Deimhníonn an tAire Foley socruithe do na Scrúduithe Stáit 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Deimhníonn an tAire Foley go reáchtálfar scrúduithe scríofa, scrúduithe obair chúrsa, scrúduithe béil agus scrúduithe praiticiúla Ardteistiméireachta na bliana 2021 agus go mbeidh próiseas comhfhreagrach grád atá creidiúnaithe ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit ar fáil do scoláirí.
Ag teacht sna sála ar an gcinneadh ón Rialtas inniu, dheimhnigh Norma Foley TD, an tAire Oideachais, go rachadh scrúduithe Ardteistiméireachta na bliana 2021 ar aghaidh agus go mbeadh sé de rogha ag scoláirí freisin iarratas a dhéanamh ar ghráid a gcreidiúnóidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (SEC) iad, ar a dtabharfar Gráid atá Creidiúnaithe ag SEC.
Rinneadh an cinneadh sin tar éis teagmháil dhian a rinneadh le geallsealbhóirí oideachais ar bhonn déthaobhach agus tríd an nGrúpa Comhairleach um Pleanáil do Scrúduithe Stáit 2021 agus tríd an bhfoghrúpa dá chuid.
Cinntíonn an cinneadh go mbeidh ag gach scoláire modh chun a gcuid foghlama agus gnóthachtála a mheasúnú ag deireadh a n-oideachais iar-bhunscoile agus chun dul ar aghaidh chuig an ardoideachas, chuig an mbreisoideachas agus chuig saol na hoibre.
Bhí sé riachtanach an beart scrúdaithe agus beart comhfhreagrach na nGrád atá Creidiúnaithe ag SEC araon a chur i bhfeidhm ar mhaithe le córas cothrom a chinntiú, ag féachaint d’imthosca neamhghnácha na paindéime agus don fhoghlaim a chaill an grúpa scoláirí lena mbaineann mar gheall ar an gcur isteach ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim i bpearsa le linn na dtréimhsí dúnta scoile.
Amárach, foilseoidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit an clár ama do na scrúduithe scríofa i mí an Mheithimh.
Ina gcás siúd a roghnóidh tabhairt faoi na scrúduithe Ardteistiméireachta, reáchtálfar scrúduithe béil le linn shaoire na Cásca nó go gairid ina diaidh. Rachaidh obair chúrsa ar aghaidh in ábhair ina bhfuil obair chúrsa mar ghnáthchuid den scrúdú. Tabharfaidh SEC am breise chun an obair sin a chríochnú. Ní bheifear in ann scrúduithe praiticiúla a reáchtáil i roinnt ábhar ar chúiseanna sláinte poiblí agus tabharfar fógra faoi na socruithe ina leith sin a luaithe is féidir. Eiseofar mionsonraí faoi na sceidil athbhreithnithe chuig scoileanna sna seachtainí atá le teacht.
Tá an tAire den tuairim láidir nach mór deis a thabhairt do scoláirí a roghnú cé acu a dhéanfaidh nó nach ndéanfaidh siad na scrúduithe, lena n-áirítear na comhpháirteanna béil agus obair chúrsa, toisc go mbeadh sé éagórach amach is amach ceangal a chur orthu páirt a ghlacadh sna heilimintí sin mar gheall ar an gcur isteach ar a gcuid foghlama. Ní bheidh na comhpháirteanna béil agus obair chúrsa de na scrúduithe ina gcuid den phróiseas um Ghráid Chreidiúnaithe.
Tabharfar tuilleadh mionsonraí agus treorach do scoileanna agus do scoláirí faoin dá phróiseas agus poibleofar na mionsonraí agus an treoir sin thar na seachtainí atá le teacht, de réir mar a thagann an méid sin chun cinn.
Dúirt an tAire Foley:
“Inniu, cheadaigh an Rialtas plean a forbraíodh le linn teagmháil dhian idir an Roinn Oideachais agus geallsealbhóirí oideachais, scoláirí, tuismitheoirí, ceardchumainn mhúinteoirí, comhlachtaí bainistíochta scoile agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit, an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, an tÚdarás um Ard-Oideachas agus ionadaithe don ardoideachas. Bhí sé mar aidhm leis an teagmháil dhian sin próiseas cothrom a chinntiú ionas go bhféadfadh scoláirí Ardteistiméireachta dul ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile dá saol.
