Buiséad 2022: Cuireann an tAire Humphreys Pacáiste Coimirce Sóisialaí ar fiú breis agus €870 milliún é ar fáil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, T.D. pacáiste Buiséad Leasa Shóisialaigh inniu ar fiú €558 milliún é don bhliain 2022. Bhain an tAire comhaontú amach freisin go n-íocfar Íocaíocht Dhúbailte Bhónas na Nollag 100% i mí na Nollag 2021 ar chostas measta breis agus €313 milliún.
Den chéad uair le trí bliana anuas, cuirtear méaduithe ar bhonn uilechoiteann ar fáil sa phacáiste ar íocaíochtaí seachtainiúla a dhéantar le pinsinéirí, daoine faoi mhíchumas, cúramóirí, tuismitheoirí aonair agus daoine in aois oibre agus cuirtear méaduithe breise ar fáil do dhaoine fásta cáilithe agus leanaí cleithiúnacha.
Cuirfear na méaduithe seachtainiúla go léir i bhfeidhm ón gcéad seachtain in Eanáir 2022, seachas do Liúntas Breosla, atá curtha i bhfeidhm láithreach.
Fuair an tAire Humphreys beagnach €185 freisin le sraith bearta spriocdhírithe a chistiú, agus díriú ar leith ar chúramóirí, tuismitheoirí aonair, teaghlaigh ísealioncaim agus daoine faoi mhíchumas.
I measc na mbeart a chuirtear san áireamh, tá athruithe suntasacha ar Tástálacha Maoine do Liúntas Cúramóra – an chéad uair a rinneadh athruithe ar an tástáil mhaoine do Liúntas Cúramóra le beagnach 14 bliana anuas.
Caithfear €23.3 billiún, ar an iomlán, in 2022 ar bhearta Leasa Shóisialaigh.
Agus an Buiséad Leasa Shóisialaigh á fhógairt, dúirt an tAire Humphreys:
“Cuirtear an pacáiste leasa shóisialaigh is mó le breis agus 14 bliana anuas ar fáil i mBuiséad na bliana seo.
“Is féidir linn i mbliana, den chéad uair ó 2019, ráta uasta na gcroí-íocaíochtaí seachtainiúla go léir a mhéadú – a chruthóidh tairbhe do phinsinéirí, baintreacha agus baintreacha fir, tuismitheoirí aonair, cuardaitheoirí poist, cúramóirí agus daoine faoi mhíchumas.
“Aithníonn na méaduithe ar bhonn uilechoiteann an bhliain thar a bheith deacair a bhí ag ár saoránaigh, idir óg agus aosta, mar gheall ar Covid-19.
“Léirítear ann freisin an chaoi go bhfuil an costas maireachtála ag dul i méid agus go mbraithimid, mar Rialtas, gur cheart freagairt i dtaobh tacaíochtaí leasa a mhéadú.
“Tá áthas orm a fhógairt go dtiocfaidh na méaduithe ginearálta atá á bhfógairt againn inniu i bhfeidhm in Eanáir.”
Dúirt an tAire Humphreys freisin:
“Bhraitheamar, le tamall de bhlianta anuas, ar fhianaise ó staidéar ar an gComhpháirtíocht Uinseannach, mar shampla, le méaduithe spriocdhírithe a dhéanamh ar na híocaíochtaí siúd a léirítear a imríonn an tionchar is mó ar an mbochtaineacht a laghdú.
“Tá an-áthas orm inniu leanúint den bheartas sin, anuas ar na méaduithe ginearálta, agus pacáiste thart ar luach €185 de bhearta spriocdhírithe a sholáthar.
“Mar shampla, tá Liúntas Breosla agus Liúntas do Mhaireachtáil Aonair á méadú agam mar thacaíochtaí spriocdhírithe atá dírithe ar chabhrú leis na daoine siúd is mó atá i ngátar.
“Aithním daoine faoi mhíchumas, cúramóirí agus tuismitheoirí aonair freisin. Cuirfidh roinnt de na bearta sa phacáiste Buiséid seo tacaíochtaí breise ar fáil dóibh.
“Is áthas orm bheith ar an gcéad Aire Coimirce Sóisialaí le roinnt 14 bliana anuas le hathruithe a dhéanamh ar an tástáil mhaoine do Liúntas Cúramóra. Mar gheall ar na hathruithe suntasacha atá á bhfógairt inniu agam, cáileoidh níos mó Cúramóirí anois don íocaíocht agus tabharfaidh iad siúd a bhfuil íocaíocht laghdaithe á fáil acu méaduithe faoi deara freisin.”
