Inné, inniu agus amárach; stair Theach an Chustaim á comóradh ins an Ionad Cuairteoirí nua
Ó Oifig Na nOibreacha Poiblí; An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Oifig Na nOibreacha Poiblí; An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Mí ó shin, ar 25 Bealtaine, comóradh céad bliain ón dóiteán ag Teach an Chustaim i gCogadh na Saoirse; cailleadh naonúr agus ba bheag nár scriosadh an foirgneamh cáiliúil ar ché thuaidh na Life. Inniu, tá Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag obair le chéile ar thionscadal caomhnaithe ag Ionad Cuairteoirí Theach an Chustaim; taispeánfar tuairiscí nuachta ó lá an dóiteáin ag nascadh leis an bhfoireann traseagraíochta tionscadail atá i mbun na hoibre faoi láthair. Tá athchóiriú ar Ionad Cuairteoirí Theach an Chustaim á dhéanamh i mbliana ag an dá Roinn le tacú ó Fáilte Ireland agus is tionscadal lárnach Decade of Centenaries é.
Lonnaigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta , Darragh O’Brien, T.D. na tafid, a roghnaíodh mar chomhartha ar an nasc idir inné, inniu agus amárach, ins an Ionad Cuairteoirí. Dúirt an tAire:
“Is pribhléid speisialta agam go bhfuilim lonnaithe mar Aire Rialtais anseo i dTeach an Chustaim, ceann de na foirgnimh is mó in Éirinn a bhfuil aithint air agus a bhfuil stair shaibhir ag baint leis. Táimid go léir ag súil le fada leis an Ionad Cuairteoirí nua a oscailt níos déanaí i mbliana.
Beidh deis ag an bpobal iontas a dhéanamh de mhórshaothar ailtireachta James Gandon, agus eolas a chur ar ghné suntasach staire, mionchuntas ar dhóiteán 1921 Theach an Chustaim, ceann de lárphointí Chogadh na Saoirse. Beidh an oscailt seo i mbliana an-suntasach do Thuaisceart na Cathrach agus ina láthair spéisiúil do chuairteoirí.”
I ndiaidh an dóiteáin, idir 1926 agus 1929, dhein Oifig na nOibreacha Poiblí athchóiriú ar an bhfoirgneamh, an díon agus an cruinneachán ícónach san áireamh. Chomh maith leis an obair leanúnach chaomhnaithe laistigh agus lasmuigh, chinntigh sé seo go mairfeadh Teach an Chustaim mar chuid dár n-oidhreacht go ceann i bhfad.
Mhol an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D. an saothar a dhein Seirbhísí Caomhnaithe OPW; dúirt sé:
“Is sampla é an Ionad Cuairteoirí den ailtireacht nuachlasaiceach is fearr san Eoraip agus leis an athoscailt beidh an spás iontach seo ar fáil arís don phobal. Dhein foireann deartha OPW, faoi cheannas Seirbhísí Caomhnaithe, an tionscadal athchóirithe a chomhordú. Tá foireann treoraithe OPW ag súil le stair shaibhir an fhoirgnimh seo a roinnt le cuairteoirí agus iad a thabhairt ar thuras thar na blianta ó tógadh an foirgneamh agus ar aghaidh trí Chogadh na Saoirse. Bhí lucht staire, ealaíne agus ailtireachta páirteach i gcruthú na dtaispeántas agus na léirmhíniúchán. Tá binse oibre James Gandon le feiceáil, chomh maith le taispeántais closamhairc a léiríonn stair an dóiteáin céad bliain ó shin.”
-CRÍOCH-