“D’oibrigh gach geallsealbhóir go han-chrua chun an chéim seo a bhaint amach. D’éist mé go cúramach leo go léir agus d’oibríomar le chéile chun réitigh a aimsiú. Chuir scoláirí agus tuismitheoirí in iúl go soiléir go bhfuil gá ann le soiléire agus rogha araon agus creidim go dtugann an cinneadh seo an tsoiléire agus an rogha sin dóibh.
“Faoi mar a d’iarr na hionadaithe do scoláirí orainn, rinneamar iniúchadh críochnúil ar an rogha atá ann Gráid atá Creidiúnaithe ag SEC a thabhairt do scoláirí roimh na scrúduithe scríofa. Níl an rogha sin indéanta, áfach.
“Is eol dom go bhfuil imní ar a lán scoláirí nár chlúdaigh siad an curaclam iomlán dá n-ábhair sa rang, mar gheall ar an dóigh ar chuir an phaindéim isteach ar an bhfoghlaim i bpearsa.
“Teastaíonn ó gach duine córas atá cothrom agus ina dtugtar deis do scoláirí fíordhul chun cinn a bhaint amach.
“Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis na geallsealbhóirí uile a bhí páirteach i bpróiseas an Ghrúpa Chomhairligh agus táim ag tnúth le leanúint le bheith ag obair le chéile thar na míonna atá le teacht chun na pleananna seo a fhorbairt agus a chur chun feidhme tuilleadh.”
Beidh gach gné de chéimniú na scrúduithe bunaithe ar chomhairle sláinte poiblí agus tabharfar tacaíocht agus treoir shoiléir do scoileanna ina leith sin.
Cé nach raibh ach grúpa réasúnta beag scoláirí páirteach iontu, gnóthaíodh taithí agus léargas luachmhar ó na scrúduithe a reáchtáladh i mí na Samhna an bhliain seo caite agus úsáidfear an taithí agus an léargas sin sna scrúduithe scríofa atá le teacht.
Eiseofar torthaí phróiseas Ardteistiméireachta na bliana 2021 chuig scoláirí laistigh den tréimhse ama a éilíonn an Lár-Oifig Iontrála le haghaidh iontráil san ardoideachas agus sa bhreisoideachas. Rachaidh an Roinn i dteagmháil leis an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta ina leith sin. Eiseofar na torthaí laistigh den tréimhse ama a éilíonn UCAS faoi láthair freisin.
Ní reáchtálfar scrúduithe Sraithe Sóisearaí sa bhliain 2021. Tabharfar treoir do scoileanna maidir le leanúint leis an mbliainghrúpa sin a chur ag gabháil don fhoghlaim agus don mheasúnú ar líne le linn na tréimhse dúnta scoile agus don fhoghlaim i bpearsa nuair a athosclófar na scoileanna.
CRÍOCH
Tabharfar treoir do scoileanna in am is i dtráth maidir leis na scrúduithe a reáchtáil go sábháilte, ar treoir í a bheidh bunaithe ar chomhairle sláinte poiblí.
I mí Lúnasa an bhliain seo caite, rinneadh sraith athruithe ar na socruithe measúnaithe do scrúduithe Ardteistiméireachta na bliana 2021. Tugadh na socruithe sin cothrom le dáta i mí na Nollag agus tá siad deartha chun aird a thabhairt ar an gcur isteach ar fhoghlaim na scoláirí. Tá an treoir sin ar fáil thíos.
Socruithe Measúnachta do na Scrúduithe Teastais
2022
Faoin bpróiseas um Ghráid atá Creidiúnaithe ag SEC, beidh deis ag scoláirí a roghnú glacadh le Grád atá Creidiúnaithe ag SEC. Féadfaidh siad a roghnú an Scrúdú Ardteistiméireachta a dhéanamh freisin. Is ar bhonn ábhar ar ábhar a roghnóidh scoláirí glacadh leis na próisis sin.