaithe de réir mar is cuí.
Beidh orainn ar fad céimeanna a ghlacadh inár saol laethúil ar bhonn indibhidiúil agus i dteannta a chéile chun an riosca seo a choinneáil faoi smacht, go háirithe trí:
I gcomhréir leis an gcomhairle sláinte poiblí, ní bheifear in ann na gnéithe atá fanta den earnáil fáilteachais, siamsaíochta agus geilleagair oíche a oscailt ach amháin an réimse iomlán bearta cosanta bheith i bhfeidhm agus an Deimhniú Digiteach COVID AE (pas COVID-19) a chur i bhfeidhm go forleathan agus go tréan. Is féidir leanúint ar aghaidh le laghdú tuilleadh ar na srianta atá beartaithe don 22 Deireadh Fómhair trí shíneadh ama a chur le roinnt idirghabhálacha neamhchógaisíochta lena n-áirítear úsáid a bhaint as an bpas COVID-19 (de réir mar a leagtar amach thíos) i bhfianaise an leibhéal ard den ghalar sa phobal i láthair na huaire agus an treocht éiginnte a bhaineann leis an ngalar.
Áirítear leis na bearta cosanta:
Déanfar treoir agus prótacail a bhaineann go sonrach leis an earnáil, lena n-áirítear maidir le hobair, fáilteachas, imeachtaí cultúir agus spóirt, a athbhreithniú agus a láidriú de réir mar is cuí. Is trí na comhlachtaí ábhartha, agus trí chumarsáid níos leithne a dhéanamh leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara, a threiseofar gníomhaíochtaí maidir le comhlíonadh. Tionólfar cruinniú den Fhóram Rialtóirí chun tuilleadh plé a dhéanamh leis na ranna agus gníomhaireachtaí ábhartha.
Mhol an Coiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonacht (NIAC) go gcuirfí teanndáileog den vacsaín Comirnaty® (Pfizer) ar fáil do gach duine idir 60 agus 79 a bhfuil an príomhchúrsa d’aon vacsaín COVID-19 críochnaithe acu. B’fhearr an teanndáileog a thabhairt sé mhí (le heatramh íosta 5 mhí) i ndiaidh an príomhsceideal vacsaínithe a chríochnú.
Oibreoidh an Roinn Sláinte agus HSE chun na moltaí seo a chur i bhfeidhm chomh luath agus is féidir. Leanfaidh NIAC d’iniúchadh a dhéanamh ar fhianaise nua maidir le teanndáileoga i ngrúpaí eile.
Tá an méid seo a leanas molta ag NPHET:
Beidh na socraithe reatha i ndáil le híocaíocht sochair breoiteachta feabhsaithe do COVID-19 i bhfeidhm go fóill . Tá an sochar seo ar fáil ag an ráta €350 in aghaidh na seachtaine, gan aon laethanta feithimh ag baint leis, i gcás fostaithe agus daoine féinfhostaithe atá deimhnithe ag lia-chleachtóir cláraithe a bheith diagnóisithe le COVID-19 nó a bheith ina bhfoinse dóchúil ionfhabhtaithe COVID-19.
I gcomhréir leis an gcomhairle sláinte poiblí, ní bheifear in ann na gnéithe atá fanta den earnáil fáilteachais, siamsaíochta agus geilleagair oíche a oscailt ach amháin an réimse iomlán bearta cosanta bheith i bhfeidhm agus an Deimhniú Digiteach COVID AE (pas COVID-19) a chur i bhfeidhm go forleathan agus go tréan
Is féidir leanúint ar aghaidh le laghdú tuilleadh ar na srianta atá beartaithe don 22 Deireadh Fómhair trí shíneadh ama a chur le roinnt idirghabhálacha neamhchógaisíochta lena n-áirítear úsáid a bhaint as an bpas COVID-19 (de réir mar a leagtar amach thíos) i bhfianaise an leibhéal ard den ghalar sa phobal i láthair na huaire agus an treocht éiginnte a bhaineann leis an ngalar.
Áirítear leis na bearta cosanta: