Próiseas Comhairliúcháin Phoiblí ar an Dréacht-Chód maidir le Dea-Chleachtas Talmhaíochta chun Astaíochtaí Amóinia ó Thalmhaíocht a Laghdú
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá próiseas comhairliúcháin phoiblí seolta inniu ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar an Dréacht-Chód maidir le Dea-Chleachtas Talmhaíochta chun Astaíochtaí Amóinia ó Thalmhaíocht a Laghdú.
Leis an Treoir um Uasteorainneacha Astaíochtaí Náisiúnta (NECD), socraítear na huasteorainneacha astaíochtaí i leith chúig thruailleán, amóinia ina measc, maidir leis na blianta 2020 agus 2030. Tá an Treoir seo trasuite ina dlí Náisiúnta ag an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil (DCCAE) – an roinn rialtais is mó ar a bhfuil freagracht sa réimse seo.
Tá sé de cheangal ar gach Ballstát Cód Dea-chleachtais Talmhaíochta chun Astaíochtaí Amóinia ó Thalmhaíocht a Laghdú a chur i bhfeidhm, agus tá an dréacht-chód seo á fhoilsiú ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara chun comhairliúchán a lorg ina leith mar chuid den phróiseas seo.
Tarlaíonn astaíochtaí amóinia mar thoradh ar leasú nó aoileach a scaradh, straitéisí beathaithe ainmhithe, tithíocht ainmhithe agus aoileach a stóráil. Léiríonn an fhaisnéis is déanaí ón EPA gur tháinig ardú 2% ar astaíochtaí amóinia in 2017. Tá sé á thuar go leanfaidh an treocht seo ina dtiocfaidh méadú ar astaíochtaí suas go dtí 2030.
Is treoircháipéis atá sa Chód do Dhea-Chleachtas Talmhaíochta chun astaíochtaí amóinia a laghdú ina leagtar amach na bearta dea-chleachtais chun astaíochtaí amóinia a bhaineann le gníomhaíochtaí talmhaíochta a bhaint nó a laghdú. Is bearta deonacha atá sna bearta a leagtar amach sa Chód chun cuidiú le feirmeoirí na gníomhaíochtaí cuí a aithint i ndáil lena bhfiontar feirme ar leith s'acu féin.
Is féidir teacht ar an treoircháipéis ar láithreán gréasáin na Roinne ag: www.agriculture.gov.ie/ruralenvironmentsustainability/climatechangebioenergybiodiversity/climatechangeandagriculture/publicconsultationdraftcodeofgoodagriculturalpracticeforreducingammoniaemissionsfromagriculture.
Féadfaidh eagraíochtaí nó daoine aonair leasmhara tuairimí a chur ar aghaidh trí ríomhphost nó ar chóip chrua chuig an seoladh thíos roimh an spriocdháta an 21 Meitheamh 2019.
An Rannán Beartas um Athrú Aeráide agus Bithfhuinneamh, An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Pailliún A, Ionad Gnó Grattan, Port Laoise, Co Laoise.
Ríomhphost a sheoladh chuig: ClimateChange@agriculture.gov.ie
Beidh an treoircháipéis oscailte i gcomhair comhairliúchán poiblí go dtí an 21 Meitheamh 2019.
ENDS
Is i mí Nollag 2016 a tháinig an Treoir um Uasteorainneacha Astaíochtaí Náisiúnta (NECD) i bhfeidhm, trína socraítear na huasteorainneacha astaíochtaí i leith chúig thruailleán, amóinia ina measc, maidir leis na blianta 2020 agus 2030. Mar roinn ceannais, tá an Treoir seo trasuite ina dlí náisiúnta ag an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil (DCCAE). Éilíonn an NECD ar gach ballstát Cód do Dhea-Chleachtas Talmhaíochta chun Astaíochtaí Amóinia ó Thalmhaíocht a Laghdú a chur i bhfeidhm, agus tá freagracht as seo sannta ag an DCCAE ar an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Tarlaíonn astaíochtaí amóinia mar thoradh ar leasú nó aoileach a scaradh, straitéisí beathaithe ainmhithe, tithíocht ainmhithe agus aoileach a stóráil. Ó 2010 tá uasteorainn éigeantach amóinia 116kt i bhfeidhm in Éirinn. Faoin mbliain 2020, ní mór astaíochtaí amóinia a laghdú 1% faoi bhun na leibhéal a bhí ann in 2005 agus 5% faoi bhun leibhéil 2005 ó 2030 ar aghaidh. Léiríonn an fhaisnéis is déanaí ón EPA gur tháinig ardú 2% ar astaíochtaí amóinia in 2017. Tá sé á thuar go leanfaidh an treocht seo ina dtiocfaidh méadú ar astaíochtaí suas go dtí 2030.
Tá sé ríthábhachtach d'Éirinn bearta a fhorbairt chun dul i ngleic le hastaíochtaí amóinia. Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag déanamh éascaíochta ar phróiseas comhairliúcháin phoiblí agus ag cur fáilte roimh aighneachtaí i scríbhinn maidir leis an Dréacht-Chód do Dhea-Chleachtas Talmhaíochta chun Astaíochtaí Amóinia ó Thalmhaíocht a Laghdú.
Is treoircháipéis atá sa Chód do Dhea-Chleachtas Talmhaíochta chun astaíochtaí amóinia a laghdú ina leagtar amach na bearta dea-chleachtais chun astaíochtaí amóinia a bhaineann le gníomhaíochtaí talmhaíochta a bhaint nó a laghdú. Is bearta deonacha atá sna bearta a leagtar amach sa Chód chun cuidiú le feirmeoirí na gníomhaíochtaí cuí a aithint i ndáil lena bhfiontar feirme ar leith s’acu féin.
Déanfaidh Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) (2015) agus Creatchód do Dhea-chleachtas Talmhaíochta chun Astaíochtaí Amóinia ó Thalmhaíocht a Laghdú bearta maidir le hastaíochtaí amóinia a laghdú a threorú:
Ba chóir do fhreagróirí bheith ar an eolas go bhfuil DAFM faoi cheangal ag reachtaíocht maidir le Saoráil Faisnéise agus dá bharr sin ní mór aon fhaisnéis faoi rún nó íogair ó thaobh tráchtála de a chur in iúl go soiléir. Forchoimeádann DAFM an ceart chuici féin aighneachtaí a fhaightear a fhoilsiú (faoi réir atheagrú a dhéanamh ar fhaisnéis a aithnítear go soiléir mar fhaisnéis faoi rún nó íogair ó thaobh tráchtála de) mar chuid dá freagra ar an gcomhairliúchán seo.