Tugann an tAire O'Donovan cuairt ar Eastát an tSeandroichid agus Droichead Átha chun Geata San Labhrás agus láthair oibreacha faoisimh tuile a fheiceáil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu bhuail an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D., le comhghleacaithe Rialtais ag Teach an tSeandroichid, Droichead Átha, láthair stairiúil Chath na Bóinne. Baineann suntas domhain stairiúil agus polaitiúil leis an láthair seo in iliomad pobal ar fud oileán Éireann; chuardaigh an cruinniú ról an tsuímh oidhreachta seo, atá faoi chúram OPW, maidir le caidrimh Thuaidh-Theas. Tá Eastát an tSeandroichid páirteach i ngnóthaí Rialtais le blianta anuas agus tionóladh mórán imeachtaí ardleibhéil ann – mar shampla, Comhdháil Airí Airgeadais AE ‘Grúpa 6’, cuairt ó Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, agus cruinnithe le hAirí Thuaisceart Éireann.
Tá Teach an tSeandroichid suite ar 500 acra a chuimsíonn cuid mhór den láthair catha. Is ann atá ionad léirmhíniúcháin faoi Chath na Bóinne agus láthair an chatha. Tagann 400,000 cuairteoir gach bliain chun na tailte páirce. An tseachtain seo caite bhronn An Taisce Bratach Glas agus gradam Oidhreacht Glas ar an láthair, i bhfianaise na dtailte á gcothabháil ar bhealach atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil agus aitheantas ar shuntas staire na háite.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Is láthair cumhachtach cuimhneacháin in Éirinn an láthair oidhreachta álainn seo. Mar sin, tá sé á chaomhnú againn chun an comhrá a choimeád idir an seanaimsir agus an lá inniu. Bhain suntas ar leith leis an oscailt in 2008, ag Bertie Ahern, Taoiseach na linne agus Ian Paisley, a bhí ina Chéad-Aire ar Thuaisceart Éireann an tráth úd. Baineann suntas staire leis an áit seo i gcónaí agus féadfaidh ár bpobail teacht le cheile anseo san am atá romhainn.”
Ansin chuaigh an tAire O’Donovan go Droichead Átha, áit ar thug sé cuairt ar Gheata San Labhrás, an Geata Barbacain ón 13ú aois a bhí mar chuid de bhallaí an bhaile tráth. Déanann OPW cothabháil ar an Séadchomhartha Naisiúnta seo atá faoi chúram an Stáit agus ligtear rochtain faoi stiúir ann le linn ócáidí speisialta pobail mar an Fleadh Ceoil agus Féile na nEalaíon.
Bhuail an tAire ansin le hinnealtóirí agus oifigigh OPW agus Chomhairle Contae Lú ar an gCé Thuaidh, áit ar phlé siad an dul chun cinn ar Scéim Fhaoisimh Tuile Dhroichead Átha agus Bhaile Trá. I mí Mheán Fomhair d’fhógair an tAire O’Donovan gur ceapadh RPS Consulting Engineers Ltd mar Chomhairleoirí Innealtóireachta chun an scéim a dhearadh; tá sonraí ar fáil ins na pleananna um bainistiú priacal tuile ar www.floodinfo.ie .
Thug an tAire O’Donovan cuireadh do pháirtithe lasmhara áitiúla agus don phobal i gcoitinne gníomhú leis an bpróiseas comhairliúcháin agus an deis a thapú tionchar a imirt ar fhorbairt na scéime. Dúirt sé:
“Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfuil na bearta atá leagtha amach sa phlean um bainistiú priacal tuile cinnte ná críochnúil; mar chuid den mheasúnú ar leibhéal tionscadail is gá um ullmhú pleanála, tá measúnú mionsonraithe le déanamh ar leibhéal áitiúil. Mar sin, tá scóp um éisteacht le tuairimí an phobail agus tionchar a imirt ar na bearta a thabharfar chun cinn le feidhmiú.”
Fógrófar an próseas comhairliúchain phoiblí roimhré agus beidh dóthain ama ag cách gníomhú le forbairt na scéime.
Tá Scéim Fhaoisimh Tuile Dhroichead Átha agus Bhaile Trá á soláthar faoi Project Ireland 2040, mar atá infheistíocht Rialtais €1 bhilliún ar fhaoiseamh tuileins na deich mbliana atá romhainn. Cuimsíonn an scéim atá molta cruachosaintí, claíofoirt tuile agus ballaí ar feadh na Bóinne, cruachosaintí agus cainéal um aistriú srutha ar na fo-aibhne éagsúla, ardú ar bhóithre agus cosaintí uathoibríocha a ligfidh leanúint le hoibríochtaí an chalafoirt. Tabharfaidh sé cosaint do 183 maoin cónaithe agus 198 maoin tráchtála i nDroichead Átha agus 73 maoin i mBaile Trá, ar ócáid tuile le dóchúlacht 1% in aon bhliain ar leith (a thuigtear mar thuile 1-i-100-bliain).
Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works