Seoltar Scéim Phíolótach nua Deontais chun borradh a chur faoin nGeilleagar Oíche
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, inniu an 21 Meitheamh, scéim phíolótach nua deontais chun borradh a chur faoin ngeilleagar oíche in Éirinn.
Soláthróidh an Scéim Tacaíochta um Gheilleagar Oíche maoiniú €2.6m do thithe tábhairne, clubanna oíche, caiféanna agus áitribh cheadúnaithe/neamhcheadúnaithe oiriúnacha eile chun tacú le soláthar siamsaíochta le linn uaireanta seachbhuaice. Is é aidhm na scéime ná líon na ndaoine a théann isteach inár gcathracha, bailte agus sráidbhailte a mhéadú chomh maith le gigeanna táille a sholáthar d’ealaíontóirí agus tairiscint oíche níos ailtéarnaí, níos éagsúla agus níos cuimsithí a chur ar fáil do chustaiméirí.
Tacaíonn an tionscnamh seo le dhá mholadh i dTuarascáil an Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche, https://assets.gov.ie/198233/43608ada-27d4-4bb4-ad16-f1ea0f3ec1d0.pdf
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:
“Ba mhaith liom timpeallacht rathúil a chothú agus a fhorbairt san oíche inár gcathracha agus inár mbailte tuaithe. Tá sé mar aidhm ag an scéim seo daoine a mhealladh isteach chuig ár mbailte agus ár gcathracha níos déanaí sa tráthnóna agus san oíche trí raon gníomhaíochtaí cultúrtha a thairiscint, in ionaid éagsúla. Tabharfaidh sé tacaíocht freisin do ghnólachtaí chun imeachtaí a thriail le linn an chéad leath den tseachtain nuair a bhíonn sé níos ciúine de ghnáth d’fhonn tairiscint inbhuanaithe níos fadtéarmaí a fhorbairt sa Gheilleagar Oíche.”
Dúirt an tAire Martin:
“D’éist mé leis an earnáil freisin maidir leis an easpa ionad d’ealaíontóirí agus do thaibheoirí, go háirithe taibheoirí nua atá ag teacht chun cinn. Beidh sé mar aidhm ag an scéim seo na deiseanna sin a chur ar fáil do thaibheoirí nua, trí thacú leis na hionaid níos lú ar nós tithe tábhairne agus caiféanna chun gníomhaíochtaí cultúrtha nua a thriail agus na spásanna agus gigeanna táille sin a bhfuil géarghá leo a sholáthar d’ealaíontóirí.”
Tabharfar cuireadh d’iarratais faoi dhá snáithe ar leith:
• Snáithe A: Áitribh cheadúnaithe – tithe tábhairne, bialanna agus beáir fíona, clubanna oíche agus áitribh cheadúnaithe oiriúnacha eile a fheidhmíonn sa Gheilleagar Tráthnóna agus Oíche, ar mhaith leo triail a bhaint as sraith imeachtaí/gníomhaíochtaí cultúrtha (ceithre imeacht ar a laghad) le linn uaireanta seachbhuaice ón Luan go Déardaoin (gan an deireadh seachtaine san áireamh) ó 6 i.n. ar aghaidh.
• Snáithe B: Áitribh neamhcheadúnaithe – caiféanna, lena n-áirítear caiféanna a bhféadfadh a n-áitreabh a bheith acu in asraon miondíola, beáir gan alcól, gailearaithe áitiúla agus áitribh neamhcheadúnaithe oiriúnacha eile, ar mhaith leo triail a bhaint as sraith imeachtaí/gníomhaíochtaí cultúrtha (ceithre imeacht ar a laghad) níos déanaí sa tráthnóna nó oíche ó 6 i.n., agus gealltanas á thabhairt a bheith ar oscailt go 9 i.n. tráthnóna ar a laghad, ón Luan go Domhnach.
Caithfidh na himeachtaí siamsaíochta/cultúrtha a bheith rannpháirtíoch nó léiritheach agus is féidir na nithe seo a leanas a áireamh ach gan a bheith teoranta dóibh:
- Ceol beo, lena n-áirítear ceol, taibhiú leictreonach
- Oícheanta coiméide
- Damhsa léirithe nó imeacht rannpháirteach
- Oícheanta litríochta nó filíochta
- Léiriúcháin nó drámaí amharclainne
- Imeachtaí ceardaíochta
- Taispeántais ealaíne/grianghrafadóireachta
Forbraíodh an Scéim Tacaíochta um Gheilleagar Oíche i gcomhairle le hionadaithe ó earnáil an gheilleagair oíche.
Foilseofar na treoirlínte don Scéim ar an 21 Meitheamh 2022. Glacfar le hiarratais ar an scéim ó 1 i.n. ar an lá sin. Beidh an Scéim ar oscailt go dtí 1 i.n. Dé hAoine, an 22 Iúil 2022 nó go dtí go mbeidh an ciste ídithe, cibé acu is túisce a tharlóidh.
Beidh treoirlínte don scéim nua ar fáil anseo ar 1 i.n. inniu.
Is féidir iarratais a dhéanamh ar an scéim nua anseo from1pm today. ó 1 i.n. inniu.
Nótaí don Eagarthóir
Tacaíonn an tionscnamh seo le dhá mholadh i dTuarascáil an Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche, https://assets.gov.ie/198233/43608ada-27d4-4bb4-ad16-f1ea0f3ec1d0.pdf
- Gníomh 1: Scéim a chruthú i gcomhar le LVA agus VFI chun gigeanna táille a sholáthar d’ealaíontóirí agus siamsaíocht a chur ar fáil do chustaiméirí.
- Gníomh 12: Tuilleadh roghanna a fhorbairt do ghníomhaíochtaí saor ó alcól mar chuid den Gheilleagar Oíche. Forbrófar scéim cosúil le gníomh 1 chun tacú le caiféanna ar mhaith leo oscailt níos déanaí trí mhaoiniú a sholáthar le haghaidh siamsaíochta.