83 abhainn oscailte le haghaidh Slatiascaireacht Bradán in 2021
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá Eamon Ryan TD, an tAire ar a bhfuil freagracht as earnáil na nIascach Intíre, tar éis reachtaoícht a fhaomhadh a rialóidh iascach an bhradáin fhiáin agus iascach an bhric ghil in 2021. Tiocfaidh siad i bhfeidhm ó Dé hAoine, 1 Eanáir 2021.
Dúirt an tAire Ryan:
"Táimid ag oscailt 83 abhainn don iascaireacht bradán agus bric ghil in 2021. Éascóidh sé sin bainistíocht chúramach na hacmhainne nádúrtha tábhachtaí sin, agus beidh an caomhnú ar thús cadhnaíochta. I dtreocht dhearfach, beidh 49 de na haibhneacha oscailte go hiomlán, méadú 20% ar 2020, agus beidh 34 eile ar fáil ar bhonn "gabh agus caith amach arís". Ní féidir dul chun cinn dearfach agus seasta a dhéanamh ach le himeacht aimsire, agus tá sé ag brath go hiomlán ar chách ag obair i bhfad níos tréine inár n-iarrachtaí caomhnaithe i bhfianaise tionchair chomhshaoil, aeráide agus dhaonna."
Chun bonn eolais a chur faoin reachtaíocht le haghaidh 2021 , fuair an tAire Ryan comhairle bainistíochta ó Iascaigh Intíre na hÉireann maidir le 140 stoc bradán fiáin ar leith ó thaobh a ngéinte de in Éirinn, a measadh dá réir i bhfianaise measúnuithe eolaíochta ar leith. Thug an Sainghrúpa Teicniúil um Bradán (TEGOS) faoi na measúnuithe sin. Is grúpa eolaíochta neamhspleách a fheidhmíonn ar bhonn uile-oileáin é TEGOS ina bhfuil saineolaithe ó raon comhlachtaí.
Cuireadh an chomhairle sin ar fáil mar chuid de phróiseas comhairliúcháin phoiblí reachtúil freisin, tráth a bhfuarthas 33 aighneacht i scríbhinn ó pháirtithe leasmhara.
Is é an chomhairle bainistíochta bunaithe ar mheasúnú TEGOS ar aibhneacha/inbhir/chuanta:
Dúirt an tAire Ryan:
“Aithnítear Éire go hidirnáisiúnta as tús áite a thabhairt do thábhacht an chaomhnaithe mar chuid bhunúsach dár n-iarrachtaí bainistíochta bradán agus b’éachtach an méid a chuirimid leis an tionscnamh domhanda leanúnach, ‘Bliain Idirnáisiúnta an Bhradáin, 2020’. Tá an bradán agus speicis eile i mbaol fós mar gheall ar thionchair chomhshaoil agus athraithe aeráide agus dhaonna. Táim meáite ar a chinntiú go leanfar le nuálaíochtaí Bhliain Idirnáisiúnta an Bhradáin, a leanann ar aghaidh ag tabhairt daoine le chéile chun eolas a roinnt agus feasacht a ardú. Beidh sé sin riachtanach chun acmhainneacht an bhradáin in Éirinn agus san Atlantach Thuaidh iomlán a chinntiú.”
CRÍOCH
Foráiltear sna rialacháin seo do na cuótaí iasc is féidir le hinnill iascaireachta tráchtála agus le slat agus líne a ghabháil ó na haibhneacha sin a shainaithnítear i Sceideal 2. Foráiltear freisin sna Rialacháin d’úsáid clibeanna donna sna haibhneacha (barrachas íseal) sonraithe a shainaithnítear i Sceideal 4.
Cuirtear cosc san Fhodhlí seo ar dhuáin éisc a úsáid, seachas duáin aonair nó dhúbailte gan frídín, agus cuirtear cosc ar phéisteanna a úsáid mar bhaoite i slatiascaireacht speiceas éisc ar bith in uiscí atá sonraithe san Fhodhlí. Déantar sin chun úsáid duán agus baoití a sheachaint, toisc nach mbíonn siad sin fabhrach do mharthanas na n-iasc agus chun a chinntiú nach dtagtar salach ar chuspóirí na hiascaireachta “gabh agus caith amach arís”.
Foráiltear san Fhodhlí seo do theorainn bhliantúil éisc de 10 n-iasc, bradán nó breac geal (níos mó ná 40 cm), in aghaidh an tslatiascaire agus foráiltear do theorainn shéasúrach éisc de 3 iasc ón 1 Eanáir go dtí an 11 Bealtaine, do theorainn laethúil éisc de 3 iasc ón 12 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa agus do theorainn laethúil éisc d'iasc amháin ón 1 Meán Fómhair go dtí deireadh an tséasúir. Foráiltear san Fhodhlí do dhuáin aonair nó dhúbailte gan frídín a úsáid agus cuirtear cosc ar phéisteanna a úsáid mar bhaoite nuair a bheirtear ar na líonta sonraithe iasc sna tréimhsí sonraithe.
Foráiltear san Fhodhlí seo do ‘ghabh agus caith amach arís’ maidir le bradán agus le breac geal (níos mó ná 40 cm) in aibhneacha a bhfuil 50% ar a laghad dá dteorainn chaomhnaithe á comhlíonadh acu mar a luaitear san Fhodhlí. Foráiltear san Fhodhlí do dhuáin aonair nó dhúbailte gan frídín a úsáid agus cuirtear cosc ar phéisteanna a úsáid i slatiascaireacht bradán agus breac geal atá níos mó ná 40 cm.
Leis an bhFodhlí seo foráiltear do ‘ghabh agus caith amach arís’ i slatiascaireacht bradán (méid ar bith) agus breac geal (os cionn 40 cm) sa tSiúir (lena n-áirítear uiscí na Clóidí, an Loinneáin agus na hAbhann Móire) agus, freisin, cuirtear cosc ar phéisteanna, cloicheáin, séaclaí nó aon fhoirmeacha crústacha nó saorga eile díobh a úsáid mar bhaoite agus cuirtear cosc ar aon duáin éisc a úsáid seachas duáin aonair nó dhúbailte gan frídín i gcaitheamh na tréimhse ón 17 Márta go dtí an 30 Meán Fómhair.
Leis an bhFodhlí seo foráiltear do theorainn gabhála laethúil de 3 bhreac gheala (níos lú ná 40 cm ar fad), foráiltear d'úsáid duán aonair nó dhúbailte gan frídín agus cuirtear cosc ar phéisteanna a úsáid mar bhaoite nuair atáthar tar éis breith ar an líon sonraithe de bhric gheala.
Leis an bhFodhlí seo foráiltear do ‘ghabh agus caith amach arís’ i slatiascaireacht bradán (méid ar bith) agus breac geal (os cionn 40 cm) sa tSláine agus, freisin, cuirtear cosc ar phéisteanna, cloicheáin, séaclaí nó aon fhoirmeacha crústacha nó saorga eile díobh a úsáid mar bhaoite agus cuirtear cosc ar aon duáin éisc a úsáid seachas duáin aonair nó dhúbailte gan frídín.
Cuirtear cosc ar bhradáin agus ar bhric gheala (níos mó ná 40 cm) a thógáil nó féachaint le bradáin nó bric gheala a thógáil sna haibhneacha atá sonraithe san Fhodhlí.