I limistéar an chúraim agus tacú le daoine faoi mhíchumas, bhain an tAire Humphreys beart amach a mhéadaíonn an neamhaird ioncaim do Liúntas Cúramóra aníos go dtí €350 do dhuine singil agus go dtí €750 do theaghlach lánúine.
Tá an neamhaird chaipitil/choigiltis don tástáil mhaoine do Liúntas Cúramóra á méadú aníos ó €20,000 go €50,000, go mbeidh sé mar an gcéanna leis an neamhaird sin a bhaineann le Liúntas Míchumais. Cáileoidh níos mó daoine do Liúntas Cúramóra anois mar gheall air seo.
Bainfidh daoine faoi mhíchumas atá ag oibriú tairbhe as méadú ar an tairseach thuillimh ó €350 go €375 sula ndéantar a n-ioncam a mheasúnú go hiomlán dá n-íocaíocht Liúntais Míchumais. Tabharfaidh daoine a bhfuil Liúntas Míchumais á fháil acu feabhsú faoi deara freisin ar an neamhaird ghinearálta a thugtar do mhaoin mar gheall go méadófar é aníos ó €2.50 go €7.60 sa tseachtain.
Tá an tréimhse ama ina n-íocfar Liúntas Cúraim Baile le tuismitheoirí nó caomhnóirí leanaí a thugtar chun ospidéil iad á síneadh ó thrí go sé mhí le héifeacht ó Eanáir.
Cuirtear tacaíochtaí móra ar fáil i bpacáiste an Bhuiséid freisin chun cabhrú le sealbhóirí tí íoc as an gcostas téimh agus billí eile fuinnimh.
Tiocfaidh méadú €5 aníos go dtí €33 sa tseachtain, nó go dtí €924, ar Liúntas Breosla le héifeacht ó mheán oíche. Íocfar an méadú seo ó thréimhse luath i Samhain agus íocfar riaráistí ina dhiaidh sin.
Tá an tairseach mhaoine sheachtainiúil á méadú freisin €20, ó €100 go €120 sa tseachtain. Méadú 20% é seo ar an tairseach reatha mhaoine agus ceadóidh sé do níos mó daoine cáiliú don tacaíocht seo.
Beidh cuardaitheoirí poist a n-íoctar Liúntas Cuardaitheora Poist nó Liúntas Leasa Forlíontach leo incháilithe Liúntas Breosla a fháil má tá siad dífhostaithe ar feadh 12 mhí (anuas ó 15 mhí).
Tiocfaidh méadú €22 sa tseachtain ar Liúntas do Mhaireachtáil Aonair i measc 230,000 pinsinéir agus duine faoi mhíchumas atá ag maireachtáil leo féin ón gcéad seachtain in Eanáir.
Tá Clár na mBéilí Teo Scoile, ar léir go raibh an rath geal air, á shíneadh go dtí 81 scoil DEIS sa bhreis agus beidh sé ar fáil do 16,000 leanbh scoile breise. Is ionann a bheidh an líon iomlán scoileanna a bheidh ag glacadh páirte sa Chlár seo ó Eanáir agus 297, a rachaidh chun sochair 55,650 leanbh scoile.
Gheobhaidh thart ar 140,000 teaghlach a n-íoctar Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil leo €10 sa bhreis do gach leanbh ó Iúil na bliana seo chugainn.
Tháinig laghdú an tseachtain seo ar an líon daoine a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime á fáil acu go dtí an leibhéal is ísle (beagán de bhreis ar 97,000) fad a leanann fostóirí ag athoscailt don ghnó agus fostaithe a fhostú.
Tacaíocht inoibre é Íocaíocht Teaghlaigh Oibre atá ar fáil chun cabhrú le teaghlaigh oibre a bhfuil ioncaim ísle acu. Tá méadú €10 á sholáthar sa Bhuiséad seo ar na tairseacha ioncaim seachtainiúla don íocaíocht seo, gan aird ar an líon tí. Go bunúsach, rachaidh sé chun sochair na dteaghlach oibre seo a bhfuil an íocaíocht seo á fáil acu trí €6 sa bhreis sa tseachtain a sholáthar.
Tiocfaidh méadú ar Shochar Tuismitheora aníos go dtí €250 ó Eanáir agus, ar aon dul le Treoir an AE, íocfar é ar feadh 7 seachtaine ó Iúil 2022. Is féidir le gach tuismitheoir an sochar a fháil ar feadh 7 seachtaine sa chéad dá bhliain tar éis gur rugadh nó gur uchtaíodh a naíonán.
Faoi láthair, caithfidh ranníocaíochtaí ÁSPC a bheith íoctha ar feadh 260 seachtain nó cúig bliana ina dtaifead árachais shóisialaigh ag daoine óga idir 25 agus 28 bliain d’aois ar mian leo bheith páirteach i scéim Sochair Cóireála na Roinne Coimirce Sóisialaí, i.e. sochar fiaclóireachta agus optúil. Ó Mheitheamh 2022, ní bheidh ar an aoisghrúpa seo ach 39 seachtain de ranníocaíochtaí ÁSPC a bheith íoctha.
