Treochlár Beartais Nua seolta d’Iascach Intíre - Tugtar cuireadh do pháirtithe leasmhara a bheith páirteach sa phróiseas
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol Eamon Ryan TD, an tAire le freagracht as earnáil an Iascaigh Intíre Towards a Policy Framework for Inland Fisheries in Ireland - A Roadmap.
Léiríonn an treochlár seo an chéad chéim chun creat beartais a fhorbairt d’iascach intíre in Éirinn a dhíreoidh ar chaomhnú agus ar bhainistíocht inbhuanaithe agus ar an dóigh a gcaithimid leis an acmhainn luachmhar náisiúnta seo a athshamhlú.
Tabharfaidh an creat beartais tús áite do chaomhnú agus d’inbhuanaitheacht ach taispeánfaidh sé freisin an dóigh is féidir leis an athrú béime seo fíor-phoitéinseal eacnamaíoch na hearnála a bhaint amach ag an am céanna.
Tá an treochlár beartaithe go ginearálta dóibh siúd ar spéis leo slatiascaireacht, iascaigh, forbairt tuaithe, bithéagsúlacht, gnáthóga nádúrtha, cáilíocht uisce, gníomhaíocht aeráide agus inbhuanaitheacht níos leithne. D’fhéadfadh páirtithe leasmhara ionadaíocht a dhéanamh ar raon leathan leasanna, lena n-áirítear, mar shampla, iad siúd a ghlacann páirt i slatiascaireacht agus iascaireacht tráchtála intíre (daoine aonair agus eagraíochtaí / cumainn / clubanna), pobail tuaithe agus cósta, eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil, údaráis áitiúla, an earnáil fáilteachais, agus comhlachtaí rialála eile.
Thug an tAire Ryan spreagadh do gach páirtí leasmhair páirt a ghlacadh go luath sa phróiseas chun an creat beartais nua a fhorbairt:
"Tá an deis ag daoine páirt a ghlacadh i bhforbairt an chreata seo. D’fhéadfadh go mbeadh faisnéis agus smaointe agat a chabhróidh le todhchaí na hearnála in Éirinn a mhúnlú. Trí pháirt a ghlacadh sa phróiseas seo beidh deis agat tionchar a imirt ar na cinntí atá á ndéanamh faoi thodhchaí Iascaigh Intíre na hÉireann."
CRÍOCH
Tá an treochlár ar fáil ag gov.ie agus is féidir le haon duine atá ag iarraidh a bheith páirteach sa phróiseas ceaptha beartais teagmháil a dhéanamh trí ríomhphost ifpolicy@decc.gov.ie nó tríd an bpost chuig:
An Rannóg um Iascach Intíre
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Teach Leamháin
Bóthar Ghleann an Iarla
Baile an Chabháin
H12 A8H7
Tabhair le fios le do thoil más mian leat go gcuirfí ar liosta ríomhphoist na Roinne tú lena chinntiú go bhfaighidh tú nuashonruithe agus fógraí rialta maidir le, mar shampla, próisis chomhairliúcháin atá le teacht nó foilseacháin ábhartha.
Is acmhainn nádúrtha luachmhar í Iascach Intíre na hÉireann atá mar chuid dár bhféiniúlacht chultúrtha, chomhshaoil agus eacnamaíoch. Tá os cionn 77,000 ciliméadar d’aibhneacha agus sruthanna fionnuisce againn agus ceathrú milliún heicteár de lochanna, chomh maith le hacmhainní slatiascaireachta farraige laistigh den teorainn náisiúnta 12 mhíle farraige. Tacaíonn na huiscí seo le raon leathan speiceas lena n-áirítear salmainidí, liús, iasc garbh agus iasc eile, agus iasc mara agus is cuid shuntasach iad de bhithéagsúlacht shaibhir fhoriomlán na hÉireann.
Maidir leis an tslatiascaireacht féin, tacaíonn an earnáil um iascach intíre le breis agus 11,000 post - go príomha i gceantair thuaithe - agus meastar gur fiú i bhfad os cionn leathbhilliún euro é don gheilleagar gach bliain. Mar ghníomhaíocht fhóillíochta, baineann daoine aonair, clubanna agus pobail ar fud na hÉireann taitneamh as slatiascaireacht agus meallann sí cuairteoirí ó gach cearn den domhan.
Mar sin féin, tá éagothroime ann faoi láthair maidir leis na ceisteanna eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a bhaineann le hiascach intíre. Tá meath tagtha i stoic roinnt speiceas in Éirinn ar a bhfuil gníomhaíochtaí iascaireachta tráchtála bunaithe. Mura laghdaítear sin, d’fhéadfadh caillteanais dholeigheasta san acmhainn a bheith mar thoradh ar an laghdú seo. Ní amháin go mbeadh caillteanas bithéagsúlachta bunúsacha agus cultúrtha mar thoradh air seo, dhéanfadh sé dochar díobhálach freisin don rannchuidiú sochaíoch agus eacnamaíoch atá ann cheana agus a d’fhéadfadh a bheith ag earnáil na hiascaigh intíre.