Cosc ar eitiltí ón mBreatain Mhór go hÉirinn ar feadh 48 uair an chloig
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Mar fhreagra ar an scéal gur aithníodh tréithchineál nua de Covid-19 in oirdheisceart Shasana, tá sé fógartha ag an Rialtas go bhfuil cosc ar gach eitilt ón mBreatain Mhór go hÉirinn le héifeacht ó mheán oíche anocht, Dé Domhnaigh an 20 Nollaig 2020.
Bhí mionchainteanna ag an Taoiseach, ag an Tánaiste, ag an Aire Iompair agus ag an Aire Sláinte Dé Domhnaigh agus fógraíodh ar mhaithe le Sláinte Phoiblí, nár cheart do mhuintir na Breataine, beag beann ar náisiúntacht, taisteal chuig Éirinn, ar eitiltí ná ar mhuir.
Tá cosc á gcur ar eitiltí ar feadh 48 uair ar a laghad. Beidh an cosc seo i bhfeidhm amárach, Dé Luain an 21 Nollaig agus Dé Máirt an 22 Nollaig 2020 agus déanfaidh an Rialtas athbhreithniú ar an gcinneadh sin ag cruinniú Comh-Aireachta, Dé Máirt an 22 Nollaig 2020.
Tá cumarsáid déanta ag na hAirí le húdaráis na Ríochta Aontaithe agus tá an cosc curtha in iúl d'aerlínte ag an Roinn Iompair.
Beidh dlúthchomhordú ann le húdaráis i dTuaisceart Éireann agus na socruithe seo á gcur i bhfeidhm.
Leanfar de sheirbhísí báid farantóireachta idir Éirinn agus an Bhreatain Mhór chun slabhraí soláthair riachtanacha a choinneáil ag imeacht. Ní bhaineann treoir atá tugtha ag an Rialtas do dhaoine gan taisteal ón mBreatain Mhór go hÉirinn le hoibrithe bunriachtanacha sa slabhra soláthair (féach mion-nótaí thíos).
Táthar ag cur socruithe i bhfeidhm chun aisdúichiú cónaitheoirí in Éirinn atá ar thurais ghearra chuig an mBreatain Mhór agus a bhfuil sé beartaithe acu filleadh abhaile sna laethanta amach romhainn a éascú chomh maith le hamhlaidh a dhéanamh do thaistealaithe idirnáisiúnta chuig Éirinn atá á dhéanamh sin tríd an mBreatain Mhór.