Síníonn an tAire Sláinte orduithe tosach feidhme agus rialacháin do Chodanna 2 agus 3 den Acht um Leanaí agus Cóngais Teaghlaigh, 2015
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, shínigh Simon Harris TD, an tAire Sláinte, orduithe tosach feidhme agus rialacháin do Chodanna 2 agus 3 den Acht um Leanaí agus Cóngais Teaghlaigh, 2015.
Tiocfaidh na Rialacháin faoi Chodanna 2 agus 3 den Acht in éifeacht an 5 Bealtaine 2020.
Tagann Codanna 2 agus 3 den Acht um Leanaí agus Cóngais Teaghlaigh, 2015, faoi fhreagracht an Aire Sláinte agus pléitear iontu leis na cearta atá ag leanaí a gineadh trí úsáid a bhaint as suthanna nó gaiméití deontóra.
Foráiltear do na cearta sin i gCodanna 2 agus 3 den Acht ar na bealaí seo a leanas:
Seasfar leis an gceart sin trí chosc a chur ar dheonú neamhanaithnid gaiméití agus suthanna agus trí Chlár Náisiúnta de Dhaoine Deontóir-Ghinte a bhunú. Leis an gClár, cumasófar do leanbh deontóir-ghinte, a luaithe a bhaineann sé/sí 18 mbliana amach, rochtain a fháil ar fhaisnéis phearsanta “sainaitheantais” faoin deontóir iomchuí agus faoi aon siblíní géiniteacha deontóir-ghinte atá aige/aici agus, dá mba mhian leis/léi déanamh amhlaidh, féachaint le teagmháil a dhéanamh leis na daoine sin.
Toradh eile a bheidh ar thosach feidhme Chodanna 2 agus 3 is ea go soiléireofar seasamh dlí na bpáirtithe uile atá páirteach i ngnáthamh atáirgthe dhaonna dheontóir-chuidithe a dhéantar sa Stát, go háirithe maidir le leanaí a rugadh ó ghnáthaimh den sórt sin. Tá feidhm ag na forálacha sin maidir le lánúineacha heitrighnéasacha, maidir le banlánúineacha comhghnéis agus maidir le bean singil atá ag dul faoi ghnáthamh atáirgthe dhaonna dheontóir-chuidithe.
Dúirt an tAire Harris:
“Is lá an-tábhachtach é seo. Tá daoine ag feitheamh leis seo le fada. Is cúis áthais dom, mar sin, go bhfuilimid in ann na rialacháin a shíniú agus an dáta tosaigh a dheimhniú anois.
“Tá réimsí eile ann ar gá dúinn oibriú orthu agus tá rún daingean agam oibriú le grúpaí tathanta chun ár reachtaíocht a fhorbairt tuilleadh sa réimse seo.”
Áirítear leis na Rialacháin a síníodh inniu rialachán um dhearbhú tuismíochta agus rialachán um dheimhniú lena gceadaítear, den chéad uair riamh, do mháthair bheartaitheach aon linbh dheontóir-ghinte – i.e. an bhean a bhéarfaidh an leanbh – a céile, a páirtnéir sibhialta nó a comhchónaitheoir a ainmniú mar dhara tuismitheoir an linbh, faoi réir thoiliú an dá pháirtí. Maidir le duine ar tuismitheoir é/í faoin alt iomchuí, beidh na cearta tuismitheora uile aige/aici agus beidh na dualgais tuismitheora uile air/uirthi i leith an linbh. Ní tuismitheoir an linbh a bheidh i ndeontóir aon ghaiméite nó sutha. Ní bheidh aon chearta tuismitheora ag an deontóir agus ní bheidh aon dualgais tuismitheora air/uirthi i leith an linbh ach oiread.
Foráiltear le halt 20 den Acht um Leanaí agus Cóngais Teaghlaigh, 2015, go bhféadfaidh banlánúineacha comhghnéis a bhfuil leanbh acu le chéile cheana féin dearbhú tuismíochta cúlghabhálach a iarraidh trí na cúirteanna i gcásanna inarb ionann duine amháin de na mná lena mbaineann agus máthair bhreithe an linbh a rugadh tar éis gnáthamh atáirgthe dhaonna dheontóir-chuidithe i gcás gurb anaithnid atá an deontóir.
Ós rud é go mbaineann an tAcht um Leanaí agus Cóngais Teaghlaigh go sonrach le gnáthaimh inarb ionann an mháthair bheartaitheach agus an mháthair bhreithe, ní chumhdaítear máthairionadaíocht san Acht.
Le Scéim Ghinearálta an Bhille um Atáirgeadh Daonna Cuidithe, déanfar foráil do mháthairionadaíocht neamhthráchtála in Éirinn agus féadfaidh lánúineacha heitrighnéasacha, banlánúineacha comhghnéis agus fearlánúineacha comhghnéis leas a bhaint as na socruithe sin i gcás go gcomhlíonfaidh siad na critéir atá leagtha amach sa reachtaíocht. Leagtar amach sa Scéim freisin sásra cúirtbhunaithe trína bhféadfar tuismíocht aon linbh a rugadh trí mháthairionadaíocht a aistriú ón máthair ionaid (agus óna fear céile, más cuí) chuig an tuismitheoir beartaitheach/na tuismitheoirí beartaitheacha.
Tá tosach feidhme Chodanna 2 agus 3 den Acht um Leanaí agus Cóngais Teaghlaigh, 2015, ina chéim shuntasach chun tosaigh i réimse an atáirgthe dhaonna dheontóir-chuidithe de réir mar a bhaineann an scéal le deonú neamhanaithnid, le clárlanna deontóirí agus le soiléiriú dlíthiúil maidir leis na cearta tuismitheora atá ag na páirtithe uile lena mbaineann. Mar sin féin, níl aon reachtaíocht shonrach ann lena rialaítear mór-réimse an atáirgthe dhaonna chuidithe, ar réimse casta a bhíonn ag athrú go tapa é. Soláthrófar an reachtaíocht sin nuair a dhéanfar atáirgeadh daonna cuidithe a dhlisteanú. Is é a bheidh i gceist leis an reachtaíocht ná sláinte agus sábháilteacht tuismitheoirí, sláinte agus sábháilteacht daoine eile atá páirteach sa phróiseas (ar nós deontóirí agus máithreacha ionaid) agus, rud ba thábhachtaí fós, sláinte agus sábháilteacht na leanaí a bhéarfar trí atáirgeadh daonna cuidithe a chosaint, a chur chun cinn agus a áirithiú.
CRÍOCH