Tá an tAire Ryan i gceannas ar an Toscaireacht Náisiúnta Aeráide ag COP26 and fógraíonn sé €10 milliún ar a laghad le haghaidh an Chiste Oiriúnaithe
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Shroich an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, Glaschú inniu chun freastal ar an 26ú Comhdháil na bPáirtithe ar an Athrú Aeráide de chuid na Náisiún Aontaithe (COP26) chun a bheith i gceannas ar rannpháirtíocht na hÉireann i seachtain dheireanach na comhdhála.
Tá comhráite ar siúl go leanúnach chun saincheisteanna criticiúla a chinntiú – chun astaíochtaí a mhaolú, chun oiriúnacht a mhéadú agus chun maoiniú aeráide méadaithe a chur ar fáil.
Tá Éire, agus í ina Sínitheoir nua leis an gComhrialtas Ardleibhéil Uaillmhéine, ag iarraidh gníomhartha agus gealltanais uailmhianacha ag COP26, mar chuid d'iarrachtaí domhanda chun teorainn 1.5°C a chur ar an ardú teasa.
Dúirt an tAire Ryan an méid seo a leanas:
"Táimid ag fulaingt de dhrochthionchair an athraithe aeráide ar fud an domhain cheana féin. Agus muid ag féachaint ar na spriocanna aeráide a mhéadú, tá sé ríthábhachtach go dtacóimid leis na daoine is leochailí agus is mó gan chosaint. Ní mór dúinn tacú leis na daoine sin a mbeidh an t-aistriú is deacra dóibh. Chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán seo, beidh gá le leibhéal comhoibrithe idirnáisiúnta gan fasach. Creidim gur féidir é a dhéanamh agus tá Éire tiomanta a páirt a ghlacadh, i rith laethanta deiridh COP26 an tseachtain seo agus trínár n-iarrachtaí sa bhaile freisin.
"Lenár reachtaíocht nua aeráide cuirtear de cheangal orainn glan-astaíochtaí niallais a bhaint amach faoi 2050. I bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021, a foilsíodh an tseachtain seo caite, leagtar amach na gníomhartha agus na bearta ar fud gach earnála le cinntiú go mbainfimid ár spriocanna breise a bhaint amach – agus muid ag cur ár ngealltanais chun srian a chur leis an athrú aeráide i gcrích."
Agus é ag aithint an ghá le méadú ó scála i maoiniú oiriúnaithe le cinntiú nach bhfágtar aon duine, go háirithe na daoine is leochailí, ar leataobh, ghlac an tAire páirt i nDialóg Rannpháirtithe le haghaidh Ciste Oiriúnaithe san iarnóin (Dé Luain, 8 Samhain). San imeacht ardleibhéil seo cuireadh deis ar fáil do rialtais ranníocóra agus faighteora chun tuairimí a mhalartú maidir le ról ríthábhachtach an chiste chun maoiniú oiriúnaithe a sholáthar. I bhfianaise glaonna ó thíortha i mbéal forbartha, bhí fógra an Aire maidir le tacaíocht na hÉireann a mhéadú don Chiste Oiriúnaithe tráthúil. Cuirfear ranníocaíocht €10 milliún ar a laghad ó Éirinn idir anois agus deireadh 2022. Úsáidfear an maoiniú seo chun cuidiú leis na daoine is leochailí chun oiriúnú don athrú aeráide.
Tagann sé seo go maith le fógra ón Roinn Gnóthaí Eachtracha, inar gheall an Rialtas €1 milliún freisin don Líonra Domhanda Plean Oiriúnaithe Náisiúnta (chun tacú le hoiriúnú ag leibhéal náisiúnta i dtíortha i mbéal forbartha) agus €2.5 milliún don Chiste le haghaidh na dTíortha is lú Forbairt.
Amárach (Dé Máirt, 9 Samhain) glacfaidh an tAire Ryan páirt i gComhghuaillíocht Airí maidir leis Aeráid agus Aer Glan, ina bpléifear bealaí chun gníomhartha a luathú chun truailleáin aeráide nach maireann ach tamall – ar nós meatáin, carbóin dhuibh agus HFCanna. Cuirfidh sé seo le hiarrachtaí domhanda níos mó chun an geilleagar a dhícharbónú, truailliú an aeir a laghdú agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ábhartha a bhaint amach.
Rud eile atá ar chlár an Aire Ryan le haghaidh amárach is ea imeacht a reachtálfaidh an Rialtas agus EirGrid araon, dar teideal ‘Todhchaí an Fhuinnimh níos Glaine a sholáthar: an Rialtas, Earnáil an Fhuinnimh agus an tSochaí Shibhialta ag obair le chéile chun an dícharbónú a luathú’. Ag an imeacht seo, a mbeidh díospóireacht phainéil ann, cuirfear béim ar thábhacht na rannpháirtíochta agus úsáid á baint as samplaí praiticiúla ó Éirinn. Beidh an bealach is fearr le hobair leis an tsochaí shibhialta níos leithne, inár n-iarrachtaí chun an aistrithe, mar cheann de na príomhábhair plé freisin.
Ar an gCéadaoin, seolfaidh an tAire an Dialóg Náisiúnta maidir le Gníomhú ar son na hAeráide. Beidh sé seo ina phríombhealach chun go mbeidh páirtithe leasmhara agus an pobal in ann a bheith rannpháirteach i ngníomhú ar son na haeráide – ag leibhéal áitiúil agus náisiúnta araon. Leis seo tabharfar cumhacht do gach duine in Éirinn aistriú chuig sochaí atá neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050 ar bhealach atá cothrom, comhionann agus cóir.
Freastlóidh an tAire Ryan ar roinnt cruinnithe déthaobhacha, agus glacfaidh sé páirt ghníomhach i gcruinnithe caibidlíochta le linn laethanta deiridh an chruinnithe mullaigh ar fad.
CRÍOCH
Is é COP26 an 26ú Comhdháil de na bPáirtithe de chuid Chreat-Chonbhinsiúin na Naisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (UNFCCC). Tá sé ar siúl i nGlaschú na hAlban faoi láthair, agus beidh sé ar siúl ón 31 Deireadh Fómhair go dtí an 12 Samhain 2021.
I ndiaidh Chomhaontú Pháras (COP21), ag COP26 cuirfidh na Páirtithe Rannchuidithe arna Chinneadh go Náisiúnta atá cothrom le dáta agus níos uaillmhéine isteach. Is éard atá i gceist le Rannchuidiú arna Chinneadh go Náisiúnta iarrachtaí déanta ag gach tír chun astaíochtaí náisiúnta a laghdú agus oiriúnú do thionchair an athraithe aeráide. In COP26 gheofar amach an bhfuil Páirtithe na Náisiún Aontaithe ar an mbóthar ceart ina n-aonar agus le chéile chun cuspóir Chomhaontú Pháras a bhaint amach – chun teorainn a chur ar ardú teochta domhanda faoi bhun 2°C agus a ndícheall a dhéanamh 1.5°C a bhaint amach.