Tugann an tAire O’Donovan eolas maidir le Measúnú Comhshaoil ar Scéim um Fhaoiseamh Tuile na Linne Duibhe (Abhainn na Bríde)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thug an tAire Stáit um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan TD, eolas maidir le measúnú comhshaoil ar Scéim um Fhaoiseamh Tuile na Linne Duibhe a faomhadh le déanaí; d’impigh sé orthusan atá ag cur in aghaidh scéime, atá de dhíth le fada an lá, athmhacnamh a dhéanamh ar a ndearcadh.
Dúirt an tAire gur thug foireann ildisciplíneach saineolaithe áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta an scéim seo chun cinn; tabharfar cosaint ar réadmhaoine ó thuiliú ar chaighdeán aitheanta idirnáisiúnta nuair a bheidh sé críochnaithe.
“Ó thús na Scéime, ghníomhaigh pobal na Linne Duibhe go forleathan leis an bpróiseas comhairliúcháin, rud a chinntigh go raibh eolas áitiúil agus riachtanais an phobail mar bhonn eolais le dearadh na scéime le hocht mbliana anuas. Tharla comhairliúchán forleathan mar chuid den Mheasúnú Tionchair Chomhshaoil, le hIascaigh Intíre Éireann, na Séadchomharthaí Náisiúnta agus an Seirbhís Náisiúnta Páirceanna agus Fiadhúlra.”
Cuimsíonn dearadh na scéime bearta suntasacha um maolú agus neartú comhshaoil mar fhreagra ar imní comhshaoil maidir le himirce madraí uisce. Breathnaíodh mórán réiteach dóchúil nuair a bhí an scéim á tabhairt chun cinn; is í an scéim atá ann anois an scéim is fearr a réitíonn leis an réimse iomlán critéar agus cuspóirí. Scrúdaíodh an rogha seo maidir le tionchair dhóchúla comhshaoil; ansin, mar chuid den phróiseas deimhnithe, déanadh measúnú neamhspleách orthu thar ceann an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
Cé gur cuireadh in aghaidh na scéime seo le déanaí, go háirithe acu san a raibh imní orthu maidir le tionchair dhóchúla ar mhadraí uisce, tá réimse bearta cuí um maolú i ndearadh na scéime cheana féin. Orthu san tá seilfeanna agus loganna sa rannán lintéireach, chomh maith le bearta neartaithe gnáthóga dírithe ar na madraí uisce suas an abhainn.
Aithníonn an tAire go bhfuil sé de cheart ag gach duine acomharc a dhéanamh faoi chinntí pleanála, ach dúirt sé:
“Impím orthu san atá ag féachaint chuig dúshlán a thabhairt maidir le faomhadh na scéime breathnú ar staid lucht cónaithe agus gnó sa cheantar seo; d’fhulaing siad tuilte, táid fós faoi phriacal inniu agus tá réiteach ar fáil dóibh anois chun deireadh a chur leis an léirscrios seo. Rachaidh an Scéim seo chun tairbhe 300 réadmhaoin agus gnó; ina measc tá lucht gnó a bhfuil a slí beatha i mbaol, go háirithe nuair nach féidir le cuid mhór díobh árachas a fháil mar gheall ar thuilte cheana féin sa phobal seo.”
Tá réimse bearta eile á moladh acu san atá ag cur in aghaidh na scéime. Tá sé tábhachtach a thuiscint gur breathnaíodh na bearta eile seo go mion nuair a bhí an scéim a forbairt. Is mar thoradh ar dhianphróiseas roghnaithe a tugadh an scéim seo chun cinn, mar an réiteach is fearr do phobal na Linne Duibhe, tar éis na srianta, tuairimí agus dearcaidh uile a mheá agus a chur san áireamh. Táthar ag súil gur féidir tosú ar an obair thógála go luath in 2022.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Cé gur príomhchuspóir an phróisis é forbairt na scéime, tá áthas orm a rá nach gcuirtear aon scéim chun cinn gan measúnú iomlán ar thionchair chomhshaoil na mbearta atá le feidhmiú. Tá áthas orm go bhfuil scéim againn anois chun pobal na Linne Duibhe a chosaint. Is toradh é seo ar mheasúnu forleathan comhshaoil, sular moladh an scéim um a fhaomhadh ag an bpróiseas neamhspleách sin.”
Um breis eolais déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland