Comhráiteas maidir le próifíl COVID-19 atá ag teacht chun cinn ar fud an oileáin
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Phléigh na Príomhoifigigh Leighis in Éirinn agus Tuaisceart Éireann, an Dr Tony Holohan agus Sir Michael McBride, próifíl COVID-19 atá ag teacht chun cinn ar fud an oileáin.
I ndiaidh an chruinnithe, mheabhraigh na Príomhoifigigh Leighis do dhaoine a bheartaíonn taisteal trasna na Teorann sna laethanta amach romhainn a bheith ar an airdeall ar an gcás eipidéimeolaíochta sna ceantair áitiúla ábhartha agus a chinntiú go seachnaíonn siad gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh iad féin nó a dteaghlaigh a chur i mbaol go dtiocfaidh COVID-19 orthu.
Thug na POLanna le fios, ach go háirithe, go bhfuil siad ag éirí níos buartha faoi athraitheach Delta agus mhol siad gur cheart go leanfadh gach duine de bheith cúramach agus leanúint ag cloí leis an gcomhairle sláinte poiblí. Caithfear leanúint anois de bheith cúramach chun an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo i ngach dlínse a choimeád, go dtí go ndéantar níos mó daoine a vacsaíniú. Ba cheart do dhaoine nár vacsaíníodh go fóill leanúint de bheith an-airdeallach, sluaite nó imeachtaí móra a sheachaint, casadh le daoine eile lasmuigh, nuair is féidir, agus freastal ar thástáil má thagann aon chomharthaí COVID-19 orthu.