Nuashonrú ar an gCibear-Ionsaí ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála ag leanúint de bheith ag soláthar tacaíochta do FSS maidir leis na córais atá thíos leis an gcibear-ionsaí a shainaithint agus chun gach córas a thabhairt ar ais ar líne.
Thug an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála faoi deara Déardaoin go ndearnadh iarracht cibear-ionsaí a dhéanamh ar an Roinn Sláinte. Tá an Roinn Sláinte tar éis a plean freagartha a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear roinnt feidhmeanna de chuid a córais TF a chur ar fionraí, mar bheart réamhchúraim. Tá an iarracht seo ar ionsaí go fóill á imscrúdú, ach tá comharthaí ann áfach gur ionsaí bogearraí éirice a bhí i gceist, cosúil leis an ionsaí a rinneadh ar FSS.
Ós rud é go bhfuil imscrúduithe ar an dá ionsaí go fóill sa siúl, ní féidir a thuilleadh a rá faoi nádúr na n-ionsaithe seo ag an tráth seo.
Tá LINCS ag tacú leis an Roinn Sláinte i dtaca lena freagairt ar an iarracht seo ar chibear-ionsaí, mar aon leis an nGarda Síochána, Oifig Phríomhoifigeach Faisnéise an Rialtais agus conraitheoirí tríú páirtí. Bhí LINCS ag oibriú leis an Roinn Sláinte agus le FSS d’fhonn sonraí teicniúla a fháil ar na bogearraí mailíseacha a úsáideadh sna teagmhais seo.
Tá LINCS tar éis comhairle phoiblí a eisiúint maidir leis an gcibear-ionsaí ar FSS mar aon le treoir ghinearálta maidir le hionsaithe bogearraí éirice. Tá an t-eolas seo ar fáil ar shuíomh gréasáin LINCS agus foilseofar nuashonruithe eile de réir mar a fhorbrófar an scéal.
Bhí foireann thiomnaithe laistigh de LINCS ag soláthar saintreorach freisin dá cuid comh-chomhlachtaí lena n-áirítear Ranna Rialtais agus gníomhaireachtaí agus oibreoirí seirbhísí riachtanacha maidir leis na bearta iomchuí is féidir a ghlacadh d’fhonn an baol a mhaolú i dtaca le teagmhais bogearraí mailíseacha ar na gréasáin acu amach anseo. Tá foireann LINCS i mbun teagmháil dhíreach inniu le hoibreoirí na seirbhísí riachtanacha agus leanfar den teagmháil seo sna laethanta atá romhainn.
Tá LINCS ag oibriú i bpáirt freisin leis an AE agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta eile d’fhonn faisnéis i dtaca leis an teagmhas seo a chomhroinnt agus lena chinntiú go mbíonn rochtain láithreach ag FSS ar chibearthacaíochtaí idirnáisiúnta.
Chuir LINCS an tAire Eamon Ryan agus an tAire Stáit Ossian Smyth ar an eolas faoin gcás níos luaithe inniu. Bhí an tAire Ryan i dteagmháil i gcaitheamh an deireadh seachtaine leis an Aire Donnelly, an tAire Humphries, leis an Taoiseach agus leis an Tánaiste, mar aon le Paul Reid, Príomhfheidhmeannach FSS.
Bogearraí Éirice
An Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála