Fógraíonn an tAire Harris cistiú €2 mhilliún don Phlean Uathachais
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair Simon Harris, an tAire Sláinte, inniu go bhfuarthas €2 mhilliún ó Bhuiséad 2020 don Phlean Uathachais.
Sa bhliain atá le teacht, bainfear leas i roinnt réimsí tosaíochta as an gcistiú breise a fuarthas, lena n-áirítear:
Dúirt an tAire:
“Tá ríméad orm gur éirigh liom an cistiú seo a fháil, rud a chabhróidh linn an plean uathachais a sholáthar.
“Tá sé ríthábhachtach go méadaímid eolas agus go n-athraímid dearcthaí i measc an phobail. Mar Aire Sláinte, creidim nach mór dúinn níos mó a dhéanamh chun ár seirbhísí sláinte a fheabhsú ó thaobh an uathachais de agus bainfimid an-leas as an gcistiú a fuarthas i mBuiséad 2020 agus muid ag iarraidh an sprioc sin a bhaint amach.
“Beidh dhá phríomhaidhm ag an bhfeachtas atá beartaithe, is iad sin, tacaíocht a thabhairt agus oideachas a chur ar dhaoine. Ba mhaith linn feabhas a chur ar an bhfaisnéis a thugtar do dhaoine a bhfuil neamhord ar speictream an uathachais orthu agus dá dhaoine muinteartha agus cabhrú leo a mbealach a dhéanamh trí na tacaí atá ar fáil ónár seirbhís sláinte ar fud a saoil. Ba mhaith linn freisin mórthimpeallacht phoiblí a chruthú in Éirinn ina bhfuil daoine níos eolaí ar shaol, riachtanais agus eispéiris na ndaoine a bhfuil neamhord ar speictream an uathachais orthu.”
D’fháiltigh Finian McGrath, an tAire Stáit le Freagracht Speisialta as Míchumas, roimh an gcistiú breise freisin:
“Tosaíocht dom mar Aire is ea feabhas a chur ar shaol na ndaoine faoi mhíchumas agus is amhlaidh go bhfuil na feabhsuithe seirbhíse atá beartaithe faoin bPlean Uathachais ina gcéim thábhachtach i dtreo seirbhísí a dhéanamh níos freagrúla dá bhfuil ó dhaoine agus dá bhfuil ag teastáil uathu.”
Ag teacht sna sála ar fhoilsiú an doiciméid dar teideal Athbhreithniú ar na Seirbhísí Sláinte atá ar fáil in Éirinn do Dhaoine a bhfuil Neamhord ar Speictream an Uathachais orthu i mí na Nollag 2018, d’iarr an tAire ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) tús a chur leis na moltaí san athbhreithniú a chur chun feidhme.
Chuir FSS Bord Cláir Náisiúnta um Neamhord ar Speictream an Uathachais ar bun. Is é an phríomhfhreagracht atá ar an mBord ná cur chun feidhme na moltaí i dtuarascáil an Athbhreithnithe a threorú. Tá an Bord comhdhéanta de chinnteoirí sinsearacha oibriúcháin agus cliniciúla agus de ghairmithe/acadóirí neamhspleácha.
Rud tábhachtach, beidh daoine a bhfuil taithí fíorshaoil ar neamhord ar speictream an uathachais acu ina n-ionadaithe ar an mBord Cláir, agus iad ag fónamh mar bhaill chothroma den chomhar tábhachtach foirne seo.
Agus é ag cur na moltaí i dtuarascáil an Athbhreithnithe chun feidhme, cuireadh de chúram ar an mBord Cláir stiúradh a dhéanamh ar thacar comhaontaithe tosaíochtaí ag a mbeidh an tionchar is mó i dtaca le feabhas a chur ar an dóigh ar féidir seirbhísí a sholáthar do dhaoine a bhfuil neamhord ar speictream an uathachais orthu agus i dtaca le feasacht mhéadaithe a chruthú ar neamhord ar speictream an uathachais.
De bhreis air sin, tá FSS ag obair faoi láthair ar sheirbhísí a athchumrú faoin gclár um Sheirbhísí Míchumais a Chur ar Aghaidh do Leanaí agus do Dhaoine Óga agus tá sí i mbun feabhas a chur ar an bpróiseas Measúnachta Riachtanais freisin.
Is athruithe struchtúracha iad sin a rachaidh chun tairbhe do sheirbhísí do na leanaí go léir faoi mhíchumas, leanaí a bhfuil uathachas orthu san áireamh.