Fáilte curtha ag an Taoiseach Micheál Martin roimh réamhthorthaí Dhaonáireamh 2022
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is ócáid thábhachtach go bhfuil réamhthorthaí Dhaonáireamh 2022 foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh agus muid ag tosú ag féachaint ar an bhfaisnéis a bailíodh ar oíche an dhaonáirimh dhá sheachtain déag ó shin.
Fáiltím, go háirithe, roimh an nuacht go bhfuil daonra os cionn 5 milliún in Éirinn anois, an leibhéal is airde ar taifead in aon daonáireamh ón mbliain 1841, a léiríonn tairbhí an fhoráis eacnamaíochta agus fostaíochta le blianta beaga anuas.
Fáiltím roimh an deimhniú go bhfuil ardú tagtha ar an daonra i ngach cearn den tír, agus ardú tagtha ar dhaonra gach contae in Éirinn ó 2016, mar chuid d’ardú foriomlán nach mór 8% sa tréimhse sin.
Léiríonn sé sin an tábhacht a bhaineann leis go leanfadh an Rialtas d’infheistíocht a dhéanamh i seirbhísí poiblí a sholáthar agus i mbonneagar, cúram leanaí, tithíocht, sláinte agus oideachas, chun coinneáil leis an bhfás seo sa daonra.
Léiríonn figiúirí an lae inniu go bhfuil líon na dtithe méadaithe faoi 6% ón mbliain 2016, ar tháinig méadú níos lú ná 1% air sna 5 bliain roimhe sin.
Cé go bhfuil méadú tagtha ar líon na dtithe, is léir go gcaithfimid tuilleadh tithe a thógáil a luaithe is féidir, agus cuirfidh an Plean Tithíocht do Chách leis an aschur tithíochta sna cúpla bliain amach romhainn.
Tá i bhfad níos mó i gceist leis an daonáireamh ná beart comhairimh simplí, tugann sé an fhaisnéis dúinn atá ríthábhachtach i leith pleanála agus i leith seirbhísí poiblí a sholáthar, maidir leis na háiteanna ar cheart dúinn tithe a thógáil, an chaoi a ndéanaimid toghcheantair na tíre a shocrú.
Trí pháirt a ghlacadh sa daonáireamh, bhí daoine ag tacú lena bpobal, ag cinntiú de go ndéanfar na cinntí sin le léargas cruinn ar riachtanais gach pobail.
Cuirfidh an daonáireamh cuntas thar a bheith cuimsitheach ar fáil ar dhaonra na tíre agus táim ag súil le tuilleadh a fháil amach de réir mar a fhoilseoidh an Phríomh-Oifig Staidrimh tuilleadh eolais ón daonáireamh sna míonna amach romhainn.”
Críoch