Tá Deontas nua €500 á thabhairt isteach ag an Aire Humphreys freisin faoin scéim Sochair Cóireála chun tacú le daoine ar a bhfuil riochtaí cosúil le alóipéice nó iad siúd atá ag tabhairt faoi cheimiteiripe le bréagfhoilt a cheannach. Tá seo mar aitheantas ar an tionchar suntasach a imríonn caillteanas réamhaibí tobann gruaige ar mhuinín agus meabhairshláinte dhuine.
Tá an liosta scéimeanna faoinar féidir le feirmeoirí a bhfuil Cúnamh Feirme á fháil acu an neamhaird €2,540 a fháil á shíneadh agus cuirfear san áireamh leis bearta a imreoidh tionchar dearfach comhshaoil.
Tá cistiú breise os cionn €185 milliún san áireamh faoi Bealaí chun Oibre i meastachán na Roinne Coimirce Sóisialaí don bhliain seo chugainn.
Dúirt an tAire Humphreys:
“D’fhógraíomar straitéis Bealaí chun Oibre 2021-2025 an Rialtais díreach trí mhí ó shin atá ceaptha cabhrú le daoine filleadh ar an obair fad a thugann Éire a cosa léi ó COVID-19.
“Cuireann an straitéis náisiúnta fostaíochta seo, ina bhfuil 83 gealltanas fud fad na Ranna Rialtais go léir, le Plean Téarnaimh Gheilleagraigh an Rialtais chun tús a chur le téarnamh ina gcuirfear go leor post ar fáil, a chinnteoidh go mbeidh 2.5 milliún duine ag oibriú faoin mbliain 2024.
“Bainfidh an straitéis bacainní roimh fhostaíocht, cuirfidh sé na mílte áit oiliúna agus oideachais ar fáil, cuirfidh sé feabhas suntasach ar an tSeirbhís Fostaíochta Poiblí, agus cuirfidh sé dreasachtaí ar fáil d’fhostóirí chun daoine a bhaint den Bheochlár, agus cuirfidh sé pacáiste speisialta tacaíochta ar fáil do dhaoine óga.
“Cuimsítear i meastachán mo Roinne don bhliain seo chugainn freisin infheistíocht mhór i dtacaíochtaí lena chur ar chumas daoine filleadh ar an obair. Tá cistiú breise os cionn €185 milliún faoi Bealaí chun Oibre á sholáthar d’áiteanna i scéim fostaíochta nua, acmhainn bhreise seirbhíse fostaíochta, tacaíochtaí oideachais agus oiliúna, agus an Clár Socrúcháin Taithí Oibre nua.”
Dúirt an tAire Stáit Joe O’Brien:
“Is deas liom a thabhairt faoi deara gur tháinig méadú ar chroí-íocaíochtaí seachtainiúla, iad siúd ina measc do FP, Tús agus an Scéim Shóisialta Tuaithe, ach, chomh maith leis sin, tá an-áthas orm go bhfuil méaduithe tagtha ar bhearta spriocdhírithe, cosúil le Liúntas do Mhaireachtáil Aonair agus an Íocaíocht do Leanbh Cáilithe.
“Cuirfidh an Buiséad seo tacaíochtaí ar fáil do na daoine is leochailí inár sochaí trí bhearta cosúil leis an méadú ar Liúntas Breosla, síneadh a chur le Clár na mBéilí Teo Scoile agus Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil.
“Céim thábhachtach iad na bearta seo, i measc go leor eile i mBuiséad 2022, i dtreo an sprioc a bhaint amach a leagtar amach sa Treochlár um an Ionchuimsiú Sóisialta chun an ráta bochtaineachta comhsheasmhaí a laghdú anuas go dtí 2% agus dul i ngleic le heisiamh sóisialta.”
Bónas na Nollag
D’fhógair an tAire Humphreys inniu freisin go n-íocfar Bónas Leasa Shóisialaigh na Nollag le 1.4 milliún duine ar ráta of 100% arís i mbliana.
“Is deas liom cead a fháil ón Rialtas le Bónas Leasa Shóisialaigh na Nollag a íoc arís i mbliana. Bónas 100% a bheidh ann agus íocfar é go luath i Nollaig. Gheobhaidh faighteoirí íocaíochtaí leasa shóisialaigh fadtéarmacha, pinsinéirí, daoine faoi mhíchumas, cúramóirí agus tuismitheoirí aonair ina measc, an Bónas.”